Bhí cruinniú ag Guth na Gaeltachta i nGaoth Dobhair aréir.  Beidh tuairisc faoin chruinniú ar Nuacht TG4 anocht ag 7 a chlog.

Seo iad príomhphointí an chruinnithe:

1.  Cuireadh fáilte roimh Thuarascáil an Chomhchoiste Oireachtais faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus gabhadh buíochas leis an Chomhchoiste as an obair a rinne siad..  Tá gá le brú a chur ar an Rialtas glacadh leis na moltaí seo uilig agus iad a chur i bhfeidhm mar nach bhfanfaidh slánú na Gaeilge sa Ghaeltacht le cúrsaí eacnamaíochta domhanda.

“Is é tátal lom shuirbhé na ndaoine óga nach bhfuil ach idir 15 bliana agus scór blianta fágtha mar shaolré ag an nGaeilge mar theanga theaghlaigh agus phobail sa chuid is láidre den Ghaeltacht, is é sin le rá an chuid den Ghaeltacht a bhaineann le Catagóir A, mura féidir an patrún seo a chur ar mhalairt treo.” (SCT, 2007:27)

2.  Léiríodh imní láidir faoi Thuarascáil na Roinne Airgeadais ar Chaiteachas  Caipitiúil 2010-2016. Má ghlactar lena bhfuil molta beidh deireadh go praiticiúil leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta agus le hÚdarás na Gaeltachta faoi 2016 agus muid ag comóradh 100 Bliain Éirí Amach 1916.  Tá gá le feachtas láidir stocaireachta le cur in aghaidh na tuarascála seo.

3.  Beidh Guth na Gaeltachta ag leanstan ar aghaidh ag stocaireacht go láidir go nglacfaidh le moltaí an Chomhchoiste Oireachtais agus nach nglacfar le moltaí na Roinne Airgeadais.

I gcomhpháirtíocht nua, tá Conradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath,  Fundóireacht na Gaeilge agus an iris Comhar i mbun eagrúcháin do sheimineár a reáchtálfar an seachtain seo chugainn.

Pléifí saincheisteanna an fhéiniúlacht náisiúnta agus tionchar an domhandaithe ar theangacha mhionlaigh ag an seimineár agus beidh ionchur ó léachtóirí agus taighdeoirí cáiliúla maraon le deis d’ionchur ón bpobal.

Eagrófar an seimineár, dar teideal ‘ Féiniúlacht, cultúr agus teanga  i ré an domhandaithe’ san Óstán Davenport taobh le Cearnóg Mhuirfean Dé Sathairn 15 Bealtaine 2010.

Gréagóir Ó Dúill, File

Labharfaidh Ó Dúill faoin ngaol idir litríocht chomhaimseartha na Gaeilge agus an pholaitíocht.

An Dr. Máirín Nic Eoin, Coláiste Naomh Pádraig.

Is í ‘Gaeltacht, Gaelchultúr agus Ceist na Féiniúlachta’ teideal caint Nic Eoin.

An Dr. Brian Ó Conchubhair, Ollscoil Notre Dame.

Pléifidh Ó Conchubhair ceist an bhféiniúlacht náisiúnta agus gluaiseacht na hathbheochana Gaeilge.

Dr. Conchúr Ó Giollagáin, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.

Labhróidh Ó Giollagáin ar an gcomhthéacs domhanda agus an tionchar a bhíonn ag an domhandú ar theangacha mhionlaigh.

An tOllamh Mícheál Ó Cróinín, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

Pléifid  Ó Cróinín ceist na Gaeilge agus cultúr na hinmharthanachta sa chur i láthair a bheidh á dhéanamh.

Tá lucht eagraithe ag súil go mbeidh spéis i measc mic léinn ollscoile, múinteoirí agus léachtóirí tríú leibhéil sa tseimineár ach cuirfear fáilte roimh an phobal i gcoitinne freastal ar an imeacht.

Am & Dáta: 9 r.n. go dtí a 4 i.n., Dé Sathairn, 15 Bealtaine 2010

Ionad: Óstán an Davenport, B.Á.C. 2.

Breis eolais faoin seimineár lae ar fáil ó Fhondúireacht na Gaeilge trí ríomhphost a sheoladh chuig eolas@fnag.ie.

Mairéad Uí Mhaonaigh, Altan & Rinceoirí Gaelacha ag seoladh Tionscadal 16

Tháinig Mairéad Uí Mhaonaigh an ceoltóir aitheanta ón mbanna ceoil Altan chomh fada le Sráid Uí Chonaill inné chun feachtas nua deonach le haghaidh Lárionad Náisiúnta Gaeilge a sheoladh. Tionscadal 16 is ainm don fheachtas ó tharla gur sprioc an fheachtais ná an €10m atá ag teastáil a bhailiú faoi 2016 mar chuid den chomóradh ar an Éirí Amach.

Gaeil agus gníomhaithe Tionscadal 16.

Dónal Ó Conaill, Fionnuala Nic Cormaic, Aoife Ní Scolaí, Dónal Ó Baoill, Breandán Mac Cormaic,  Mairéad Uí Mhaonaigh, Julian de Spáinn, Tomás Mac Ruairí agus mé féin a bhí i láthair ag an seoladh.

Seán Ó hAdhmaill lasmuigh den Chultúrlann i mBéal Feirste

Seo a leanas roinnt de na grianghraif a ghlac mé agus mé ag tabhairt cuairte ar Bhéal Feirste thar deireadh seachtaine na Cásca.

Tá Cultúrlann McAdam/Ó Fiaich lonnaithe i bhfoirgneamh sean-séipéal Preispitéireach. Bhíodh mórshiúlta an Oird Bhuí ag fágáil an tséipéil gach 12 Iúil go dtí na seascaidí. Bhídís ag casadh ar dheis síos Broadway, ainm gallda na sráide (má thagann an t-ainm Gaelach chugam ó Ghael eolach athróidh mé é) measctha go reiligiúnach ag an am.

Bhí naíscoil na bhFál agus Meánscoil Feirste, anois Coláiste Feirste lonnaithe ann go sealadach go dtí go bhfuair sí cóiríocht bhuan.

Faoi láthair, tá an siopa leabhar an Ceathrú Póilí, Nuacht24, Raidió Fáilte, comhlacht meán cumarsáide, POBAL agus bialann lonnaithe sa Chultúrlann.

Tá foireann na Cultúrlainne féin lonnaithe ann agus cinntíonn siad go mbíonn réimse leathan d’imeachtaí sóisialta agus oideachasúla ar siúl san fhoirgneamh.

Ionad Turasóireachta na Cultúrlainne

Ceann de na buanna móra atá ag an gCultúrlann ná go mealltar turasóirí isteach sa Chultúrlann chun eolas a fháil ón ionad turasóireachta atá lonnaithe inti agus le feiceáil ar dheis. Cruthaítear nasc idir gnólachtaí áitiúla agus féilte agus an Ghaeilge chomh maith mar gheall ar an ionad turasóireachta seo a bheith lonnaithe i suíomh Gaelach. Bheadh an buntáiste céanna ann dá bhféadfadh muid Oifig Eolais Turasóireachta a mhealladh chuig Lárionad Náisiúnta Gaeilge sa phríomhchathair.

Baineann Gluaiseacht na Gaeilge Buntáiste as an Drochstaid Eacnamaíochta

Lárionad Náisiúnta Gaeilge

Fondúireacht na Gaeilge agus Conradh na Gaeilge ag iarraidh €10 milliúin a bhailiú roimh 2016, chun Lárionad Náisiúnta na Gaeilge a bhunú i mBaile Átha Cliath. Tionscadal 16 an t-ainm atá tugtha ar an bhfeachtas uaillmhianach idirnáisiúnta seo, mar chomóradh ar Éirí Amach na Cásca 1916.  Táimid ag súil le buntáiste a bhaint as an drochstaid eacnamaíochta trí ionad a thógáil ar an bpraghas is ísle is féidir é.

‘Sí an ceoltóir cáiliúl Mairéad Ní Mhaonaigh ón mbanna ceoil Altan, a sheol an feachtas tráthnóna inniu, taobh amuigh de Ard-oifig an Phoist ar Shráid Uí Chonaill.

Gan aon gheallúint tacaíochta ón Stát faoi láthair agus le sprioc €10 milliún, is é seo an tionscadal deonach is mó a thug pobal na Gaeilge faoi ariamh.

Ní bheidh aon bhaol ann do Cheannáras Chonradh na Gaeilge. Ní dhíolfar é chun an tionscadal seo a mhaoiniú.

Déanfaidh Lárionad Náisiúnta na Gaeilge freastal go sonrach ar phobal na Gaeilge agus orthu siúd atá ag foghlaim na Gaeilge, trí réimse iomlán áiseanna cultúrtha agus sóisialta a chur ar fáil i dtimpeallacht Ghaeilge.

“ Ó 1916 ar aghaidh, tá éacht déanta ag gluaiseacht na Gaeilge, in anneoin an bhrú ollmhór atá ar an teanga.  Tá borradh iontach tagtha ar na meáin Ghaeilge, tá gluaiseacht na Gaelscolaíochta ag dul ó neart go neart agus tá níos mó daoine óga ná riamh ar fud na tíre le Gaeilge líofa. In ainneoin sin go léir áfach, níl aon lárionad náisiúnta Gaeilge sa tír, áit inár féidir le pobal na Gaeilge freastal ar réimse leathan imeachtaí sóisialta, cultúrtha agus oideachasúla.  Caithfear leigheas a chur ar an scéal seo, ar a laghad ar bith toisc gurb é an gearán is coitianta a chloistear ó Ghaeilgeoirí óga ná go gcailleann siad a líofacht Ghaeilge tar éis dóibh an scoil a fhágaint.”

Breandán Mac Cormaic, Príomhfeidhmeannach Fondúireacht na Gaeilge

Bunófar Lárionad Náisiúnta na Gaeilge i gceartlár Bhaile Átha Cliath agus feidhmeoidh sé mar ionad ceannais na Gaeilge i mBaile Átha Cliath, ag cur fócas soiléir, láidir ar fáil do ghníomhaíochtaí Gaeilge sa phríomhchathair agus ag cur tacaíochta ar fáil do Ghaeilgeoirí ar fud na tíre agus an domhain.

“Tá meas agus cion an-mhór ag an bpobal ar ár dteanga náisiúnta, fiú na daoine nach bhfuil ach cúpla focal acu.  Sin é an fáth, mar shampla, go n-éiríonn chomh maith sin le Seachtain na Gaeilge.  Go minic áfach, cloisim daoine ag rá gur mór an trua é nach bhfuil bealach éigin taitneamhach acu leanúint leis an iarracht a dhéanann siad i rith Sheachtain na Gaeilge.  Léiríonn sé sin dom go dtacóidh na daoine le Tionscadal 16 trí cibé síntiúis is féidir leo a thabhairt.  Iarraim inniu ach go háirithe áfach, ar eagraíochtaí gnó somhaoineacha le spriocmhargadh óg, aird a thabhairt ar bhá an phobail don Ghaeilge agus síntiúis flaithiúlacha a dhéanamh.

Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Conradh na Gaeilge

Bhí mé féin i láthair ag an seoladh tráthnóna inniu agus tá baint leanúnach agam leis an tionscadal. Chaith mé an deireadh seachtaine i mBéal Feirste agus léirigh ár gcuairt (bhí lón blasta agam féin agus ag Tara sa Chaifé) an tábhacht agus an scannal nach bhfuil amhlaidh ar fáil do Ghaeil na tíre seo sa phríomhchathair.

Pól Deeds, An Droichead, Buaiteoir Céad Duais chomórtas Glór na nGael 2010

Tá cloiste agam go bhfuil pleananna uaillmhianacha leagtha síos ag dhá dhream éagsúla:

An Droichead in oirthear Bhéal Feirste ag iarraidh £8m a bhailiú do na forbairtí atá beartaithe acu. Léirigh Pól Deeds a thacaíocht don fheachtas ar bhlag iGaeilge le déanaí agus tá spéis léirithe acu clárú mar chraobh den Chonradh i mbliana!

Tar éis cúpla bliain an-ghníomhach tá na Macallaí i Loch Garman anois ag ag obair i dtreo Chultúrlann nua a bhunú i gcroílár Baile Loch Garman chomh maith. Bhuaigh siad duais de chuid Comórtas Ghlór na nGael chomh maith agus tá na Macallaí cláraithe mar chraobh den Chonradh le bliain anuas. Tá sé ráite liom go bhfuil an craobh ag tacú le m’fheachtas Uachtaránachta agus go bhfuil súil acu freastal ar an Ard-Fheis chun an tacaíocht sin a léiriú.

Cultúrlann McAdam/Ó Fiaich i mBéal Feirste

Ghlac mé roinnt grianghraif spéisiúla den Chultúrlann agus mé ar cuairt ann thar an deireadh seachtaine. Tá súil agam go gcuirfidh siad daoine ag smaoineamh faoin gcinéal leagan ar mhian leo don Lárionad Náisiúnta Gaeilge. Cuirfear suas ar an mblag / cinn lín (focal nua ó Rossa Ó Snodaigh) iad go luath.

Beidh píosa ar Nuacht TG4 anocht faoi ag 7i.n. agus bhí Julian de Spáinn, Ardrúnaí Chonradh na Gaeilge ar Adhmhaidin, RnaG ar maidin. Éist leis an agallamh trí chliceáil anseo (téigh go Luan/ Monday, ansin go dtí 52.20).

Beidh daoine ann a deirfidh nach féidir €10m a bhailiú, deirimse mar fhreagra orthu nach mbeidh aon dul chun cinn sa domhan leis an meon sin. Ní hamháin go dtarlóidh sé ach spreagfaidh sé na Gaeil fud fad na tíre agus go hidirnáisiúnta!

Bímis bródúil, bímis Gaelach agus bímis uaillmhianach mar a bhí an Conradh roimhe seo!

Brúfaidh muid níos faide ar aghaidh don Chonradh!