Baill de Lárchoiste RITH tar éis teachtaireacht an Uachtaráin a bhailiú do bhaitín RITH 2010.

Dea-scéal tá RITH 2010 ainmnithe le dul san iomaíocht do Ghradam TG4 do sheirbhísí don Ghaeilge mar chuid de Ghradaim na hAislinge.

Tá iomaíocht tréan ag an bhféile reatha pobail ach le tacaíocht rannpháirtithe an fhéile agus tacadóirí atá ag tnúth leis an chéad RITH eile, RITH 2012 cuirfear troid mhaith isteach don Ghradam.

Ní thógfaidh sé ach cúpla soicind ort vótáil do RITH 2010 trí chliceáil ar an nasc seo.

Má tá cúpla nóiméad eile agat scaip nasc an bhlag seo ar do leathanach Twitter, Facebook nó trí ríomhphost chun breis daoine a spreagadh chun vótáil.

I láthair na huaire tá 41% den vóta ag RITH 2010 ach tá an iomaíocht ghéar go maith.

Baile Átha Cliath le Gaeilge

 

Tá sé déanach go maith ag teacht ach tá sé linn anois.

Déanaim tagairt de shuíomh idirlíon cuimsitheach nua d’imeachtaí Gaeilge sa Phríomhchathair. Ó seo amach léirítear láidreacht, fuinneamh agus fairsinge phobal na Gaeilge i mBaile Átha Cliath in áit amháin.

Más déagóir nó pinsinéir thú, múinteoir nó mac léinn, foghlaimeoir nó cainteoir dúchais beidh rud éigin anseo duit.

Téigh go dtí http://www.baclegaeilge.com le haghaidh na himeachtaí Gaeilge  is fearr i mBaile Átha Cliath.

Má tá imeacht Gaeilge agat atá fonn fógartha ort téigh go http://www.baclegaeilge.com

Má tá smaointe uait le haghaidh do cheantar féin téigh go http://www.baclegaeilge.com

Bhí cruinniú ag Guth na Gaeltachta i nGaoth Dobhair aréir.  Beidh tuairisc faoin chruinniú ar Nuacht TG4 anocht ag 7 a chlog.

Seo iad príomhphointí an chruinnithe:

1.  Cuireadh fáilte roimh Thuarascáil an Chomhchoiste Oireachtais faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus gabhadh buíochas leis an Chomhchoiste as an obair a rinne siad..  Tá gá le brú a chur ar an Rialtas glacadh leis na moltaí seo uilig agus iad a chur i bhfeidhm mar nach bhfanfaidh slánú na Gaeilge sa Ghaeltacht le cúrsaí eacnamaíochta domhanda.

“Is é tátal lom shuirbhé na ndaoine óga nach bhfuil ach idir 15 bliana agus scór blianta fágtha mar shaolré ag an nGaeilge mar theanga theaghlaigh agus phobail sa chuid is láidre den Ghaeltacht, is é sin le rá an chuid den Ghaeltacht a bhaineann le Catagóir A, mura féidir an patrún seo a chur ar mhalairt treo.” (SCT, 2007:27)

2.  Léiríodh imní láidir faoi Thuarascáil na Roinne Airgeadais ar Chaiteachas  Caipitiúil 2010-2016. Má ghlactar lena bhfuil molta beidh deireadh go praiticiúil leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta agus le hÚdarás na Gaeltachta faoi 2016 agus muid ag comóradh 100 Bliain Éirí Amach 1916.  Tá gá le feachtas láidir stocaireachta le cur in aghaidh na tuarascála seo.

3.  Beidh Guth na Gaeltachta ag leanstan ar aghaidh ag stocaireacht go láidir go nglacfaidh le moltaí an Chomhchoiste Oireachtais agus nach nglacfar le moltaí na Roinne Airgeadais.

I gcomhpháirtíocht nua, tá Conradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath,  Fundóireacht na Gaeilge agus an iris Comhar i mbun eagrúcháin do sheimineár a reáchtálfar an seachtain seo chugainn.

Pléifí saincheisteanna an fhéiniúlacht náisiúnta agus tionchar an domhandaithe ar theangacha mhionlaigh ag an seimineár agus beidh ionchur ó léachtóirí agus taighdeoirí cáiliúla maraon le deis d’ionchur ón bpobal.

Eagrófar an seimineár, dar teideal ‘ Féiniúlacht, cultúr agus teanga  i ré an domhandaithe’ san Óstán Davenport taobh le Cearnóg Mhuirfean Dé Sathairn 15 Bealtaine 2010.

Gréagóir Ó Dúill, File

Labharfaidh Ó Dúill faoin ngaol idir litríocht chomhaimseartha na Gaeilge agus an pholaitíocht.

An Dr. Máirín Nic Eoin, Coláiste Naomh Pádraig.

Is í ‘Gaeltacht, Gaelchultúr agus Ceist na Féiniúlachta’ teideal caint Nic Eoin.

An Dr. Brian Ó Conchubhair, Ollscoil Notre Dame.

Pléifidh Ó Conchubhair ceist an bhféiniúlacht náisiúnta agus gluaiseacht na hathbheochana Gaeilge.

Dr. Conchúr Ó Giollagáin, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.

Labhróidh Ó Giollagáin ar an gcomhthéacs domhanda agus an tionchar a bhíonn ag an domhandú ar theangacha mhionlaigh.

An tOllamh Mícheál Ó Cróinín, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

Pléifid  Ó Cróinín ceist na Gaeilge agus cultúr na hinmharthanachta sa chur i láthair a bheidh á dhéanamh.

Tá lucht eagraithe ag súil go mbeidh spéis i measc mic léinn ollscoile, múinteoirí agus léachtóirí tríú leibhéil sa tseimineár ach cuirfear fáilte roimh an phobal i gcoitinne freastal ar an imeacht.

Am & Dáta: 9 r.n. go dtí a 4 i.n., Dé Sathairn, 15 Bealtaine 2010

Ionad: Óstán an Davenport, B.Á.C. 2.

Breis eolais faoin seimineár lae ar fáil ó Fhondúireacht na Gaeilge trí ríomhphost a sheoladh chuig eolas@fnag.ie.

Tá an gearrscannán ar fheabhas seo ar fáil anois ar YouTube.

Cuirfeadh sé iontas orm muna bhfuil seo feicthe agaibh go fóill.

Is scannán é faoi leaid óg Síneach a fhoghlaimíonn an Ghaeilge chun teacht go hÉireann. Nuair a shroicheann sé an tír amach ní thuigeann sé cén fáth nach dtuigeann sé an ghnáth dhuine ar an tsráid agus cén fáth nach dtuigeann siad é.

Chuir Foras na Gaeilge deontas d’imeachtaí idirscoile ar fáil do na scoileanna lán-Ghaeilge agus Ghaeltachta. Rinne GAELSCOILEANNA TEO. na deontais seo a dháileadh agus a riaradh. Bhíodh an-tóir ar na deontais seo. Níl GAELSCOILEANNA TEO. ag glacadh le hiarratais i láthair na huaire ach deir siad go bhfuil súil acu go bhfógrófar na deontais arís go luath.

Tríd an scéim seo, bhíodh deis ag scoileanna imeacht dá rogha féin a reáchtáil le scoileanna eile agus chuir GAELSCOILEANNA TEO. suas go €500 / £450 in aghaidh na himeachta ar fáil (dá mba rud é go raibh 2 scoil rannpháirteach ann) agus suas go €750 / £675 in aghaidh na himeachta ar fáil dá mba rud é go raibh 3 scoil nó níos mó rannpháirteach ann. Bheadh na h-íocaíochtaí seo de réir admhála. Bhí na himeachtaí idirscoile oscailte do:

  • Naíonraí /naíscoileanna agus gaelscoileanna
  • Gaelscoileanna amháin
  • Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí
  • Gaelcholáistí amháin

Tugann imeachtaí idirscoile mar seo deis thábhachtach do na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta nasc a chruthú le scoileanna eile. Ó thráth na gceist go cluichí peile, spreagann na himeachtaí ilghnéitheacha seo cumarsáid agus spraoi trí mheán na Gaeilge, rud a théann chun leasa na scoile, chun leasa na ndaltaí agus chun leasa an scoilphobail.

Fiosraigh faoi thodhchaí na deontais imeachtaí idirscoile seo trí ríomhphost a chur ag oifig@gaelscoileanna.ie nó glaoch a chur ar 01 8535193.

Ach ní gá deontas le haghaidh gach imeacht idirscoile ach go háirithe má tá naíonra/naíscoil agus gaelscoil, mar shampla, ar an gcampas céanna. Léirigh roinnt samhlaíocht agus lorg urraíocht nó bailigh cúpla Euro sibh féin más gá. B’fhéidir go mbeidh bhur gcraobh áitiúil de Chonradh na Gaeilge toilteanach cúpla Euro a chur i bhur dtreo?

Cothóidh muid naisc idir ár scoileanna agus/nó naíonraí chun an scoilphobail a fhíorú!

Cumann Múinteoirí Éireann, Ceardchumann na múinteoirí bunscoile

D’eisigh Jim Higgins, Uachtarán nua Cumann Múinteoirí Éireann preaseisiúint le déanaí inár fháiltigh sé roimh fhoilsiú na dréacht straitéise don Ghaeilge ag an rialtas. Dar leis tá gá le plean feidhmiúcháin agus buiséad chun go n-éireodh leis an straitéis molta.

Leanann Higgins,

“Tá roinnt mhaith á éileamh ar an gcóras oideachais. Tá sé uaillmhianach. Beidh Múinteoirí bunscoile na tíre sásta a gcuid a dhéanamh ach na hacmhainní a bheith ar fáil leis an obair a dhéanamh.”

An Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta

Is ball de COGG, An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta é Higgins le beagnach ocht mbliana anuas. Tugann sé ardmholadh do COGG as an méid atá bainte amach acu maidir le soláthar téacsleabhar agus áiseanna teagaisc do na scoileanna lánGhaeilge agus na scoileanna Gaeltachta le blianta beaga anuas. Míníonn sé go bhfuil go leor de na háiseanna atá curtha ar fáil ag COGG oiriúnach do scoileanna Béarla freisin.

Ar cheist Clár Comhtháite Gaeilge do scoileanna T2 (náisiúnta) deir sé,

“Fáiltíonn CMÉ mar sin roimh an deontas breise ata á thabhairt do COGG i mbliana chun tús a chur leis an obair Clár Gaeilge do scoileanna T2 a ullmhú, chun áiseanna ar líne a chur ar fáil agus chun téacsanna don dara leibhéal a chur ar fáil. Ach impím ar an Aire cead a thabhairt do COGG an fhoireann cuí a fhostú chun tabhairt faoin obair seo. Gan foireann chun an obair a dhéanamh ní tharlóidh sé. Tá deis anois ag an Aire nua dea-scéal a thabhairt do mhúinteoirí bunscoile na tíre ar mian leo go mbeadh clár maith cuimsitheach tarraingteach do mhúineadh na Gaeilge ar fáil dóibh. Clár atá maith agus chomh tarraingteach céanna le Séideán Sí atá curtha ar fáil do na scoileanna atá ag teagasc trí mheán na Gaeilge.”

Conradh na Gaeilge, príomheagraíocht dheonach phobal na Gaeilge

Is éileamh í seo, cúrsa comhtháite Gaeilge oiriúnach do scoileanna náisiúnta, atá mar cheann de thosaíochtaí Chonradh na Gaeilge sa bhliain amach romhainn.

Arsadraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Is gá do Chonradh na Gaeilge agus do phobal na Gaeilge i gcoitinne na spriocanna atá sonraithe sa Dréacht-Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a neartú: is gá go bhfeidhmeofaí an Straitéis mar chuid den Phlean Forbartha Náisiúnta (NDP); is gá go mbeadh comharthaí bóithre dátheangacha san áireamh inti, mar shampla; agus is gá go bhforbrófaí cúrsa comhtháite Gaeilge bunaithe ar an gcúrsa do scoileanna Gaeltachta agus gaelscoileanna, Séideán Sí, le haghaidh na mbunscoileanna ina bhfuil an Béarla mar mheán teagaisc mar ábhar práinne, cuir i gcás.”