Tá feachtas beartaithe ag an ngrúpa seo, ThinkIrish le 20,000 post a chruthú in Éirinn trí cumhacht ceannaithe phobal na hÉireann a spreagadh chun tairgí Éireannacha a cheannach.
Is aidhm í atá cosúil leis an fheachtas An Euro Gaelach ach amháin gur spreagadh seirbhísí Gaeilge is mó atá An Euro Gaelach ag plé léi.
Smaoinigh dá mbeimis ábalta an dá fheachtas a nascadh, gníomhairí gan mórán Gaeilge ag spreagadh tairgí agus seirbhísí Gaelacha gualainn le gualainn le Gaeil spreagtha le hearraí Éireannacha a cheannach.
Guím gach ráth ar an bhfeachtas seo agus ar chomhoibriú idir eadrainn amach anseo.
Luíonn an méid thuasluaite le polasaí Chonradh na Gaeilge ar an gceist, ó tharla gur éirigh le rún Ard-Fheise anuraidh ar an ábhar:
“I bhfianaise na géarchéime eacnamaíochta atá sa tír, go gcuirfeadh Conradh na Gaeilge feachtas náisiúnta ar bun le daoine a spreagadh chun earraí áitiúla agus Éireannacha a cheannach agus le seirbhísí áitiúla agus Éireannacha a úsáid, agus chuige sin go n-iarrfadh an Conradh ar dheantúsóirí earraí agus ar sholáthróirí seirbhísí ón tír seo leas forleathan a bhaint as lipéadú agus fógraíocht as Gaeilge agus / nó dátheangach (Gaeilge/Béarla).”
Má tá frása níos deise agaibh den leagan de Think Irish abair linn.
Freagra