Lorraine Uí Bhroin, Sinéad Nic Giolla Chainnigh & mé féin

Thaisteal mé go Gaillimh inné chun bualaadh le roinnt craobhacha agus a dtuairimí a fháil ar obair reatha agus féideartha an Chonartha. Le linn na camchuairte seo ar Chontae agus ar chathair na Gaillimhe bhuail mé le Sinéad Nic Giolla Chainnigh, príomhoide Ghaelscoil Riada agus Lorraine  i mBaile Átha an Rí. An uair dheireanach a thug mé cuairt ar an scoil ba é an chéad turas oifigiúil dom chuig Gaelscoil mar Oifigeach Forbartha GAELSCOILEANNA TEO. Chuaigh mé mar ionadaí na heagraíochta, cé nach raibh baint agam (ach amháin i dtaobh thacaíocht riaracháin na hoifige) le bunú na scoile. An fhíor-obair ar an talamh bhí sé sin déanta ag an gCoiste Bunaithe agus Sinéad nuair a fostaíodh í le comhairle agus tacaíocht leanúnach ó Cholm Mac Eoin, iarOifigeach Forbartha GAELSCOILEANNA TEO. Chaith mé bliain ag feidhmiú mar Fheidhmeannach le GAELSCOILEANNA TEO. sula bhfuair mé post an Oifigigh Fhorbartha.

Rinne an Coiste Bunaithe DVD a d’úsáid mé go leor uair eile agus mé ag bualadh leis na Coistí Bunaithe ar chabhraigh mé féin leo agus iad ag díriú ar an bpróiseas bunaithe scoile.

An rud atá spéisiúil faoi Ghaelscoil Riada ná go bhfuil craobh cláraithe acu le Conradh na Gaeilge ina bhfuil Sinéad agus Lorraine gníomhach inti. Ar an drochuair ní bheidh siad i láthair ag an Ard-Fheis mar gheall ar chruinniú eile atá eagraithe ag Foras Pátrúnachta na Scoileanna Lán-Ghaeilge don deireadh seachtaine céanna lártíre.

Is dócha dá mbeadh níos mó daoine bainteach le scoilphobal na Gaelscoile/Gaelcholáiste meallta isteach sa Chonradh agus gníomhach inti ní bheadh amhlaidh ag tarlú, dúshlán eile romhainn is dócha.

Luaigh Sinéad liom go ndeachaigh ranganna 3-5 ón nGaelscoil thart timpeall ar na gnólachtaí áitiúla le póstaeir a bhí deartha acu le frásaí Gaeilge orthu agus chroch siad suas ar na gnólaíochtaí iad mar chuid de cheiliúradh Sheachtain na Gaeilge na scoile.

Gúna Geal, siopa éadaí & seodra fáilteach roimh an nGaeilge

Feictear tionchar na scoile ar roinnt de ghnólachtaí na háite, mar shampla, tháinig mé ar an siopa thuas i lár Bhaile Átha an Rí agus rinne fostaí sa siopa sár-iarracht cibé Gaeilge a bhí aici a labhairt liom. Bhí mé ag ceannach bronntanais bhig do Thara i ndiaidh di cur suas liom thar thréimhse an fheachtais! Níl an feachtas thart fós ach táimid beagnach ann.

Bhí cúpla moladh spéisiúil ag Sinéad agus Lorraine ar conas ar féidir linn comhthéacs na teanga a leathnú amach as na seomraí ranga.

Mhol siad go rachfadh Uachtarán Chonradh na Gaeilge i dteagmháil le ceannasaíocht an CLG i dtaobh pholasaí earcaíochta na n-Oifigeach Forbartha a fhostaíonn siad chun cinntiú go mbíonn Gaeilge fheidhmeach ag go leor díobh agus go gcuirfí iad siúd le cumas tairsí sa Ghaeilge a chur ag feidhmiú sna Gaelscoileanna agus sna scoileanna Gaeltachta, agus i gClubanna CLG le rannpháirtíocht ard ó na Gaelscoileanna/scoileanna Gaeltachta.

Mhol Daithí de Buitléir ón gCumann Gaelach in DCU liom roimhe seo gur chóir go mbeadh na Cúl Campaí a eagraíonn an Cumann Lúthchleas Gael i rith an tsamhraidh trí Ghaeilge. Ceapaim go bhfuil solúbthacht ann straitéis Gaelaithe an CLG a ullmhú, ag toiseach go beag agus ag leathnú amach de réir a chéile.

Moladh eile a bhí acu ná an gá le Plean Timireachta a chur i bhfeidhm le go bhféadfaí Timire Contae  a roinnt ar chúpla ceantar agus comhimeachtaí agus feachtais a eagrú idir grúpaí go réigiúnach. Sílim gur an-smaoineamh é seo agus ceann atá Conradh na Gaeilge a phleanáil le Comhluadar agus Glór na nGael le tamaill anois. An chonstaic is mó a fheicim ná teacht ar shruthanna ioncaim (poiblí nó príobháideacha) chun plean den chineál seo a mhaoiniú.

Sula n-éiríonn muid tógtha faoi chúrsaí maoinithe is gá cuimhneamh mar a mheabhraigh Sinéad go bhfuil “pobal le tógáil againn!”

Mar eolas, tá Craobh na nGael Óg lena bhfuil mé féin bainteach ag moladh rún ag an Ard-Fheis:

“Éilíonn an Ard-Fheis seo ar an Aire Oideachais agus Eolaíochta (Scileanna anois) i gcomhthéacs an Phlean 20 Bliain don Ghaeilge agus geallúint an Rialtais go leanfaí leis an tacaíocht do scoileanna Lán-Ghaeilge, go nglacfaí teanga na scoile molta san áireamh go dearfach mar chuid den phróiseas aitheantais do scoileanna nua.”

Go bunúsach ciallódh seo go nglacfaí an Ghaeilge mar theanga na scoile san áireamh go dearfach i dtaca le critéir an phróisis bunaithe scoile rud nár tharla roimhe seo agus a chinntigh bac ar bhunú gaelscoileanna le dhá bhliain anuas.

Is tosaíochtaí í seo agus agus tacaíocht phraiticiúil a ofráil do Ghaelscoil Ráth Tó dom. Tá Gaelscoil Ráth Tó, Co. na Mí atá ag oscailt i mbliana gan aitheantas toisc nach ligfidh tuismitheoirí agus pobal na Gaeilge d’éinne cosc a chur orainn scolaíocht lán-Ghaeilge a chur ar fáil d’ár bpáistí!

Brúfaidh muid níos faide ar aghaidh don Chonradh agus d’athbheochan na Gaeilge!