Gá le gníomhú sna Gaeltachtaí

Tá an-spéis agam go bhforbrófaí saincheisteanna na Gaeltachta ina gceisteanna náisiúnta. Dar liom is é an Conradh an modh is éifeachtaí chuige seo ó tharla láithreacht náisiúnta na heagraíochta agus í fréamhaithe sna pobail ina bhfeidhmíonn sí. Chuige seo, thaisteal mé go dtí an chéad chruinniú de chuid Ghuth na Gaeltachta i nGaoth Dobhair anuraidh chun tacaíocht conraitheoirí Bhaile Átha Cliath a léiriú dóibh. Bhí baill Chonradh na Gaeilge gníomhach ag déanamh stocaireachta fud fad na tíre ar éilimh Ghuth na Gaeltachta agus leanfaidh muid ag seasamh le pobal na Gaeltachta.

Tá an-obair curtha isteach ag Fochoiste Gaeltachta an Chonartha (tá an-mheas agam ar obair na bhfochoistí [deonacha agus sainiúla]) agus iad ag ullmhú cáipéise dírithe ar riachtanais na Gaeilge sa Ghaeltacht agus tosaíochtaí agus ról an Chonartha.

Is iad Brian Ó Baoill, Peadar Mac Fhlannchadha, Seán Ó Drisceoil, Caibríní de Barra, Máire Nic Niallais agus Bríd Ní Chofaigh baill an fhochoiste a chuir an cháipéis le chéile. Molaim go hard iad as an gcáipéis a ullmhú.

Buacphointí na cáipéise a rachaidh os comhair na hArd-Fheise ag an deireadh seachtaine ná:

  • (Stocaireacht le haghaidh) infheistíocht dírithe ar chruthú poist atá teanga-lárnaithe.
  • Ionaid tacaíochtaí teaghlaigh do thuismitheoirí atá ag tógáil clainne trí Ghaeilge.
  • Struchtúr tacaíochta de dhíth go práinneach do pháistí Gaeltachta atá ina gcainteoirí dúchais.
  • Coláistí Oiliúna a lonnú sna Gaeltachtaí agus oiliúint a chur ar mhúinteoirí faoi shealbhú na dara teanga.
  • Iris mhíosúil Ghaeilge dírithe ar dhéagóirí.
  • An Chéad Chath d’Arm na hÉireann ar an Rinn Mhór i nGaillimh a chur ag feidhmiú  arís go hiomlán trí Ghaeilge.

Ciarán Mac Fhearghusa, iarrthóir do Choiste Gnó 2010-11

Táim tar éis roinnt plé a dhéanamh le Ciarán Mac Fhearghusa, comhghleacaí liom atá ag déanamh MA sa Phleanáil Teanga sa Cheathrú Rua le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh; le hionadaithe áirithe ó COGG agus go hindíreach trí Mhac Fhearghusa leis an Dr. Conchúr Ó Giollagáin ar shaincheisteanna na Gaeltachta.

An príomhrud a tháinig ón bplé seo ná an gá le gníomhú ar mholtaí an Staidéir Chuimsithigh Theangeolaíoch agus ach go háirithe 3 phríomh-mholadh (tá an chéad dá cheann clúdaithe go pointe ag an bhfochoiste):

1. Straitéisí éagsúla don Chainteoir Dúchais agus don Fhoghlaimeoir a bheith leagtha síos go soiléir sa Straitéis 20 Bliain.

2. Tacaíocht do Shainriachtanais Theaghlaigh Ghaeltachta m.sh. Ionad Tacaíochta Teaghlaigh (mholfainn na hionaid seo mar thacaíocht do theaghlaigh Ghaelacha lasmuigh den Ghaeltacht chomh maith!).

3. Bunú Bhord Oideachais Ghaeltachta chun aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí  a bhaineann le feidhmiú an Chórais Oideachais sa Ghaeltacht de réir mar a léiríodh i dtaighde Sheosaimh Mhic Dhonnacha (2005) Staid Reatha na Scoileanna Gaeltachta. Is é sin nach bhfuil ag éirí leis na scoileanna Gaeltachta an sóisialú teanga trí Ghaeilge a chothú i measc  daoine óga. Ní mór an Córas Oideachais a fheidhmiú sa Ghaeltacht ar bhealach a leagann béim ar úsáid shóisialta na Gaeilge i measc na ndaltaí agus b’fhiú múnla den tumoideachas a fhorbairt don Ghaeltacht a bheadh airdeallach ar an meascán cúlra agus cumais atá anois ann ach a dhíreodh go príomha ar fhorás na ndaltaí mar chainteoirí cumasacha mionteanga.

Éamonn Mac Niallais

Bhí mé rannpháirteach i ndíospóireacht i gColáiste na Tríonóide eagraithe ag Peadar de Blúit, Craobh Chumann Gaelach Choláiste na Tríonóide ar an ngá le maoiniú stáit chun an Ghaeilge a chur cinn. Labhair mé féin, Daithí Mac Cárthaigh agus Éamonn Mac Niallais. Bhí Éamonn an-tógtha nuair a chuala sé go raibh mé ag seasamh don Uachtaránacht.

Léiríonn Éamonn Mac Niallais (ar bhonn pearsanta) a thacaíocht don fheachtas leis an teachtaireacht thíos,

“Guím gach ráth ort i do fheachtas toghchánaíochta d’Uachtaránacht an Chonartha.  Tá mé cinnte go mbeadh do fhuinneamh agus do chuid dhinimiciúlachta ina chuidiú mór don Chonradh agus é ag tabhairt aghaidh ar na dushláin mhóra atá romhainn mar phobal Gaeltachta agus Gaeilge.”

Brúfaidh muid níos faide ar aghaidh don Chonradh!

Go mbunófaí  Bord Oideachais don Ghaeltacht (BOdG! Haha trés drole) chun aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí a bhaineann le feidhmiú an Chórais Oideachais sa Ghaeltacht de réir mar a léiríodh i dtaighde Sheosaimh Mhic Dhonnacha (2005) Staid Reatha na Scoileanna Gaeltachta. Is é sin nach bhfuil ag éirí leis na scoileanna Gaeltachta an sóisialú teanga trí Ghaeilge a chothú i measc daoine óga. Ní mór an Córas Oideachais a fheidhmiú sa Ghaeltacht ar bhealach a leagann béim ar úsáid shóisialta na Gaeilge i measc na ndaltaí. B’fhiú múnla den tumoideachas a fhorbairt don Ghaeltacht a bheadh airdeallach ar an meascán cúlra agus cumais atá anois ann ach a dhíreodh go príomha ar fhorás na ndaltaí mar chainteoirí cumasacha mionteanga.