Rinneadh athdheimhniú ar pholasaí ainmniúcháin scéimeanna tithíochta agus scéimeanna ilchineálacha nua bunaithe ar stair áitiúil, ar an mbéaloideas, agus / nó ar logainmneacha ach an ainm bheith sonraithe as Gaeilge.

Vótáil tromlach na gcomhairleoirí ó chuile pháirtí i gcoinne rún ón gComhairleoir Dermot Lacey (L. O.) a mhol “and English” a chur ag deireadh an pholasaí reatha, rud a mhaolódh tábhacht oideachais agus cultúrtha (maraon le brí) an rún féin.

Leag Críona Ní Dhálaigh (SF) rún síos ag maíomh nach n-athrófaí an polasaí reatha agus nach nglacfaí leis an méid a bhí molta ag Lacey (agus bainisteoir na Comhairle). Vótáil an tromlach céanna do rún Ní Dhálaigh.

Tharla seo mar gheall ar fheachtas láidir stocaireachta eagraithe ag Conradh na Gaeilge sa phríomhchathair inár úsáid baill Chonradh na Gaeilge agus cairde na Gaeilge nach iad an líonra sóisialta Facebook, ríomhphoist agus téacsanna (ar líne) chun a dtuairim a chur os comhair 61 Comhairleoir Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus chun nuashonraithe a scaipeadh i measc an phobail ar cé hiad na comhairleoirí a bhí ag fógairt a dtacaíocht don pholasaí reatha.

Is bua cinniúnach í seo don Ghaeilge, bua athdheimhnithe agus tá taithí anois faighte ar bhreis Gaeil agus cairde na Gaeilge ar stocaireacht ar son na cúise.

Coinnigí bhur súile amach le haghaidh feachtais eile amach anseo!

Is féidir leat breathnú ar an díospóireacht agus an vóta féin anseo (téigh go 7.1.5.2 timpeall 1:24)

DVD eolais faoin ngaelscolaíocht.

Sna sála ar dhrochthorthaí gaelscoileanna áirithe sna 6 Chontae a clúdaíodh sa bhlag seo cúpla seachtaine ó shin léiríonn torthaí nua ón Roinn Oideachais ansin go bhfuil gaelscoileanna ar an iomlán sna 6 Chontae ag saothrú torthaí níos airde sa Bhéarla agus sa Mhatamaitice ná scoileanna Béarla.

Ní soiléir ón scéal atá clúdaithe ag an Daily Mirror an de dheasca drochthorthaí na scoileanna Béarla is cúis leis seo nó buntáiste breise an dátheangachais sonraithe go minic i dtaighde agus scaipthe ag eagrais gaelscolaíochta le blianta beaga anuas.

Mar thacadóirí láidir den ghaelscolaíocht tá sé rí-thábhachtach dúinn go léir bheith toilteanach aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna inár scoileanna nuair a thagann siad chun solais. Muna ndéanaim muid seo go luath agus go tapaidh éireoidh cúrsaí níos measa agus ceisteofar iontaofacht an chórais gaelscolaíochta ina iomláine. Ní leor chomh maith meon críochdheighilteach a bheith againn – a deir, “Ní bhaineann sin linne”. Má cheistítear an córas luath-thumoideachas iomlán in aon áit tá baol indíreach ann don chóras ina iomláine.

Belfast Telegraph

Tá sé tugtha le fios ag an Belfast Telegraph (nach aon cairde iad leis an Ghaeilge is fíor sin) go raibh seacht gaelscoil, d’ár leis an Roinn Oideachais sna 6 Chontae, nach raibh caighdeán oideachas “sásúil” ar fáil a sholáthar acu.

Aisfhreagra an tAire Oideachais Caitríona Ruane ná go bhfuil cigireacht lárnach i gcaighdeáin a ardú sna scoileanna lán-Ghaeilge. Breis ar fáil anseo.

In alt eile tugtar léargas ar mheon na dtuismitheoirí atá ag leanúint lena dtacaíocht don chóras a fhad agus go bhfuil feabhsú i gcleachtas ag tarlú sna scoileanna laige.

Comhairle na Gaelscolaíochta sna 6 Chontae

Leagann Seán Ó Coinn, Comhairle na Gaelscolaíochta an locht leis an Roinn Oideachais agus na gníomhaireachtaí stáit agus an easpa tacaíochta atá tugtha acu do na gaelscoileanna nua thar na blianta fada.  Luann sé fadhb cóiríochta na scoileanna lán-Ghaeilge sna 6 Chontae agus an gá a bhí ag roinnt de na scoileanna seo a mbuiséad le haghaidh foirne a úsáid chun íoc as cíos foirgnimh sealadacha. Luaigh sé chomh maith an gá le breis tacaíochta inseirbhíse gairmiúil.

Tchítear dom go bhfuil turas rothaíochta urraithe á eagrú ag TACA chun chabhrú leis an ghaelscolaíocht sna 6 Chontae. Mholfainn do dhaoine tacú leis gníomhaíocht tiomsuithe airgid cibé slí gur féidir leo.

Breis eolais ar fáil ón ngrúpa Facebook nó ó shuíomh idirlíon TACA.

I gcomhpháirtíocht nua, tá Conradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath,  Fundóireacht na Gaeilge agus an iris Comhar i mbun eagrúcháin do sheimineár a reáchtálfar an seachtain seo chugainn.

Pléifí saincheisteanna an fhéiniúlacht náisiúnta agus tionchar an domhandaithe ar theangacha mhionlaigh ag an seimineár agus beidh ionchur ó léachtóirí agus taighdeoirí cáiliúla maraon le deis d’ionchur ón bpobal.

Eagrófar an seimineár, dar teideal ‘ Féiniúlacht, cultúr agus teanga  i ré an domhandaithe’ san Óstán Davenport taobh le Cearnóg Mhuirfean Dé Sathairn 15 Bealtaine 2010.

Gréagóir Ó Dúill, File

Labharfaidh Ó Dúill faoin ngaol idir litríocht chomhaimseartha na Gaeilge agus an pholaitíocht.

An Dr. Máirín Nic Eoin, Coláiste Naomh Pádraig.

Is í ‘Gaeltacht, Gaelchultúr agus Ceist na Féiniúlachta’ teideal caint Nic Eoin.

An Dr. Brian Ó Conchubhair, Ollscoil Notre Dame.

Pléifidh Ó Conchubhair ceist an bhféiniúlacht náisiúnta agus gluaiseacht na hathbheochana Gaeilge.

Dr. Conchúr Ó Giollagáin, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.

Labhróidh Ó Giollagáin ar an gcomhthéacs domhanda agus an tionchar a bhíonn ag an domhandú ar theangacha mhionlaigh.

An tOllamh Mícheál Ó Cróinín, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

Pléifid  Ó Cróinín ceist na Gaeilge agus cultúr na hinmharthanachta sa chur i láthair a bheidh á dhéanamh.

Tá lucht eagraithe ag súil go mbeidh spéis i measc mic léinn ollscoile, múinteoirí agus léachtóirí tríú leibhéil sa tseimineár ach cuirfear fáilte roimh an phobal i gcoitinne freastal ar an imeacht.

Am & Dáta: 9 r.n. go dtí a 4 i.n., Dé Sathairn, 15 Bealtaine 2010

Ionad: Óstán an Davenport, B.Á.C. 2.

Breis eolais faoin seimineár lae ar fáil ó Fhondúireacht na Gaeilge trí ríomhphost a sheoladh chuig eolas@fnag.ie.

Seo í an dara físeán atá curtha le chéile ag Gaeil O.C.Bh.Á.C. chun aird a tharraingt ar an easpa tacaíochta a mhothaíonn siad go gcuirtear ar fáil ó Aontais na Mac Léinn an choláiste.

Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath

Tá O.C.Bh.Á.C. i mbun próiseas comhairliúcháin faoi láthair mar chuid de phróiseas dréachtaithe dara Scéim Teanga na hOllscoile. Ba chóir go mbeadh an Aontais ag fógairt an phróisis seo agus ag léiriú ceannaireacht ar cheist na teanga ar leasa na mac léinn sa choláiste.

Mar gheall ar easpa toil sa choláiste agus easpa gnímh (Aontas) na mac léinn agus áirím mé féin anseo bhí staid na Gaeilge (lasmuigh de Fiontar) sa choláiste scannálach ar ullmhú an chéad Scéim Teanga. Is beag dul chun cinn atá déanta go dtí seo, ach tá mé dóchasach gur féidir dul chun cinn éigean a dhéanamh leis an dara Scéim Teanga. Más féidir linn mar shampla, Scéim Cónaithe Gaeilge a bhaint amach bheadh sin ina tús mhaith go bhféadfaí tógáil uirthi.

Má tá athrú chun tarlú tá gá le héileamh ón bpobal, éileamh i bhfoirm aighneachtaí – ní chiallaíonn seo i ndáiríre ach ríomhphost le do thuairimí ar na seirbhísí as Gaeilge agus go dátheangach gur mhian leat feiceáil sa choláiste.

Seol bhur smaointe chuige gaeilge@dcu.ie roimh an 21 Bealtaine 2010.

Máire Mhic Giolla Íosa ag labhairt le slua i gColáiste Feirste.

Rinne Roinn Ealaíon Choláiste Feirste faoi stiúir an mhúinteora Conchubhair Mac Lochlainn, taifeadú ar chuairt Mháire Mhic Giolla Íosa ar an Choláiste 22 Aibreán 2010. Cliceáil ar an íomhá thuas.

D’oscail an tUachtarán Ionad Tacaíochta Foghlamtha nua na scoile agus bhí sí  rannpháirteach i gceiliúradh daichead bliain den Ghaeloideachas sna 6 Chontae eagraithe don lá céanna.

Scéim Cónaithe Gaeilge ó mhic léinn in OCBÁC

Mar is eol, gur bheag iad líon na n-aighneachtaí a seoltar isteach chuig comhlachtaí poiblí go hiondúil agus iad i mbun comhairliúcháin poiblí Scéimeanna Teanga d’Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Cinnte, seolann Conradh na Gaeilge agus Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge aighneachtaí isteach gach uair atá comhairliúchán poiblí ann agus fógraíonn siad na próisis comhairliúcháin seo trí mhodhanna poiblíochta éagsúla ar líne nó trí nuachtlitir clóite an Chonartha, mar shampla. 

Ach seo an chéad uair a chonaic físeán curtha le chéile dírithe ar dhaoine a spreagadh chun gníomh, go gcloisfí a ngutha mar chuid den phróiseas comhairliúchán.

Mar a luaigh mé roimhe ar an mblag seo tá grúpa Facebook bunaithe ag an dream de Ghaeil O.C.Bh.Á.C. agus tá tacaíocht beagnach 200 faighte acu go dtí seo.