Athbhliain faoi mhaise daoibh a chairde.

Táim tar éis roinnt fiosruithe a fháil ó chairde agus ó thacadóirí ag fiosrú an mbeidh mé ag seasamh d’Uachtaránacht Chonradh na Gaeilge.

Is mór an onóir dom go gceapann daoine áirithe go mbeinn maith i ról Uachtaránachta an Chonartha, ceann de na rólanna is tábhachtaí i bpobal na Gaeilge.

Aithním tábhacht an ról úd agus an ualach oibre a bheadh i gceist le feidhmiú mar Uachtarán éifeachtach an Chonartha.

Ar an drochuair ag an am seo i mo shaol ní fhéadfainn go praiticiúil an coimitmint cuí a thabhairt don toghchán Uachtaránachta nó d’Uachtaránacht Chonradh na Gaeilge dá mba rud é gur éirigh liom tacaíocht tromlach na mball a fháil.

Tara & Aoibh

Nílim ag seasamh i mbliana mar gheall ar chúinsí pearsanta go príomha. Tá iníon nua againn agus tá sé tábhachtach dom bheith ann di agus do mo bhean céile Tara chomh fada agus is féidir ag an am cinniúnach seo. An bhfuil aon rud níos tábhachtaí do thodhchaí na teanga ná teaghlaigh bríomhara Gaelacha a chothú?

Leanfaidh mé orm ag gníomhaireacht go deonach ar son na Gaeilge laistigh den Chonradh agus go gairmiúil le FNT.

Guím gach ráth ar iarrthóir(í) toghchán Uachtaránacht Chonradh na Gaeilge na bliana seo agus don Uachtarán nua cibé hé nó hí sin.

Ba bhreá liom ag staid éigin amach anseo tabhairt faoi dhúshlán Uachtaránacht Chonradh na Gaeilge chun an eagraíocht s’againn a spreagadh, a athrú agus a láidriú ar leas na Gaeilge agus ar leas pobal na Gaeilge agus na Gaeltacht ach sin scéal le haghaidh lá eile.

Gabhaim buíochas daoibh as na beannachtaí go léir atá faighte agam go dtí seo.

Beir Bua!

Seán

Baill de Lárchoiste RITH tar éis teachtaireacht an Uachtaráin a bhailiú do bhaitín RITH 2010.

Dea-scéal tá RITH 2010 ainmnithe le dul san iomaíocht do Ghradam TG4 do sheirbhísí don Ghaeilge mar chuid de Ghradaim na hAislinge.

Tá iomaíocht tréan ag an bhféile reatha pobail ach le tacaíocht rannpháirtithe an fhéile agus tacadóirí atá ag tnúth leis an chéad RITH eile, RITH 2012 cuirfear troid mhaith isteach don Ghradam.

Ní thógfaidh sé ach cúpla soicind ort vótáil do RITH 2010 trí chliceáil ar an nasc seo.

Má tá cúpla nóiméad eile agat scaip nasc an bhlag seo ar do leathanach Twitter, Facebook nó trí ríomhphost chun breis daoine a spreagadh chun vótáil.

I láthair na huaire tá 41% den vóta ag RITH 2010 ach tá an iomaíocht ghéar go maith.

Baile Átha Cliath le Gaeilge

 

Tá sé déanach go maith ag teacht ach tá sé linn anois.

Déanaim tagairt de shuíomh idirlíon cuimsitheach nua d’imeachtaí Gaeilge sa Phríomhchathair. Ó seo amach léirítear láidreacht, fuinneamh agus fairsinge phobal na Gaeilge i mBaile Átha Cliath in áit amháin.

Más déagóir nó pinsinéir thú, múinteoir nó mac léinn, foghlaimeoir nó cainteoir dúchais beidh rud éigin anseo duit.

Téigh go dtí http://www.baclegaeilge.com le haghaidh na himeachtaí Gaeilge  is fearr i mBaile Átha Cliath.

Má tá imeacht Gaeilge agat atá fonn fógartha ort téigh go http://www.baclegaeilge.com

Má tá smaointe uait le haghaidh do cheantar féin téigh go http://www.baclegaeilge.com

Bhí cruinniú ag Guth na Gaeltachta i nGaoth Dobhair aréir.  Beidh tuairisc faoin chruinniú ar Nuacht TG4 anocht ag 7 a chlog.

Seo iad príomhphointí an chruinnithe:

1.  Cuireadh fáilte roimh Thuarascáil an Chomhchoiste Oireachtais faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus gabhadh buíochas leis an Chomhchoiste as an obair a rinne siad..  Tá gá le brú a chur ar an Rialtas glacadh leis na moltaí seo uilig agus iad a chur i bhfeidhm mar nach bhfanfaidh slánú na Gaeilge sa Ghaeltacht le cúrsaí eacnamaíochta domhanda.

“Is é tátal lom shuirbhé na ndaoine óga nach bhfuil ach idir 15 bliana agus scór blianta fágtha mar shaolré ag an nGaeilge mar theanga theaghlaigh agus phobail sa chuid is láidre den Ghaeltacht, is é sin le rá an chuid den Ghaeltacht a bhaineann le Catagóir A, mura féidir an patrún seo a chur ar mhalairt treo.” (SCT, 2007:27)

2.  Léiríodh imní láidir faoi Thuarascáil na Roinne Airgeadais ar Chaiteachas  Caipitiúil 2010-2016. Má ghlactar lena bhfuil molta beidh deireadh go praiticiúil leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta agus le hÚdarás na Gaeltachta faoi 2016 agus muid ag comóradh 100 Bliain Éirí Amach 1916.  Tá gá le feachtas láidir stocaireachta le cur in aghaidh na tuarascála seo.

3.  Beidh Guth na Gaeltachta ag leanstan ar aghaidh ag stocaireacht go láidir go nglacfaidh le moltaí an Chomhchoiste Oireachtais agus nach nglacfar le moltaí na Roinne Airgeadais.

Rinneadh athdheimhniú ar pholasaí ainmniúcháin scéimeanna tithíochta agus scéimeanna ilchineálacha nua bunaithe ar stair áitiúil, ar an mbéaloideas, agus / nó ar logainmneacha ach an ainm bheith sonraithe as Gaeilge.

Vótáil tromlach na gcomhairleoirí ó chuile pháirtí i gcoinne rún ón gComhairleoir Dermot Lacey (L. O.) a mhol “and English” a chur ag deireadh an pholasaí reatha, rud a mhaolódh tábhacht oideachais agus cultúrtha (maraon le brí) an rún féin.

Leag Críona Ní Dhálaigh (SF) rún síos ag maíomh nach n-athrófaí an polasaí reatha agus nach nglacfaí leis an méid a bhí molta ag Lacey (agus bainisteoir na Comhairle). Vótáil an tromlach céanna do rún Ní Dhálaigh.

Tharla seo mar gheall ar fheachtas láidir stocaireachta eagraithe ag Conradh na Gaeilge sa phríomhchathair inár úsáid baill Chonradh na Gaeilge agus cairde na Gaeilge nach iad an líonra sóisialta Facebook, ríomhphoist agus téacsanna (ar líne) chun a dtuairim a chur os comhair 61 Comhairleoir Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus chun nuashonraithe a scaipeadh i measc an phobail ar cé hiad na comhairleoirí a bhí ag fógairt a dtacaíocht don pholasaí reatha.

Is bua cinniúnach í seo don Ghaeilge, bua athdheimhnithe agus tá taithí anois faighte ar bhreis Gaeil agus cairde na Gaeilge ar stocaireacht ar son na cúise.

Coinnigí bhur súile amach le haghaidh feachtais eile amach anseo!

Is féidir leat breathnú ar an díospóireacht agus an vóta féin anseo (téigh go 7.1.5.2 timpeall 1:24)

DVD eolais faoin ngaelscolaíocht.

Sna sála ar dhrochthorthaí gaelscoileanna áirithe sna 6 Chontae a clúdaíodh sa bhlag seo cúpla seachtaine ó shin léiríonn torthaí nua ón Roinn Oideachais ansin go bhfuil gaelscoileanna ar an iomlán sna 6 Chontae ag saothrú torthaí níos airde sa Bhéarla agus sa Mhatamaitice ná scoileanna Béarla.

Ní soiléir ón scéal atá clúdaithe ag an Daily Mirror an de dheasca drochthorthaí na scoileanna Béarla is cúis leis seo nó buntáiste breise an dátheangachais sonraithe go minic i dtaighde agus scaipthe ag eagrais gaelscolaíochta le blianta beaga anuas.

San fhísean léirítear scéal d’fhorbairt uaillmhianach an Droichid (atá anois cláraithe mar chraobh de Chonradh na Gaeilge ó chruinniú an Choiste Gnó ag an deireadh seachtaine – céad míle fáilte!) le 40 spás tithíochta i bhfoirm arásáin a thógáil agus a sholáthar d’Ollscoil na Banríona mar Scéim Cónaithe Gaeilge do mhic léinn na hOllscoile.

Guím muid gach ráth orthu, agus tá súil agam go mbeidh turais ar siúl idir lucht cónaithe na Scéime sin agus an Scéim Cónaithe atá lucht OCBÁC ag feachtasaíocht ar a son le tamaill anois.