DVD eolais faoin ngaelscolaíocht.

Sna sála ar dhrochthorthaí gaelscoileanna áirithe sna 6 Chontae a clúdaíodh sa bhlag seo cúpla seachtaine ó shin léiríonn torthaí nua ón Roinn Oideachais ansin go bhfuil gaelscoileanna ar an iomlán sna 6 Chontae ag saothrú torthaí níos airde sa Bhéarla agus sa Mhatamaitice ná scoileanna Béarla.

Ní soiléir ón scéal atá clúdaithe ag an Daily Mirror an de dheasca drochthorthaí na scoileanna Béarla is cúis leis seo nó buntáiste breise an dátheangachais sonraithe go minic i dtaighde agus scaipthe ag eagrais gaelscolaíochta le blianta beaga anuas.

Mar thacadóirí láidir den ghaelscolaíocht tá sé rí-thábhachtach dúinn go léir bheith toilteanach aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna inár scoileanna nuair a thagann siad chun solais. Muna ndéanaim muid seo go luath agus go tapaidh éireoidh cúrsaí níos measa agus ceisteofar iontaofacht an chórais gaelscolaíochta ina iomláine. Ní leor chomh maith meon críochdheighilteach a bheith againn – a deir, “Ní bhaineann sin linne”. Má cheistítear an córas luath-thumoideachas iomlán in aon áit tá baol indíreach ann don chóras ina iomláine.

Belfast Telegraph

Tá sé tugtha le fios ag an Belfast Telegraph (nach aon cairde iad leis an Ghaeilge is fíor sin) go raibh seacht gaelscoil, d’ár leis an Roinn Oideachais sna 6 Chontae, nach raibh caighdeán oideachas “sásúil” ar fáil a sholáthar acu.

Aisfhreagra an tAire Oideachais Caitríona Ruane ná go bhfuil cigireacht lárnach i gcaighdeáin a ardú sna scoileanna lán-Ghaeilge. Breis ar fáil anseo.

In alt eile tugtar léargas ar mheon na dtuismitheoirí atá ag leanúint lena dtacaíocht don chóras a fhad agus go bhfuil feabhsú i gcleachtas ag tarlú sna scoileanna laige.

Comhairle na Gaelscolaíochta sna 6 Chontae

Leagann Seán Ó Coinn, Comhairle na Gaelscolaíochta an locht leis an Roinn Oideachais agus na gníomhaireachtaí stáit agus an easpa tacaíochta atá tugtha acu do na gaelscoileanna nua thar na blianta fada.  Luann sé fadhb cóiríochta na scoileanna lán-Ghaeilge sna 6 Chontae agus an gá a bhí ag roinnt de na scoileanna seo a mbuiséad le haghaidh foirne a úsáid chun íoc as cíos foirgnimh sealadacha. Luaigh sé chomh maith an gá le breis tacaíochta inseirbhíse gairmiúil.

Tchítear dom go bhfuil turas rothaíochta urraithe á eagrú ag TACA chun chabhrú leis an ghaelscolaíocht sna 6 Chontae. Mholfainn do dhaoine tacú leis gníomhaíocht tiomsuithe airgid cibé slí gur féidir leo.

Breis eolais ar fáil ón ngrúpa Facebook nó ó shuíomh idirlíon TACA.

Chuir Foras na Gaeilge deontas d’imeachtaí idirscoile ar fáil do na scoileanna lán-Ghaeilge agus Ghaeltachta. Rinne GAELSCOILEANNA TEO. na deontais seo a dháileadh agus a riaradh. Bhíodh an-tóir ar na deontais seo. Níl GAELSCOILEANNA TEO. ag glacadh le hiarratais i láthair na huaire ach deir siad go bhfuil súil acu go bhfógrófar na deontais arís go luath.

Tríd an scéim seo, bhíodh deis ag scoileanna imeacht dá rogha féin a reáchtáil le scoileanna eile agus chuir GAELSCOILEANNA TEO. suas go €500 / £450 in aghaidh na himeachta ar fáil (dá mba rud é go raibh 2 scoil rannpháirteach ann) agus suas go €750 / £675 in aghaidh na himeachta ar fáil dá mba rud é go raibh 3 scoil nó níos mó rannpháirteach ann. Bheadh na h-íocaíochtaí seo de réir admhála. Bhí na himeachtaí idirscoile oscailte do:

  • Naíonraí /naíscoileanna agus gaelscoileanna
  • Gaelscoileanna amháin
  • Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí
  • Gaelcholáistí amháin

Tugann imeachtaí idirscoile mar seo deis thábhachtach do na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta nasc a chruthú le scoileanna eile. Ó thráth na gceist go cluichí peile, spreagann na himeachtaí ilghnéitheacha seo cumarsáid agus spraoi trí mheán na Gaeilge, rud a théann chun leasa na scoile, chun leasa na ndaltaí agus chun leasa an scoilphobail.

Fiosraigh faoi thodhchaí na deontais imeachtaí idirscoile seo trí ríomhphost a chur ag oifig@gaelscoileanna.ie nó glaoch a chur ar 01 8535193.

Ach ní gá deontas le haghaidh gach imeacht idirscoile ach go háirithe má tá naíonra/naíscoil agus gaelscoil, mar shampla, ar an gcampas céanna. Léirigh roinnt samhlaíocht agus lorg urraíocht nó bailigh cúpla Euro sibh féin más gá. B’fhéidir go mbeidh bhur gcraobh áitiúil de Chonradh na Gaeilge toilteanach cúpla Euro a chur i bhur dtreo?

Cothóidh muid naisc idir ár scoileanna agus/nó naíonraí chun an scoilphobail a fhíorú!

Tá mé i mo séú bhliain anois mar mhac léinn ar Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Chaith mé ceithre bliana ag déanamh bunchéim le Fiontar, BSc in Airgeadas Ríomhaireacht agus Fiontraíocht ab ainm di. Níl sí ann a chuile, tá céimeanna eile ina háit. Ní raibh mise chomh tógtha faoi seo agus mar a bhí daoine eile i mo bhliain ach sin scéal eile.

Jailbreak, imeacht nuálaíoch Cumann Gaelach OCBÁC

Le linn mo thréimhse ansin, bhí an Cumann Gaelach measartha gníomhach agus cé go dtuigtear dom gur thit sé i léig tar éis dúinn fágáil, feictear dom go bhfuil beocht uair inti le bliain anuas ar a laghad. Chruthaigh siad imeacht nua, Jailbreak (b’fhearr liom féin an t-ainm ÉALÚ) ina dtaistealaíonn péire gaeil óga chomh fada agus gur féidir leo fud fad na tíre. Déantar seo ag baint leas as an gcóras iompair poiblí gan oiread agus cent rua a chaitheamh agus gan ach Gaeilge a labhairt acu.

Chomh maith leis sin bhí Oifigeach Gaeilge ag an gColáiste. Ar an drochuair ‘sé mo thuairim féin agus tuairim go leor do mo chomhleacaithe nach raibh sa phost inainneoin éirimiúlacht na fostaithe a bhí sa phost ag tréimhsí éagsúla ach Oifigigh Margaíochta Fiontar. Is trua liom é a rá ach b’fhéidir gur sin ceann de na fáthanna nár eagraíodh feachtas mór i gcoinne cinneadh údaráis na hOllscoile deireadh a chur leis an phost.

Mar a luaigh mé táim ar ais in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath anois i mbun iarchéime le Fiontar, MA sa Chleachtas Dátheangach (beidh ainm na hiarchéime sin ag athrú arís chomh maith). Cuireadh ceist orm bheith rannpháirteach ar “Steering Group – Official Languages Act 2003“.

Is grúpa é a fheidhmíonn trí Bhéarla – tús maith, eh? Cibé lochtanna atá leis an Achta agus tchím go leor leor acu go minic tugann sé deis dúinn buanna beaga a fháil a thiontóidh isteach i mbuanna móra le ham agus le pleanáil chuí.

Faoi láthair i Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath níl ann don Ghaeilge (nach mór) lasmuigh de Fiontar.

Seo sliocht ón gCéad Scéim Teanga 2006:

Seirbhísí a sholáthraítear trí mheán na Gaeilge amháin faoi láthair:
Oibríonn Fiontar trí mheán na Gaeilge. Cuireann Fiontar clár idirdhisciplíneacha fochéimithe agus iarchéimithe ar fáil, agus déanann sé taighde i bhfeidhmiúcháin do theanga na Gaeilge i sochaí chomhaimseartha. Tá na cláir agus na seirbhísí uile do mhic léinn i Fiontar déanta trí mheán na Gaeilge.

Seirbhísí dátheangacha a sholáthraítear faoi láthair:
Ní seirbhísí ar bith ar fáil go dátheangach faoi láthair.

Seirbhísí a sholáthraítear trí mheán an Bhéarla amháin faoi láthair:
Cuirtear gach seirbhís eile ar fáil trí mheán an Bhéarla amháin faoi láthair. Soláthraíonn an mhír a leanas mionsonraí maidir le treisiú na seirbhísí atá le cur ar fáil go dátheangach le linn na scéime seo.”

Mar sin cad iad na cathanna beaga gur féidir linn a bhuachaint in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath leis an Ghaeilge a leathnú amach níos faide ná doirse ríomhlann Fiontar mar a léirigh an Cumann Gaelach sa choláiste gur féidir a dhéanamh.

Cúpla gnímh a mholaim féin:

  • Iniúchadh a thoiseach ar leibhéal inniúlacht Gaeilge baill foirne a oibríonn ar champas an Choláiste (oibrí slándála, glantóirí, freastalaithe an tsiopa, na bialainne éagsúla, na dochtúra agus na poitigéire san áireamh).
  • Na seirbhís Gaeilge (nua) ó na daoine atá cumasach sa teanga agus toilteanach an tseirbhís a chur ar fáil a fhógairt go forleathan thar ar an gColáiste.
  • Scéim Cónaithe lán-Ghaeilge a bhunú dírithe ar mhic léinn nach mic léinn Fiontar amháin iad: Ag toiseach le 10 Scoláireacht cónaithe saor in aisce agus 10 ar leathluach a chur ar fáil do na hiarrthóirí a éiríonn leo.  Bheadh ar ranníocaíocht an dara sciar den scoláireacht bheith bunaithe ar obair an mac léinn.
  • Modúil Gaeilge agus trí Ghaeilge a chur ar fáil i réimsí nach bhfuil clúdaithe ag Fiontar mar shampla sna heolaíochtaí agus san Altranacht.
  • Aonad Gaeilge a bhunú le beirt fostaithe lán-aimseartha mar thús ina mbeadh sí mar aidhm ag an Aonad plean teanga a fhorbairt don Ollscoil agus le cead údaráis na hOllscoile. Bheadh ról traenála ag an Aonad chun cumas sa Ghaeilge a fhorbairt i measc baill foirne atá lonnaithe ar champas na hOllscoile – ag díriú ar dtús báire ar fhostaithe túslíne.
  • Go mbeidh 50% de fhógraí Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath trí Ghaeilge nó dátheangach (Gaeilge & Béarla).

Mar sin iarraim ort dhá nóiméad a chaitheamh ag scríobh nóta ghearr (aighneacht) chuig údaráis leis na pointí thuas agus/nó do phointí féin ar cad go chóir do OCBÁC a ofráil i dtaobh seirbhíse Gaeilge de.

Breis eolais anseo

Seol aighneachtaí chuig gaeilge@dcu.ie roimh an 21 Bealtaine 2010.

Nasc chuig físeáin Thóstal na Gaeilge 2010

Dá mba rud é cosúil liom féin nach raibh deis agat freastal ar Thóstal na Gaeilge i mbliana is féidir na príomhchainteanna a fheiceáil trí chliceáil ar an íomhá thuas.

Bheadh sé deas bhur dtuairimí faoin dTóstal agus faoin méid a bhí le rá sna cainteanna a chloisteáil.

Brian Hayes, Urlabhraí Oideachais Fine Gael

Tá an tuairisc ar dhíolúine na Gaeilge do dhaltaí iarbhunscoile atá fós ag foghlaim teangacha eile agus ráiteas Brian Hayes ina leith tar éis an díospóireacht athchothú lena ráiteas i gcoinne éigeantacht na Gaeilge go dtí an Ard-teist agus tá an dioscúrsa níos leithne faoi thábhacht agus múineadh na Gaeilge agus teangacha i gcoitinne sa chóras oideachais sna 26 Co. athchothaithe sna meáin dá bharr chomh maith.

Seo a leanas roinnt de na hailt agus litreacha a fhoilsíodh sna nuachtáin le déanaí ar an ábhar.

Comhar na Múinteoirí Gaeilge: Díolúine ón nGaeilge ina hábhar imní do mhúinteoirí, 20 Aibreán

Irish Times: Status of Irish in Schools

Mo litir féin, 20 Aibreán

Litir Cormac McMahon, 17 Aibreán

Irish Times:Language Gap is Latest Threat to Jobs, 20 Aibreán

Sunday Times: Gaeilge dodgers lose out with star, 18 Aibreán

Sunday Independent: Rewards of Learning Irish, litir Éanna Ó Ceallaigh, 18 Aibreán

Sunday Business Post: Schools have Failed Irish, litir Maurice O’Connell, 18 Aibreán

Tá an t-uafás lochtanna leis an chóras oideachais mar atá i dtaca le múineadh na Gaeilge ach ceann de na modhanna chun feabhas a chur leis seo ná le cúrsa comhtháite Gaeilge cosúil le Séideán Sí.

Tuigtear dom tar éis bheith ag plé le COGG ar an gceist seo go bhfuil spéis ag an Roinn Oideachais agus Scileanna Séideán Sí a úsáid le haghaidh na scoileanna náisiúnta.

Ar an drochuair cuir amú ama na múinteoirí agus na páistí scoile sin gan trácht ar chur amú airgid an cháiníocóra a bheadh i gceist leis an iarracht seo airgead a shábháil sa ghearrthéarma. Ní oireann Séideán Sí do dhaltaí nach dtosaíonn ag foghlaim conas léamh as Gaeilge go dtí Rang 2.

Curaclam Ar Líne

Seo a leanas a deir an churaclam faoi léitheoireacht na Gaeilge i ngaelscoileanna agus i scoileanna náisiúnta sna 26 Co.

Curaclam na Gaeilge: Léitheoireacht

“Déantar forbairt chórasach ar scileanna na réamhléitheoireachta i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge ag tosú i ranganna na naíonán. Ba cheart i gcónaí fanacht go mbíonn an páiste réidh don léitheoireacht agus bunús maith faoina c(h)umas cainte. Sa tréimhse ullmhúcháin treiseofar scileanna labhartha an pháiste. Éistfidh an páiste leis an múinteoir ag léamh os ard as leabhair oiriúnacha thaitneamhacha, agus ar an mbealach sin cothófar dúil sa léitheoireacht ann/inti. Is féidir leabhair scéalaíochta agus téacsanna simplí Gaeilge, mar shampla lipéid aitheantais, a bheith ar taispeáint sa seomra ranga. De ghnáth ní thosófar ar léitheoireacht na Gaeilge go foirmiúil roimh rang 2 i scoileanna T2. Faoin am sin beidh bunús maith ag an bpáiste i léitheoireacht an Bhéarla agus b’fhéidir go dtarlódh méid áirithe den traschur scileanna.

Cuirtear béim sna scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge ó thosach agus i scoileanna T2 ó na meánranganna ar aghaidh ar scileanna léitheoireachta níos airde…”.

Is gá mar sin cúrsa comhtháite Gaeilge oiriúnach do pháistí i scoileanna náisiúnta a fhorbairt agus tuigtear dom go bhfuil “an teicneolaíocht a fhorbairt” do chúrsa mar seo.

Pat Carey Aire nua Gaeltachta ag labhairt ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2010.

Is dea-scéal é chomh maith go bhfuil moltaí Chonradh na Gaeilge i leith páirt-tumadh sna scoileanna náisiúnta tugtha san áireamh sa dréacht-straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus go bhfuil an tAire nua, Pat Carey ina bhfuil feidhmiú na Straitéise mar dhualgas air tiomanta an Straitéis a fheidhmiú. Ag freagairt ceiste de mo chuidse ag an Ard-Fheis (Chonradh na Gaeilge) dhearbhaigh sé gur sprioc pearsanta do féin tús a chur le feidhmiú na Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge le linn an dhá bhliain amach romhainn. Chomh maith, tacaítear ann le Gaeilge sa chóras oideachais (Gaeilge éigeantach) go dtí leibhéal na hArdteiste mar pholasaí Stáit mar a rinneadh sa Ráiteas Rialtais i dtaobh na Gaeilge, Nollaig 2006.


Deir an dréacht-straitéis a leanas (Lth 17):

Páirt-Tumadh: naíonáin

Tá sé i gceist, chomh luath agus is féidir i gCéim II (Blianta 4-15 (2013-25): Céim Fheidhmithe II) dul go dtí an staid ina dtairgfear páirt-tumadh sa Ghaeilge do gach leanbh. Déanfar é sin a fheidhmiú ar bhonn céimnitheach ag teacht leis an dul chun cinn a dhéanfar ó thaobh inniúlachtaí múinteoirí a neartú sa réimse sin trí chlár cuimsitheach infheistíochta d’fhorbairt ghairmiúil do mhúinteoirí.

D’fhéadfaí sin a sheachadadh trí roinnt ábhair phríomhshrutha a theagasc trí Ghaeilge i ranganna na naíonán agus mar chomhlánú air sin dhéanfaí ullmhú i gCéim II ar chláir ábhar a theagasc trí Ghaeilge sna blianta láir agus sna hardbhlianta  sa bhunscoil.  Is é an aidhm atá ann sa deireadh thiar go mbeadh faoin am a mbeidh Céim III (Blianta 16-20 (2026-30): Céim Fheidhmithe III) bainte amach oideachas páirt-tumtha i nGaeilge á thairiscint in ábhair eile do gach dalta sna príomhscoileanna a bhíonn ag gabháil don Ghaeilge mar chroí-ábhar. Bainfear na bearta sin amach ar bhonn céimnithe, agus le cuidiú leis sin déanfar uas-sciliú ar an bhfoireann.

Bainfear leas mar is cuí as dreasachtaí mar scéim duaiseanna GLEO le misneach a thabhairt do scoileanna óna thaobh seo. Mar thacaíocht don straitéis sin déanfar forbairt ar acmhainní agus ar ábhair do scoileanna agus cuirfear ar fáil iad.

Tá an líne deireanach spéisiúil ach an-ghinearálta, athróinn féin “acmhainní” go dtí “cúrsa comhtháite don Ghaeilge”.

Mary Coughlan, Aire nua Oideachais & Scileanna

Is cinnte go mbeidh Conradh na Gaeilge ag leanúint leis an stocaireacht ar an gceist seo ach tá súil agam go mbeidh doras agus cluas an tAire Oideachais agus Scileanna reatha níos oscailte ná mar a bhí an dá Aire a tháinig rompi.

Tá jab crua le déanamh aici ach beidh le feiceáil an rachaidh sí i ngleic leo siúd nach bhfuil chomh tógtha léi féin faoin nGaeilge laistigh den Roinn Oideachais & Scileanna.

Anita Nic Amhlaoibh ag labhairt faoi fhorbairt an pháiste ag Dianchúrsa Stiúrthóirí Naíonra FNT

Thosaigh Dianchúrsa Stiúrthóirí Naíonra FNT Dé Máirt. Tá 18 rannpháirtí ag freastal ar an Dianchúrsa agus spéis acu cáilíocht Stiúrthóra FNT a bhaint amach chun feidhmiú i naíonra Gaelach reatha agus/nó naíonra nua i mí Mheán Fómhair nó sna blianta amach romhainn. Is jab ríthábhachtach é post an stiúrthóra naíonra, cé nach bhfaigheann siad mórán aitheantais di.

Is sa naíonra Gaelach/naíscoil a fhaigheann páistí a gcéad blaiseadh den chóras luath-thumoideachas iomlán. Leantar leis an gcóras seo sna Gaelscoileanna. Tá sé thar a bheith tábhachtach mar sin go bhfuil ardchaighdeán Gaeilge agus na tacaíochtaí cuí ag an stiúrthóir naíonra agus í (é, amach anseo) i mbun plean teanga an naíonra a chur i bhfeidhm.

Guím gach rath orthu!

Tá an dianchúrsa áirithe seo spéisiúil toisc go bhfuil sé ar siúl i gCeannáras Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath den chéad uair (le blianta fada nó riamh). Is as Conradh na Gaeilge a tháinig na Naíonraí Gaelacha agus uathu siúd a tháinig Comhchoiste Réamhscolaíocht Teo. Bunaíodh Forbairt Naíonraí Teoranta in 2003 mar chomharba ar an gComhchoiste Réamhscolaíochta Teo.

Is céim dhearfach í go bhfuil an comhoibriú idir-eagraíochta sin á athchothú agus iarraim ar chraobhacha agus ar bhaill aonair an Chonartha mura bhfuil sibh cheana, teagmháil a dhéanamh leis an naíonra Gaelach áitiúil agus bhur dtacaíocht a ofráil leo. Mura bhfuil naíonra sa cheantar is pointe tosaigh maith é i dtaobh pobal Gaelach a chothú.

Craobh Ghlór na Ríogh

Dála an scéil is Cathaoirleach í Anita ar Chraobh Ghlór na Ríogh i Nás, Co. Chill Dara agus luadh liom go bhfuil an chraobh úd ag tacú leis an bhfeachtas!

Gabhaim buíochas libh as ucht na tacaíochta.

Brúfaidh muid níos faide ar aghaidh don Chonradh!