Na Ceithre Cúirte, Baile Átha Cliath

Bhreith an Chúirt Uachtarach inniu nach bhfuil aon oibligeáid Ionstraim Reachtúil nó Achtanna an Oireachtais a aistriú go Gaeilge.

D’admhaigh an Chúirt go raibh oibligeáid leagan Gaeilge de Rialacha na Cúirte bheith curtha ar fáil chomh luath agus atá sé praiticiúil tar éis dóibh bheith foilsithe i mBéarla.

Is críoch bocht í seo le feachtas 10 bliain Phóil Uí Mhurchú agus gníomhairí teanga eile go gcinnteofaí go gcuirfí leagan Gaeilge de reachtaíocht ar fáil ag an am céanna le foilsiú reachtaíocht Béarla.

Breis eolais faoi seo de réir mar a fhaightear í.

Tá an scéal seo clúdaithe ag RTÉ.