Ceannáras Chonradh na Gaeilge ar Shráid Fhearchair

Conradh na Gaeilge ag cur an dá áras i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh de chuid na heagraíochta ar fáil do phobal na Gaeilge le húsáid mar ionaid chomhdhála, chruinnithe, ranganna agus eile chun árais an Chonartha a fhorbairt mar lárionaid chultúrtha Ghaeilge i gcroílár an dá chathair.

Is Leor Beirt, líonra Ciorcal Comhrá Chonradh na Gaeilge

Tá cúrsaí teagaisc Gaeilge, ciorcail chomhrá, oícheanta cheoil agus shóisialta, comhdhálacha agus cruinnithe rialta á reáchtáil in árais Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh araon, agus is féidir le heagrais Ghaeilge nó daoine aonair eile seomraí a ghlacadh ar cíos ón gConradh ar bhonn laethúil, seachtainiúil, míosúil nó fiú bliantúil le feidhmiú ó cheachtar den dá áras i gcaitheamh na bliana.

Eagraíonn Coiste Contae Bhaile Átha Cliath ár gcruinnithe sa Cheannáras ar Shráid Fhearchair agus mholfainn na seomraí athchóirithe go láidir. Luadh  cheana sa bhlag seo gur eagraíodh Dianchúrsa Cáilíochta Stiúrthóirí Naíonraí Forbairt Naíonraí Teoranta ansin le déanaí agus bhí an t-aiseolas a fuair muid an-dearfach ar fad.

Pádraig Mac Fhearghusa

Deir Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: “Is fóram daonlathach phobal na Gaeilge é Conradh na Gaeilge agus tá an eagraíocht tugtha don chomhoibriú le heagrais Ghaeilge eile leis an teanga a chur chun cinn ar fud an oileáin. Ar scáth a chéile a mhaireann muid agus is mór againn an deis cuireadh a thabhairt do na heagraíochtaí agus do na daoine aonair atá ag feidhmiú ar son na Gaeilge freisin, leas a bhaint as áiseanna Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh le pobal na teanga a neartú sa dá chathair sin, agus go deimhin ar fud na tíre.”

Chomh maith le hArd-Oifig náisiúnta Chonradh na Gaeilge, feidhmíonn mór-eagrais na gluaiseachta ar son na teanga ón bhfoirgneamh ar Shráid Fhearchair cheana féin, ina measc Oireachtas na Gaeilge; Ógras; Seachtain na Gaeilge; Glór na nGael, Laighean; Rith 2010; Raidió Rí-Rá; An tIonad Saor-Chomhairle Dlí de chuid Chraobh na gCeithre Chúirt; An Siopa Leabhar; agus Club Chonradh na Gaeilge.

Áras na nGael

Feidhmíonn Togra Ghael-Fhorbairt na Gaillimhe de Chonradh na Gaeilge ó Aras na nGael ar 45 Sráid Doiminic i nGaillimh, mar aon le Club Áras na nGael agus Ógras, Cúige Chonnacht.

Rinneadh athchóiriú ar Cheannáras stairiúil Chonradh na Gaeilge ar 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2 le déanaí buíochas le síntiúis fhlaithiúla ó chraobhacha an Chonartha agus le cabhair ón Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ó Chiste na Gaeilge, atá páirt-mhaoinithe ag an gCrannchur Náisiúnta, agus tá an foirgneamh á fhorbairt anois mar ionad oibre, áis chruinnithe agus lárionad cultúrtha do phobal na Gaeilge sa phríomhchathair.

Tá Áras na nGael ag feidhmiú mar lárionad na Gaeilge i nGaillimh faoi láthair agus tá Conradh na Gaeilge ag obair ar láthair úr a aimsiú le hionad níos mó a fhorbairt le tuilleadh áiseanna a sholáthair do phobal na teanga sa chathair amach anseo freisin.