Mé féin agus Fionnbarra Ó Brolcháin - aoí-chainteoir na hArd-Fheise anuraidh.

Dar leis an tuairisc is déanaí de chuid an ESRI inné tá muid an-ghar do dheireadh an chúlú eacnamaíochta (go teicniúil), cé nach ionann seo agus feabhas ar chúrsaí don ghnáth-dhuine dífhostaithe nó do ghnólachtaí beaga ag braith ar iasachtaí óna mbanc, nó oibrithe poiblí ag streachailt i gcoinne chiorruithe pá agus seirbhíse.

Nuair a thógtar é seo san áireamh leis an suirbhé is déanaí ó 700 gnólacht de chuid Chomhlachas Ghnóthas Beag agus Meánmhéide na hÉireann go bhfuil an rialtas dírithe ar infheistíocht dhíreach eachtrach, léirítear go bhfuil deis agus riachtanas againn anois smaoineamh ar chuma an Geilleagar Nua-Cheilteach.

Mar sin de, cén fáth nach ndéanfaidh muid sin? Cén fáth nach dtosaíonn muid nó go bhforbróidh muid an dioscúrsa reatha chun an cineál geilleagair agus tíre freisin ba mhian linn dár dtodhchaí agus do thodhchaí na chéad ghlúine eile.

Labhair Fionnbarra Ó Brolcháin ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge anuraidh in Aonach Urmhumhan faoi ról na Gaeilge (inár dhírigh sé isteach ar ról féideartha Chonradh na Gaeilge) in Athbheochan Gheilleagar na hÉireann.

Leabhar ar an nasc idir ár gCultúr agus an buntáiste iomaíoch inmharthana

Is comhúdar é Ó Brolcháin ar an leabhar údarásach ar an nGeilleagar, ‘Capitalising on Culture, Competing on Difference’ (Bradley, F. & Kennelly, James J., 2009).

Dúirt an tOllamh Fionnbarra Ó Brolcháin: “Ní leor acmhainní inláimhsithe mar airgead agus teicneolaíocht amháin chun muid a tharrtháil ón gcúlú eacnamaíochta seo: braitheann buntáiste iomaíoch inbhuanaithe na hÉireann ar a bheith éagsúil, ar a bheith uathúil.”

“I sochaí atá níos domhandaithe ná riamh, níl gné níos uathúla ná níos éagsúla dínn ná ár dteanga dhúchais; an teanga dhúchais a dhéanann muid a shainiú mar phobal nuálaíoch ar leith, mar phobal féinmhuiníneach ar leith – pobal nach bhfuil a leithéid ar fáil aon áit eile – agus ar an mbonn sin is fearr is féidir fiontraíocht agus buntáiste iomaíoch a chothú in Éirinn sa ré nuálaíoch.”

Dúirt an tOllamh Fionnbarra Ó Brolcháin go dtugann beartais a aithníonn nádúr agus mothúcháin na sochaí – an dúchas a thiomáineann cúrsaí gnó na tíre – buntáiste iomaíoch inathraithe do thír i ré na nuálaíochta, agus go bhfuil ról tábhachtach ag Conradh na Gaeilge maidir leis an teanga a chur i gcroílár na mbeartas nua seo agus forbairtí fiúntacha eacnamaíochta a chothú astu.”

Conradh na Gaeilge

Chuige sin, molaim go n-ardaíonn muid creidiúint Chonradh na Gaeilge i réimse an ghnó trí choiste comhairleach le saineolas gnó a bhunú comhdhéanta de fhiontraithe agus de dhaoine eile le taithí ghnó. Bheadh sé mar aidhm ag an gcoiste comhairleach seo moltaí for-rochtana ar an lucht gnó a chur os comhair Coiste Gnó an Chonartha, comhairle agus tacaíocht a thabhairt d’fhiontraithe le Gaeilge, mar is cuí, agus a ndearcadh a thabhairt ar pholasaí geilleagrach.

Go gcuirfidh Conradh na Gaeilge (agus mar atá ráite thuas baill an choiste comhairleach seo) tacaíocht a chur ar fáil le fiontraíocht trí Ghaeilge a chothú. D’fhéadfaidh seo bheith i bhfoirm meantóireachta, comhairle, deiseanna líonraithe, nó úsáid a bhaint as spás in árais an Chonartha le cead struchtúir áitiúla an Chonartha.

pacáistiú dátheangach

I dtaobh an Ghaeilge a chur i lár an aonaigh, smaoineamh ar feadh nóiméad dá mbeadh Gaeilge le feiceáil go sonrach ar phacáistiú chuile earra agus táirge díolta agus ceannaithe in Éirinn agus an tionchar a bheadh aige sin ar mheon an lucht ghnó agus pobal na hÉireann i gcoitinne.

‘Sé mo thuairim gur beag poist déantúsaíochta (seachas déantúsaíocht bia ar bhonn áitiúil) inmharthana sa ré nua digiteach. Aontaím le Ó Brolcháin gurb iad an daonnacht agus seirbhísí atá ag teastáil anois.   An rud is tábhachtaí dúinn mar thír ná a aithint cá bhfuil ár láidreachtaí, ár luachmhaireacht, an saibhreas áitiúil, an tsócmhainn is gainne in áiteanna eile i margaí an domhain.

Dar le Ó Brolcháin, “I ré seo an domhandaithe, is tábhachtaí ná riamh ionad na háite in aice leat. Beidh orainn brath níos mó feasta ar na fórsaí dúchais, ar an áitiúlacht, amach anseo.

Pacáistiú Dhátheangach

Bhí páirt fhíor-bheag agam leis an gcás cúirte maidir leis na fógraí sláinte dhátheangacha ar phacáistiú tobac cúpla bliana ó shin. Fuair mé samplaí de bhoscaí toitíní ó chairde liom lonnaithe i dtíortha éagsúla sa Aontas Eorpach le léiriú go raibh amhlaidh ag tarlú i dtíortha eile.

Is buntáiste mór agus is laige mór é an tslí a bhfeiceann muid ar shamplaí idirnáisiúnta sula nglacann muid cinneadh. Is buntáiste é sa chuí nárbh fhiú an botún céanna a dhéanamh atá déanta ag dream eile agus gur fiú dea-chleachtas idirnáisiúnta a leanúint. É sin ráite, is laige é sa chuí nach mbíonn muid sách muiníneach ár ndóthain uaireanta chun cinntí a dhéanamh bunaithe ar ár dtaithí féin agus ar ár dtuiscint féin ar an domhan, cinntí a bheadh oiriúnach d’ár suíomh áitiúil/náisiúnta féin.