Seán Ó hAdhmaill ciorcalaithe ag Coiste 09/10 de Chumann Gaelach Coláiste na Tríonóide

Tar éis oibre agus sula raibh greim bia ite agam thaisteal mé isteach go hinstitiúid stairiúil i lár Chathair Bhaile Átha Cliath. Institiúid stairiúil é Coláiste na Tríonóide atá á ghaelú go mall ach go leanúnach de réir a chéile ag an gCumann Gaelach, ag Oifig na Gaeilge agus ag Roinn na Gaeilge sa Choláiste.  Tugadh cuireadh dom labhairt mar aoí speisialta na hoíche ag Cruinniú Cinn Bhliana Choláiste na Tríonóide agus bhí sé d’ónóir agam glacadh leis an gcuireadh agus bliain rathúil an Chumainn a cheiliúradh leo.

Seán Ó hAdhmaill le roinnt baill de Chumann Gaelach Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath

Ansin ar aghaidh go dtí An Fhéile Ceilteach de chuid m’iarChumann Gaelach féin in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Bhí an t-imeacht ar siúl sa Mont Clare i lár na príomhcathrach i mbliana agus beir leo bhí na sluaite ann. Cé go raibh coiste agus coistí roimhe seo comhdhéanta de mhic-léinn Fiontar den chuid is mó tá pleananna uaillmhianacha ag an gCoiste fás agus tionchar a imirt ar mhórphobal Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath amach anseo.

Andy Ó Faoláin, Seán Ó hAdhmaill, Tríona Ní Mhurchú agus Eoghan Ó Murchadha ó Chumann Gaelach agus Cumann Litríochta Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath.

Gabhaim buíochas le Tríona agus na leaids ó Choláiste na hOllscoile, B.Á.C. as fáilte mhór a chur romham ag Bál na Gaeilge in Óstán Bewleys, imeacht den scoth a bhí eagraithe acu tar éis bliain gnóthach. Tá trí chumann Ghaelacha (An Cumann Gaelach, An Cumann Litríochta agus An Cumann Drámaíochta) acu anois sa choláiste agus neart imeachtaí acu go léir. An ceann is spéisiúla dom féin ná No Béarla, imeacht dírithe ar mhic léinn na hOllscoile a spreagadh le bheith ag labhairt as Gaeilge amháin ar fud an champais ar feadh lae, mar sprioc tanáisteach bhailigh siad na mílte Euro le haghaidh  carthanachtaí éagsúla.

Tara, mo bhean chéile agus mo chrann taca

Ba mhian liom buíochas ó chroí a ghabháil le mo bhean chéile Tara a thaisteal fud fad na cathrach liom aréir (agus í torrach lenár bpáiste! 🙂 ) agus a thóg na grianghraif thuas.  Is crann taca í dom agus is mór dom an tacaíocht atá sí ag tabhairt dom go leanúnach le linn an fheachtais toghchánaíochta seo.