Mé féin agus Tara oíche Shathairn na hArd-Fheise

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leo siúd go léir (78 a vótáil ar mo shon) a thaisteal go Luimneach agus a thacaigh liom.

Mar eolas, seo thíos téacs na hóráide a thug mé maidin Shathairn na hArd-Fheise:

A Chonraitheoirí, a chairde,

Tá sibh thar a bheith maith ag muscailt chomh luath seo tar éis oíche chomh déanach agus do roinnt daoibh tar éis turas chomh fada.

Fáiltím roimh an deis seo chun labhairt libh, ceannródaithe na Gaeilge, baill Chonradh na Gaeilge, gach fear agus bean idir óg agus sean ag suí gualainn le gualainn anseo ar maidin. Áirím mé féin anois agus arís sa chatagóir sin “sean”, go háirithe agus mé ag spraoi sa pháirc le mo mhac! Níl sé anseo inniu ach tá ráite aige liom go bhfuil sé bródúil as a Dhaidí.

Tá mo bhean céile, Tara, mo chrann taca agus m’inspiorad le linn an fheachtais seo agus i bhfad roimhe, ag tnúth le lenár gcéad páiste le chéile. Gael óg eile ag teacht ar an tsaol.

Tosaím leis an t-eolas sin chun go gcuimhneoidh muid gur ghnáth dhaoine muid. Tusa, mise, sinne go léir. Is cuma cad as a dtagann muid más as Ciarraí nó Béal Feirste, Baile Átha Cliath nó Co. An Chláir, Dún Dealgan nó Corcaigh, Gaillimh nó Tiobráid, nó má tá an t-ádh leat le bheith i do chónaí i gcathair cois fharraige, Luimnigh ar bhruach na Sionainne!

Is daoine muid ar fad, daoine a fhaigheann tinn agus gortaithe, a éiríonn díspreagtha agus eaglach uaireanta. Níl aon rud níos eaglach ná an éiginnteacht, agus le blianta beaga anuas tá an domhain tar éis athrú agus tá an éiginnteacht chun tosaigh inár n-aigne.

Mar sin, tá muid ag bráth ar a chéile agus ar ár dtacaíochtaí pearsanta, ár gcairde, ár gclainne agus ár bpobal. Is ón tacaíocht sin a fhaigheann muid agus a ofrálann muid ar ais gan cheist agus mar ghnáth nós gaelach, is as sin a dtagann láidreacht na nGael.

Is as na gaolta a chothaíonn muid agus muid sáite in obair phobal, ag feidhmiú ar an talamh a thagann meas ar an eagraíocht stairiúil bhródúil seo. Is gá don obair seo bheith feiceálach agus éifeachtach. Is gá chomh maith go mbeadh an obair seo bunaithe ar fhís.

Is dul chun cinn tábhachtach í an straitéis 20 Bliain ach níl inti ach treoir dúinn agus muid ag feidhmiú go leanúnach sa phobal. Níl aon rialtas nó aon phlean reachtúil chun an Ghaeilge a athshlánú, ach obair fiúntach spreagúil i nach paróiste fud fad na tíre.

Tá sé tábhachtach don Chonradh go dtéann muid amach agus go mbuaileann muid le daoine ar an talamh chun go gceannóidh siad isteach ar ár bhfís.

Más í aidhm na heagraíochta seo, a chinntiú go mbeidh an Ghaeilge mar gnáth-theanga labhartha na tíre seo, beidh gá againn le heagraíocht i bhfad níos mó chun mórphobal na tíre seo a thabhairt linn.

Eagraíocht chomh mór agus mar a bhí i gConradh na Gaeilge breis agus céad bliain ó shin. Ní tharlóidh seo thar oíche ach ní tharlóidh sé riamh muna leagan muid síos spriocanna praiticiúla dúinn féin mar eagraíocht.

Mar sin déanfaidh mé geallúint libh agus ba mhian liom go ndéanfaidh sibh geallúint ar ais liom, go ndíreoidh muid le chéile ar a leanas sa bhliain amach romhainn.

  • Ardú 20% i mBallraíocht nua chun an Chonradh a neartú.
  • Ardú 20% sa Bhailiúchán náisiúnta chun an Chonartha a chothú.
  • Ardú 20% i Síntiús na nGael chun ioncaim leanúnach a thabhairt d’ár clár oibre a chur i gcrích.

Tá mo chuid tosaíochtaí feicthe agaibh agus tá mo thaifead ar eolas agaibh. Fágaim fúibh, na baill an cinneadh deiridh a dhéanamh.

Brúfaidh muid níos faide ar aghaidh don Chonradh!

CRÍOCH


Coiste Gnó Chonradh na Gaeilge

In ainneoin nach raibh tromlach na vótaí againn an uair seo, spreagann sé mé gur tháinig go leor de chraobhacha a thacaigh liom ar ais isteach chun deireadh chlár oibre na hArd-Fheise a chríochnú.

Léiríodh sin leis an meascán maith atá againn ar an gCoiste i mbliana:

Peadar de Blúit, Seán Ó hAdhmaill, Cóilín Ó Cearbhaill, Ruadhán Mac Aodháin, P T Mac Ruairí, Eoghan Mac Cormaic, Jacqueline Uí Mhuirí, Seán Ó Drisceoil, Lochlainn Ó Catháin, Máire Ní Laoire & Celine Ní Chóchlaigh.

Ionadaithe na mBall Aonair: Caithnia Ó Muircheartaigh & Mícheál Ó Ruairc

Comhthoghfar triúr eile ón mballraíocht ghinearálta ag an gcéad chruinniú den Choiste Gnó i mí Bealtaine.

Dar le Bunreacht an Chonartha is féidir le gach Coiste Contae agus gach Dáil Chúige (struchtúr réigiúnach an Chonartha) ionadaí a chur ar an gCoiste Gnó.

Chomh maith leis sin bíonn ionadaí amháin ó chuile eagraíocht faoi scáth- Chonradh na Gaeilge ar an gCoiste Gnó: Seachtain na Gaeilge, Oireachtas na Gaeilge, Ógras agus Coimisiún le Rincí Gaelacha.

Ceannáras Chonradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, B.Á.C.

Rannpháirtíocht sa Chonradh

Le linn an fheachtais bunaíodh grúpa Facebook inár chláraigh 233 (mura n-áirím mé féin) duine leis an ngrúpa.

Roinnt díobh seo tá siad gníomhach cheana i gcraobhacha de Chonradh na Gaeilge ach go leor eile níl siad cláraithe mar bhaill den Chonradh.

Tá sé tábhachtach mar sin nach gcaillfí an deis an spéis nua seo sa Chonradh a thiontú isteach i mballraíocht mhéadaithe agus níos gníomhaí.

Mar sin, iarraim féin ar éinne nach bhfuil ballraíocht acu le Conradh na Gaeilge an deis seo a thapú agus ballraíocht a thógáil le príomheagraíocht dheonach na Gaeilge, bíodh sin trí chlárú i gcraobh reatha i do cheantar, trí chraobh a bhunú leat féin agus le do chomhleacaithe nó trí bhallraíocht aonair a ghlacadh leis an gConradh.

Brúfaidh muid níos faide ar aghaidh don Chonradh!