Rugadh agus tógadh Seán Ó hAdhmaill le Gaeilge i mBéal Feirste ach tá cónaí air anois lena bhean chéile Tara i mBaile Átha Cliath. Tá mac óg ag Seán darb ainm Fionn. Chuaigh sé tríd an gcóras Gaeloideachais ón réamhscolaíocht go leibhéal na hiarchéime. Is céimí Fiontar é cé go bhfuil taighde iarchéime ar siúl aige faoi láthair leo, ar dhea-chleachtas idirnáisiúnta sa tiomsú airgid agus ceachtanna foghlamtha don earnáil dheonach Ghaeilge.

Is duine de bhunaitheoirí Na Gaeil Óga é agus tá sé mar Chathaoirleach ar Choiste Contae Átha Cliath athbhunaithe ó anuraidh. Bhí sé bainteach leis an bhfeachtas Ainmneacha Gaeilge d’Eastáit Tithíochta nua i mBaile Átha Cliath, rogha Ghaeilge a bheith ar fáil ar na huathmheaisíní bainc de chuid Banc na hÉireann agus roimhe seo leis an Feachtas Gaelú na bhFón Póca a spreag seirbhís tuarthéacs Vodafone “Get the focal” agus Gaelfóin Samsung.

Toghadh ar an gCoiste Gnó go leanúnach le ceithre bliana anuas. Is síntiúsóir na nGael é agus is iarbhall den Bhuancoiste é. Chuidigh sé le bunú Raidió Rí Rá, an feachtas Glac Leis agus le heagrú RITH 2010. Chuidigh sé le bunú 4 ghaelcholáiste, 8 ngaelscoil agus 5 naíonra Ghaelacha le trí bliana anuas ina rólanna mar Oifigeach Forbartha ar dtús le GAELSCOILEANNA TEO. agus anois le Forbairt Naíonraí Teoranta.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s