Baile Átha Cliath le Gaeilge

 

Tá sé déanach go maith ag teacht ach tá sé linn anois.

Déanaim tagairt de shuíomh idirlíon cuimsitheach nua d’imeachtaí Gaeilge sa Phríomhchathair. Ó seo amach léirítear láidreacht, fuinneamh agus fairsinge phobal na Gaeilge i mBaile Átha Cliath in áit amháin.

Más déagóir nó pinsinéir thú, múinteoir nó mac léinn, foghlaimeoir nó cainteoir dúchais beidh rud éigin anseo duit.

Téigh go dtí http://www.baclegaeilge.com le haghaidh na himeachtaí Gaeilge  is fearr i mBaile Átha Cliath.

Má tá imeacht Gaeilge agat atá fonn fógartha ort téigh go http://www.baclegaeilge.com

Má tá smaointe uait le haghaidh do cheantar féin téigh go http://www.baclegaeilge.com

Advertisements

Suíomh Caife Óige Gaelach Nua?

Tháinig mé ar smaointe agus mé ag léamh sean eagrán de Ghaelscéal an lá faoi dheireadh. Bhí mé beagán luath le haghaidh cruinnithe agus mar sin chaith mé mo thréimhse scithe ag suí i bhFiacha Stiabhna ag léamh tríd an nuachtán Gaelaigh.

Caife Óige Béarla i Luimneach

Tháinig mé ar alt (ar an drochuair níl cartlann ar líne ag Gaelscéal go fóill cé go bhfuil roinnt de na hailt éagsúla le seachtainí anuas fós curtha ar fáil) a bhain le ciste de €1.5m atá á chur ar fáil ag an Roinn Gnóthaí Óige agus Leanaí le haghaidh caifeanna óige reatha agus nua fud fad na tíre.

Chuimhnigh mé go raibh an spás béal doras le Ceannáras Chonradh na Gaeilge ar chíos, uimhir 5 Sráid Fhearchair agus go bhféadfaí, b’fhéidir, le roinnt samhlaíocht agus comhoibriú idir leithéid, Ógras, Conradh na Gaeilge (an Ardoifig &/nó Coiste Contae Átha Cliath) agus b’fhéidir an tSiopa Leabhar.

Bhí dúshlán riamh ag Club an Chonartha i dtaobh cinntiú go mbeadh sí mealltach mar ionad do d’fhir agus do mhná óga ach ag an am céanna ag cinntiú nach mbeadh daoine faoi aois ag ól alcóil sa Chlub agus nach ndéanfaí damáiste di. Tá a fhios agam seo toisc gur ball den Chlub agus iarfhear bheáir mé.

B’fhéidir gur seo cuid de réiteach na faidhbe sin agus tús leis na tearmainn Gaeilge a mhol Mait Ó Brádaigh ina taighde ar Úsáid na Gaeilge i mBaile Locha Riach le déanaí. Dar leis is gá go mbeadh na tearmainn tumtha Gaeilge seo mar chuid lárnach den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

Dála an scéal bhí cruinniú ráthúil ag Coiste Contae Chonradh na Gaeilge aréir ina raibh láithreacht ó 7 gcraobhacha éagsúla agus ball aonair amháin. Chinn an Choiste tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt Caife Óige i lár Bhaile Átha Cliath do Ghaeil óga na príomhchathrach.

Ceannáras Chonradh na Gaeilge ar Shráid Fhearchair

Conradh na Gaeilge ag cur an dá áras i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh de chuid na heagraíochta ar fáil do phobal na Gaeilge le húsáid mar ionaid chomhdhála, chruinnithe, ranganna agus eile chun árais an Chonartha a fhorbairt mar lárionaid chultúrtha Ghaeilge i gcroílár an dá chathair.

Is Leor Beirt, líonra Ciorcal Comhrá Chonradh na Gaeilge

Tá cúrsaí teagaisc Gaeilge, ciorcail chomhrá, oícheanta cheoil agus shóisialta, comhdhálacha agus cruinnithe rialta á reáchtáil in árais Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh araon, agus is féidir le heagrais Ghaeilge nó daoine aonair eile seomraí a ghlacadh ar cíos ón gConradh ar bhonn laethúil, seachtainiúil, míosúil nó fiú bliantúil le feidhmiú ó cheachtar den dá áras i gcaitheamh na bliana.

Eagraíonn Coiste Contae Bhaile Átha Cliath ár gcruinnithe sa Cheannáras ar Shráid Fhearchair agus mholfainn na seomraí athchóirithe go láidir. Luadh  cheana sa bhlag seo gur eagraíodh Dianchúrsa Cáilíochta Stiúrthóirí Naíonraí Forbairt Naíonraí Teoranta ansin le déanaí agus bhí an t-aiseolas a fuair muid an-dearfach ar fad.

Pádraig Mac Fhearghusa

Deir Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: “Is fóram daonlathach phobal na Gaeilge é Conradh na Gaeilge agus tá an eagraíocht tugtha don chomhoibriú le heagrais Ghaeilge eile leis an teanga a chur chun cinn ar fud an oileáin. Ar scáth a chéile a mhaireann muid agus is mór againn an deis cuireadh a thabhairt do na heagraíochtaí agus do na daoine aonair atá ag feidhmiú ar son na Gaeilge freisin, leas a bhaint as áiseanna Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh le pobal na teanga a neartú sa dá chathair sin, agus go deimhin ar fud na tíre.”

Chomh maith le hArd-Oifig náisiúnta Chonradh na Gaeilge, feidhmíonn mór-eagrais na gluaiseachta ar son na teanga ón bhfoirgneamh ar Shráid Fhearchair cheana féin, ina measc Oireachtas na Gaeilge; Ógras; Seachtain na Gaeilge; Glór na nGael, Laighean; Rith 2010; Raidió Rí-Rá; An tIonad Saor-Chomhairle Dlí de chuid Chraobh na gCeithre Chúirt; An Siopa Leabhar; agus Club Chonradh na Gaeilge.

Áras na nGael

Feidhmíonn Togra Ghael-Fhorbairt na Gaillimhe de Chonradh na Gaeilge ó Aras na nGael ar 45 Sráid Doiminic i nGaillimh, mar aon le Club Áras na nGael agus Ógras, Cúige Chonnacht.

Rinneadh athchóiriú ar Cheannáras stairiúil Chonradh na Gaeilge ar 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2 le déanaí buíochas le síntiúis fhlaithiúla ó chraobhacha an Chonartha agus le cabhair ón Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ó Chiste na Gaeilge, atá páirt-mhaoinithe ag an gCrannchur Náisiúnta, agus tá an foirgneamh á fhorbairt anois mar ionad oibre, áis chruinnithe agus lárionad cultúrtha do phobal na Gaeilge sa phríomhchathair.

Tá Áras na nGael ag feidhmiú mar lárionad na Gaeilge i nGaillimh faoi láthair agus tá Conradh na Gaeilge ag obair ar láthair úr a aimsiú le hionad níos mó a fhorbairt le tuilleadh áiseanna a sholáthair do phobal na teanga sa chathair amach anseo freisin.

Mairéad Uí Mhaonaigh, Altan & Rinceoirí Gaelacha ag seoladh Tionscadal 16

Tháinig Mairéad Uí Mhaonaigh an ceoltóir aitheanta ón mbanna ceoil Altan chomh fada le Sráid Uí Chonaill inné chun feachtas nua deonach le haghaidh Lárionad Náisiúnta Gaeilge a sheoladh. Tionscadal 16 is ainm don fheachtas ó tharla gur sprioc an fheachtais ná an €10m atá ag teastáil a bhailiú faoi 2016 mar chuid den chomóradh ar an Éirí Amach.

Gaeil agus gníomhaithe Tionscadal 16.

Dónal Ó Conaill, Fionnuala Nic Cormaic, Aoife Ní Scolaí, Dónal Ó Baoill, Breandán Mac Cormaic,  Mairéad Uí Mhaonaigh, Julian de Spáinn, Tomás Mac Ruairí agus mé féin a bhí i láthair ag an seoladh.

Seán Ó hAdhmaill lasmuigh den Chultúrlann i mBéal Feirste

Seo a leanas roinnt de na grianghraif a ghlac mé agus mé ag tabhairt cuairte ar Bhéal Feirste thar deireadh seachtaine na Cásca.

Tá Cultúrlann McAdam/Ó Fiaich lonnaithe i bhfoirgneamh sean-séipéal Preispitéireach. Bhíodh mórshiúlta an Oird Bhuí ag fágáil an tséipéil gach 12 Iúil go dtí na seascaidí. Bhídís ag casadh ar dheis síos Broadway, ainm gallda na sráide (má thagann an t-ainm Gaelach chugam ó Ghael eolach athróidh mé é) measctha go reiligiúnach ag an am.

Bhí naíscoil na bhFál agus Meánscoil Feirste, anois Coláiste Feirste lonnaithe ann go sealadach go dtí go bhfuair sí cóiríocht bhuan.

Faoi láthair, tá an siopa leabhar an Ceathrú Póilí, Nuacht24, Raidió Fáilte, comhlacht meán cumarsáide, POBAL agus bialann lonnaithe sa Chultúrlann.

Tá foireann na Cultúrlainne féin lonnaithe ann agus cinntíonn siad go mbíonn réimse leathan d’imeachtaí sóisialta agus oideachasúla ar siúl san fhoirgneamh.

Ionad Turasóireachta na Cultúrlainne

Ceann de na buanna móra atá ag an gCultúrlann ná go mealltar turasóirí isteach sa Chultúrlann chun eolas a fháil ón ionad turasóireachta atá lonnaithe inti agus le feiceáil ar dheis. Cruthaítear nasc idir gnólachtaí áitiúla agus féilte agus an Ghaeilge chomh maith mar gheall ar an ionad turasóireachta seo a bheith lonnaithe i suíomh Gaelach. Bheadh an buntáiste céanna ann dá bhféadfadh muid Oifig Eolais Turasóireachta a mhealladh chuig Lárionad Náisiúnta Gaeilge sa phríomhchathair.