Rogha Teanga Uathmheaisín Bhanc na hÉireann

Tá feachtas idirnáisiúnta faoi lán seol anois le haghaidh seirbhísí Gaeilge ar Uathmheaisíní Bainc i Nua Eabhrac.

Tá grúpa Facebook bunaithe Uathmheaisíní Bainc le Gaeilge / Nua Eabhrac.

Beartaíodh ag cruinniú Coiste Contae Átha Cliath de Chonradh na Gaeilge tacaíocht a thabhairt don bhfeachtas agus idir saineolas agus fuinneamh Chonraitheoirí i mBaile Átha Cliath a chur leis an fheachtas.

Doiminic Ó Brolcháin ón SDLP ag tacú leis an fheachtas agus tá súil againn go dtabharfadih baill tofa ó na páirtithe polaitiúla eile in Éirinn agus sna Stáit Aontaithe Meiriceá tacaíocht don bhfeachtas.

Irish Emigrant, 26ú Aibrean - 2 Bealtaine, Eagrán #1212, lch. 15

Seo ceann de na hailt a foilsíodh sna Stáit Aontaithe ar an bhfeachtas. Tá cloiste agam go mbeidh píosa New York Daily News inár déanamh agallamh le Brendan Patrick Kean, Daithí Mac Lochlainn agus an Leas Ard-Chonsal Brendán Ó Caollaí!

Tá eagraithe an bhfeachtas ag iarraidh ar dhaoine is cuma cén tír ina bhfuil sibh lonnaithe, cártaí poist a seoladh chuig ár dteagmhálaí i J.P. Morgan Chase:

J.P. Morgan Chase

Ms. Mirzeta Colic
J.P. Morgan Chase Executive Office
9900 Katy Freeway, 2nd floor
Houston, Texas 77055
Stáit Aontaithe Mheiriceá

Má tá aithne agat ar éinne atá ag obair le J.P. Morgan Chase iarr orthu teagmhálacha inmheánacha a dhéanamh ar son an tseirbhís.

Más mian leat d’fheachtas féin a thoiseacht i Sasain, san Astráil, i SAM nó aon áit eile téigh i dteagmháil leis an fheachtas tríd an ghrúpa Facebook.