Thug mé cuairt ar Ghaeilge Locha Riach agus thaispeáin Pádraig Ó Baoill, Oifigeach Forbartha Gaeilge Locha Riach oifig na heagraíochta dom agus cúl an tí atá lonnaithe ar phríomhsháid Bhaile Locha Riach. Deir Ó Baoill, go dtuigeann an pobal go bhfuil ár ndoras i gcónaí ar oscailt.

Sa ghrianghraf thuas feictear na duaiseanna Ghlór na nGael ar fad atá buaite acu thar na blianta trí bheith sáite sa phobal. Eagraíonn Gaeilge Locha Riach, club leabhar, Féile Raiftéirí, Féile Lá Fhéile Pádraig agus d’eagraigh siad Féile Bia oirthear na Gailllimhe anuraidh (beidh sé ann arís i mbliana).

Deir Ó Baoill, “rud ar bith nua atá á fhorbairt sa phobal tagann daoine chugainn ar lorg cuidithe chun é a eagrú.”

Breis faoi seo níos déanaí. Ar aghaidh liom anois go dtí Gaelscoil Riada i mBaile Átha an Rí.