Ceisteanna tógtha faoin nGaelscolaíocht sna 26 Co.

Bíonn Conradh na Gaeilge ag iarraidh ar pholaiteoirí ceisteanna a chur i dTeach Laighean i dtaca leis an Ghaeilge go leanúnach. Seo a leanas dhá cheist a chur urlabhraí Oideachais Shinn Féin ar an nGaelscolaíocht sna 26 Co.

Caoimhghín Ó Caoláin

Ceist Pharlaiminte: Uimhir:399, 400

Chun an Aire Oideachais agus Eolaíoctha
To the Minister for Education and Science

Chun a fhiafraí den Tánaiste agus Aire Oideachais agus Scileanna cén uair go
díreach a bheas an Coimisiún um Chóiríocht Scoile ag tuairisciú di maidir leis
an mbreithniú ar nósanna imeachta nua a bhaineann le bunscoileanna nua a bhunú;
an gcuirfear teanga na scoile san áireamh go dearfach sna nósanna imeachta nua seo do bhunú bunscoileanna nua i gcomhthéacs Bhunreacht na hÉireann, ráiteas an Rialtais i leith na Gaeilge 2006, agus ghealltanas an Chomhchoiste Dála um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta go leanfaí leis an tacaíocht do scoileanna lán-Ghaeilge; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh.
– Caoimhghín Ó Caoláin.

Chun a fhiafraí den Tánaiste agus Aire Oideachais agus Scileanna cén fáth nár
tugadh aitheantas do Ghaelscoil Ráth Tó i Meán Fómhair 2010 nuair nach bhfuil sé de chumas ag na scoileanna atá sa cheantar cheana féin i limistéar Ráth Tó, limistéar a aithníodh lena leathnú de réir critéir Rannóg Pleanála Chun Cinn na Roinne Oideachais agus Scileanna, freastal a dhéanamh ar mhian Bhunreachtúil na dtuismitheoirí mar phríomhoideachasóirí a bpáistí, chun oideachas lánGhaeilge a sholáthar dá bpáistí; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh.
-Caoimhghín Ó Caoláin.

* For WRITTEN answer on Tuesday, 11th May, 2010.
Reference Number: 19198/10, 19199/10

Freagra

Tánaiste Mary Coughlan

I propose to take questions 399 and 400 together.
Tá fúm Ceisteanna 19198 agus 19199 a fhreagairt le chéile.

Tá an Coimisiún um Chóiríocht Scoileanna chun tuairisc a chur faoi mo bhráid go gairid maidir leis an athbhreithniú ar na nósanna imeachta do bhunscoileanna a bhunú.  I measc na gceisteanna atá faoi chaibidil mar chuid den athbhreithniú tá tábhacht na Gaeilge, ceist na héagsúlachta agus an chaoi ina bhfuil an Ghaeilge ina bealach chun éagsúlacht a chur ar fáil.  Tar éis don tuairisc a bheith ullmhaithe beidh orm ceisteanna polasaí agus socruithe riachtanacha a bhreithniú agus a chinneadh céard iad na nósanna imeachta úra a bheidh le cur ar bun.  Breithneofar sa chomhthéacs seo caomhnú agus cur chun cinn na Gaeilge trí Ghaelscoileanna a bhunú.  Is féidir liom a dheimhniú don Teachta go bhfuil ról maighdeogach le himirt ag an mbunscolaíocht i gcaomhnú agus i leathnú na céad teanga oifigiúla.  Bhí cur chun cinn na Gaeilge ina haidhm mhór ariamh ag Rialtais na hÉireann i ndiaidh a chéile agus cosnaíodh i gcónaí a hionad sa chóras oideachais.  Comhartha air seo an chaoi inar aithníodh líon suntasach Gaelscoileanna nua le blianta beaga anuas – 17 ar fad ó 2005 i leith.

Tá staidéar ar an dtír déanta ag Rannóg Pleanála Chun Cinn mo Roinnse chun a fháil amach céard iad na ceantair ina bhféadfadh gá a bheith le cuid mhaith
cóiríocht breise de bharr athruithe deimeagrafacha insna blianta amach
romhainn.  I ndiaidh na mionanailíse seo ba léir gur den chríonnacht é pleanáil chun scoileanna nua a bhunú a thosnódh ag obair i Meán Fómhair 2010 chun freastal ar an éileamh méadaitheach i gceantair shainaitheanta áirithe.
Rinneadh pléanna mionsonraithe i rith 2009 leis na pátrúin go léir maidir leis
na ceantair a bhí faoi chaibidil.  Maidir leis an gcuid is mó de na ceantair
seo ba é tuairim ghluaiseacht na nGaelscoileanna nár leor an t-éileamh breise
ar sholáthar trí Ghaeilge chun bunú Gaelscoile nua a bharántú.

Rinneadh iarratas sainiúil ar Ghaelscoil nua a bhunú i Ráth Tó, Co na Mí.  Ach
tar éis anailíse mionsonraithe ar an méadú ar líon na ndaltaí i Meán Fómhair i
mbliana agus ar chumas na scoileanna atá ann cheana, ba léir nár ghá scoil nua a bhunú chun riar ar an bhfás deimeagrafach.  Bhí mo Roinnse deimhin de gur féidir leis na scoileanna atá ann riar ar an méadú réamheasta deimeagrafach i
Meán Fómhair 2010.  Athbhreithneofar an cás seo roimh Meán Fómhair 2011 i bhfianaise na riachtanas agus na bpléanna leis na comhlachtaí pátrúnachta.