Comhairle na hEorpa

Fáiltím roimh an obair atá déanta ag Pobal ar cheist reachtaíocht don Ghaeilge sna Sé Chontae, ina measc obair faireacháin Phobal ar Chairt na hEorpa do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh. Chomh maith, bhuail siad le saineolaithe ar an Chairt agus chuir siad tuairisc rompu ar fheidhmíocht Rialtais na Breataine le trí bliana anuas.

Is é mo thuairim ná gur ghá go mbeadh an Chonradh níos feiceálaí ar cheist na teanga ó thuaidh chomh maith ag tacú leis an ról stocaireachta agus faireachán atá ar siúl ag Pobal.

Tá obair fiúntach déanta ag leithéid Niall Comer ar thógáil na heagraíochta ó thuaidh agus ach go háirithe tuigeann sé an tábhacht le fuil a mhealladh san eagraíocht maraon le baill reatha a spreagadh chun gníomh.

Acht Gaeilge de dhíth sna Sé Chontae

Tá cloiste agam go bhfuil spéis ann tógáil ar obair an ghrúpa ACHT ina bhfuil Conradh na Gaeilge mar bhall di chun an brú a choinneáil le haghaidh Acht Gaeilge sna Sé Chontae. Sílim gur céim dearfach a bheadh anseo agus a chabhródh le Gaeil ó dheas agus thar sáile tacú le Gaeil na Sé Chontae agus muid ag lorg á gcearta.

Mar eolas, d’éirigh le dhá rúin a ritheadh ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge le déanaí ar an gceist seo. An chéad cheann molta ag Craobh Mháirtín Uí Chaidhin i mBaile Átha Cliath agus an dara cheann molta ag Pádraig Mac Fhearghusa, Coiste Gnó an Chonartha:

Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge

Go dtacaíonn Conradh na Gaeilge leis an bhfeachtas ar bun ag Pobal agus  eile le hAcht Gaeilge a bhaint amach sna Sé Chontae.

Go dtabharfaidh Conradh na Gaeilge gach tacaíocht don Ghaeilge i dTuaisceart Éireann, go raghfar i mbun plé leis na húdaráis ansin agus go n-úsáidfear an dréachtstraitéis 20 Bliain don Ghaeilge mar mhúnla do straitéis i dTuaisceart Éireann, agus mar chéim i dtreo Acht Gaeilge, mar atá geallta i gComhaontú Chill Rímhinn.

Cuireann na rúin seo ceist reachtaíocht teanga sna Sé Chontae ar chlár oibre an Chonartha sa bhliain amach romhainn agus tá súil agam go gciallódh seo cuairt ó Uachtarán an Chonartha go luath ar phobal na Gaeilge sna Sé Chontae.

Mar eolas, anuraidh thacaigh na Náisiúin Aontaithe le moltaí POBAL, agus d’éiligh eagrais eile saineolaithe idirnáisiúnta, ina measc an Chomhdháil ardtionchair Aontachta Ghael-Mheiriceánach agus an Grúpa Comhairleach ar an Chreat-Choinbhinsiún Eorpach, go n-achtófaí reachtaíocht Ghaeilge láithreach.

Janet Muller, POF Pobal

Seo an méid a bhí le rá ag Janet Muller ar an gceist:

‘Seo fianaise ar dhiongbháilteacht phobal labhartha na Gaeilge agus ar obair chrua PHOBAL féin thar tréimhse de bhlianta. Glaoimid anois ar rialtas na Breataine agus an Tionól Acht láidir, cuimsitheach, ceartbhunaithe a achtú láithreach.’