Mé féin agus Tara ag seoladh DVD Comhluadar Cén Teanga?

Tháinig an grianghraf seo chomh fada liom ar maidin. Bhí mé féin agus Tara i láthair ag seoladh Comhluadar den DVD Cén Teanga? an tseachtain seo caite.

Tá leagan leictreonach ar fáil anseo mar sin scaip go forleathan é.

Comhthionscadal é seo idir Comhluadar agus Dublin Community TV. Is dul chun cinn mór é seo, ceann atá i bhfad thar am i ndáiríre ach an-dearfach go bhfuil sé againn anois. Ba chóir go scaipfí go forleathan ar thuismitheoirí páistí i naíonraí, gaelscoileanna/scoileanna gaeltachta agus tuismitheoirí nua.

Bhí alt faoin DVD san Independent an tseachtain seo caite chomh maith.

Mar a luaigh mé roimhe seo ar lá eile, tá mo bhean chéile féin, Tara, torrach faoi láthair agus muid ag tnúth lenár gcéad pháiste le chéile. Mar sin, tá go leor de na saincheisteanna atá pléite sa DVD an-spéisiúil dúinn féin go pearsanta.

Mholfainn d’éinne atá ag smaoineamh faoi pháistí a bheith acu iad a thógáil le Gaeilge. Beidh an Béarla acu mar gheall ar uileláithreacht na teanga sin ach níl aon chinnteacht go mbeidh an Ghaeilge ag do pháiste go nadúrtha mura dtógfaí le Gaeilge iad, nó ag an gcéad ghlúin eile.