Brian Hayes, Urlabhraí Oideachais Fine Gael

Tá an tuairisc ar dhíolúine na Gaeilge do dhaltaí iarbhunscoile atá fós ag foghlaim teangacha eile agus ráiteas Brian Hayes ina leith tar éis an díospóireacht athchothú lena ráiteas i gcoinne éigeantacht na Gaeilge go dtí an Ard-teist agus tá an dioscúrsa níos leithne faoi thábhacht agus múineadh na Gaeilge agus teangacha i gcoitinne sa chóras oideachais sna 26 Co. athchothaithe sna meáin dá bharr chomh maith.

Seo a leanas roinnt de na hailt agus litreacha a fhoilsíodh sna nuachtáin le déanaí ar an ábhar.

Comhar na Múinteoirí Gaeilge: Díolúine ón nGaeilge ina hábhar imní do mhúinteoirí, 20 Aibreán

Irish Times: Status of Irish in Schools

Mo litir féin, 20 Aibreán

Litir Cormac McMahon, 17 Aibreán

Irish Times:Language Gap is Latest Threat to Jobs, 20 Aibreán

Sunday Times: Gaeilge dodgers lose out with star, 18 Aibreán

Sunday Independent: Rewards of Learning Irish, litir Éanna Ó Ceallaigh, 18 Aibreán

Sunday Business Post: Schools have Failed Irish, litir Maurice O’Connell, 18 Aibreán

Tá an t-uafás lochtanna leis an chóras oideachais mar atá i dtaca le múineadh na Gaeilge ach ceann de na modhanna chun feabhas a chur leis seo ná le cúrsa comhtháite Gaeilge cosúil le Séideán Sí.

Tuigtear dom tar éis bheith ag plé le COGG ar an gceist seo go bhfuil spéis ag an Roinn Oideachais agus Scileanna Séideán Sí a úsáid le haghaidh na scoileanna náisiúnta.

Ar an drochuair cuir amú ama na múinteoirí agus na páistí scoile sin gan trácht ar chur amú airgid an cháiníocóra a bheadh i gceist leis an iarracht seo airgead a shábháil sa ghearrthéarma. Ní oireann Séideán Sí do dhaltaí nach dtosaíonn ag foghlaim conas léamh as Gaeilge go dtí Rang 2.

Curaclam Ar Líne

Seo a leanas a deir an churaclam faoi léitheoireacht na Gaeilge i ngaelscoileanna agus i scoileanna náisiúnta sna 26 Co.

Curaclam na Gaeilge: Léitheoireacht

“Déantar forbairt chórasach ar scileanna na réamhléitheoireachta i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge ag tosú i ranganna na naíonán. Ba cheart i gcónaí fanacht go mbíonn an páiste réidh don léitheoireacht agus bunús maith faoina c(h)umas cainte. Sa tréimhse ullmhúcháin treiseofar scileanna labhartha an pháiste. Éistfidh an páiste leis an múinteoir ag léamh os ard as leabhair oiriúnacha thaitneamhacha, agus ar an mbealach sin cothófar dúil sa léitheoireacht ann/inti. Is féidir leabhair scéalaíochta agus téacsanna simplí Gaeilge, mar shampla lipéid aitheantais, a bheith ar taispeáint sa seomra ranga. De ghnáth ní thosófar ar léitheoireacht na Gaeilge go foirmiúil roimh rang 2 i scoileanna T2. Faoin am sin beidh bunús maith ag an bpáiste i léitheoireacht an Bhéarla agus b’fhéidir go dtarlódh méid áirithe den traschur scileanna.

Cuirtear béim sna scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge ó thosach agus i scoileanna T2 ó na meánranganna ar aghaidh ar scileanna léitheoireachta níos airde…”.

Is gá mar sin cúrsa comhtháite Gaeilge oiriúnach do pháistí i scoileanna náisiúnta a fhorbairt agus tuigtear dom go bhfuil “an teicneolaíocht a fhorbairt” do chúrsa mar seo.

Pat Carey Aire nua Gaeltachta ag labhairt ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2010.

Is dea-scéal é chomh maith go bhfuil moltaí Chonradh na Gaeilge i leith páirt-tumadh sna scoileanna náisiúnta tugtha san áireamh sa dréacht-straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus go bhfuil an tAire nua, Pat Carey ina bhfuil feidhmiú na Straitéise mar dhualgas air tiomanta an Straitéis a fheidhmiú. Ag freagairt ceiste de mo chuidse ag an Ard-Fheis (Chonradh na Gaeilge) dhearbhaigh sé gur sprioc pearsanta do féin tús a chur le feidhmiú na Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge le linn an dhá bhliain amach romhainn. Chomh maith, tacaítear ann le Gaeilge sa chóras oideachais (Gaeilge éigeantach) go dtí leibhéal na hArdteiste mar pholasaí Stáit mar a rinneadh sa Ráiteas Rialtais i dtaobh na Gaeilge, Nollaig 2006.


Deir an dréacht-straitéis a leanas (Lth 17):

Páirt-Tumadh: naíonáin

Tá sé i gceist, chomh luath agus is féidir i gCéim II (Blianta 4-15 (2013-25): Céim Fheidhmithe II) dul go dtí an staid ina dtairgfear páirt-tumadh sa Ghaeilge do gach leanbh. Déanfar é sin a fheidhmiú ar bhonn céimnitheach ag teacht leis an dul chun cinn a dhéanfar ó thaobh inniúlachtaí múinteoirí a neartú sa réimse sin trí chlár cuimsitheach infheistíochta d’fhorbairt ghairmiúil do mhúinteoirí.

D’fhéadfaí sin a sheachadadh trí roinnt ábhair phríomhshrutha a theagasc trí Ghaeilge i ranganna na naíonán agus mar chomhlánú air sin dhéanfaí ullmhú i gCéim II ar chláir ábhar a theagasc trí Ghaeilge sna blianta láir agus sna hardbhlianta  sa bhunscoil.  Is é an aidhm atá ann sa deireadh thiar go mbeadh faoin am a mbeidh Céim III (Blianta 16-20 (2026-30): Céim Fheidhmithe III) bainte amach oideachas páirt-tumtha i nGaeilge á thairiscint in ábhair eile do gach dalta sna príomhscoileanna a bhíonn ag gabháil don Ghaeilge mar chroí-ábhar. Bainfear na bearta sin amach ar bhonn céimnithe, agus le cuidiú leis sin déanfar uas-sciliú ar an bhfoireann.

Bainfear leas mar is cuí as dreasachtaí mar scéim duaiseanna GLEO le misneach a thabhairt do scoileanna óna thaobh seo. Mar thacaíocht don straitéis sin déanfar forbairt ar acmhainní agus ar ábhair do scoileanna agus cuirfear ar fáil iad.

Tá an líne deireanach spéisiúil ach an-ghinearálta, athróinn féin “acmhainní” go dtí “cúrsa comhtháite don Ghaeilge”.

Mary Coughlan, Aire nua Oideachais & Scileanna

Is cinnte go mbeidh Conradh na Gaeilge ag leanúint leis an stocaireacht ar an gceist seo ach tá súil agam go mbeidh doras agus cluas an tAire Oideachais agus Scileanna reatha níos oscailte ná mar a bhí an dá Aire a tháinig rompi.

Tá jab crua le déanamh aici ach beidh le feiceáil an rachaidh sí i ngleic leo siúd nach bhfuil chomh tógtha léi féin faoin nGaeilge laistigh den Roinn Oideachais & Scileanna.