Baill de Lárchoiste RITH tar éis teachtaireacht an Uachtaráin a bhailiú do bhaitín RITH 2010.

Dea-scéal tá RITH 2010 ainmnithe le dul san iomaíocht do Ghradam TG4 do sheirbhísí don Ghaeilge mar chuid de Ghradaim na hAislinge.

Tá iomaíocht tréan ag an bhféile reatha pobail ach le tacaíocht rannpháirtithe an fhéile agus tacadóirí atá ag tnúth leis an chéad RITH eile, RITH 2012 cuirfear troid mhaith isteach don Ghradam.

Ní thógfaidh sé ach cúpla soicind ort vótáil do RITH 2010 trí chliceáil ar an nasc seo.

Má tá cúpla nóiméad eile agat scaip nasc an bhlag seo ar do leathanach Twitter, Facebook nó trí ríomhphost chun breis daoine a spreagadh chun vótáil.

I láthair na huaire tá 41% den vóta ag RITH 2010 ach tá an iomaíocht ghéar go maith.

Mé féin agus Tara oíche Shathairn na hArd-Fheise

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leo siúd go léir (78 a vótáil ar mo shon) a thaisteal go Luimneach agus a thacaigh liom.

Mar eolas, seo thíos téacs na hóráide a thug mé maidin Shathairn na hArd-Fheise:

A Chonraitheoirí, a chairde,

Tá sibh thar a bheith maith ag muscailt chomh luath seo tar éis oíche chomh déanach agus do roinnt daoibh tar éis turas chomh fada.

Fáiltím roimh an deis seo chun labhairt libh, ceannródaithe na Gaeilge, baill Chonradh na Gaeilge, gach fear agus bean idir óg agus sean ag suí gualainn le gualainn anseo ar maidin. Áirím mé féin anois agus arís sa chatagóir sin “sean”, go háirithe agus mé ag spraoi sa pháirc le mo mhac! Níl sé anseo inniu ach tá ráite aige liom go bhfuil sé bródúil as a Dhaidí.

Tá mo bhean céile, Tara, mo chrann taca agus m’inspiorad le linn an fheachtais seo agus i bhfad roimhe, ag tnúth le lenár gcéad páiste le chéile. Gael óg eile ag teacht ar an tsaol.

Tosaím leis an t-eolas sin chun go gcuimhneoidh muid gur ghnáth dhaoine muid. Tusa, mise, sinne go léir. Is cuma cad as a dtagann muid más as Ciarraí nó Béal Feirste, Baile Átha Cliath nó Co. An Chláir, Dún Dealgan nó Corcaigh, Gaillimh nó Tiobráid, nó má tá an t-ádh leat le bheith i do chónaí i gcathair cois fharraige, Luimnigh ar bhruach na Sionainne!

Is daoine muid ar fad, daoine a fhaigheann tinn agus gortaithe, a éiríonn díspreagtha agus eaglach uaireanta. Níl aon rud níos eaglach ná an éiginnteacht, agus le blianta beaga anuas tá an domhain tar éis athrú agus tá an éiginnteacht chun tosaigh inár n-aigne.

Mar sin, tá muid ag bráth ar a chéile agus ar ár dtacaíochtaí pearsanta, ár gcairde, ár gclainne agus ár bpobal. Is ón tacaíocht sin a fhaigheann muid agus a ofrálann muid ar ais gan cheist agus mar ghnáth nós gaelach, is as sin a dtagann láidreacht na nGael.

Is as na gaolta a chothaíonn muid agus muid sáite in obair phobal, ag feidhmiú ar an talamh a thagann meas ar an eagraíocht stairiúil bhródúil seo. Is gá don obair seo bheith feiceálach agus éifeachtach. Is gá chomh maith go mbeadh an obair seo bunaithe ar fhís.

Is dul chun cinn tábhachtach í an straitéis 20 Bliain ach níl inti ach treoir dúinn agus muid ag feidhmiú go leanúnach sa phobal. Níl aon rialtas nó aon phlean reachtúil chun an Ghaeilge a athshlánú, ach obair fiúntach spreagúil i nach paróiste fud fad na tíre.

Tá sé tábhachtach don Chonradh go dtéann muid amach agus go mbuaileann muid le daoine ar an talamh chun go gceannóidh siad isteach ar ár bhfís.

Más í aidhm na heagraíochta seo, a chinntiú go mbeidh an Ghaeilge mar gnáth-theanga labhartha na tíre seo, beidh gá againn le heagraíocht i bhfad níos mó chun mórphobal na tíre seo a thabhairt linn.

Eagraíocht chomh mór agus mar a bhí i gConradh na Gaeilge breis agus céad bliain ó shin. Ní tharlóidh seo thar oíche ach ní tharlóidh sé riamh muna leagan muid síos spriocanna praiticiúla dúinn féin mar eagraíocht.

Mar sin déanfaidh mé geallúint libh agus ba mhian liom go ndéanfaidh sibh geallúint ar ais liom, go ndíreoidh muid le chéile ar a leanas sa bhliain amach romhainn.

  • Ardú 20% i mBallraíocht nua chun an Chonradh a neartú.
  • Ardú 20% sa Bhailiúchán náisiúnta chun an Chonartha a chothú.
  • Ardú 20% i Síntiús na nGael chun ioncaim leanúnach a thabhairt d’ár clár oibre a chur i gcrích.

Tá mo chuid tosaíochtaí feicthe agaibh agus tá mo thaifead ar eolas agaibh. Fágaim fúibh, na baill an cinneadh deiridh a dhéanamh.

Brúfaidh muid níos faide ar aghaidh don Chonradh!

CRÍOCH


Coiste Gnó Chonradh na Gaeilge

In ainneoin nach raibh tromlach na vótaí againn an uair seo, spreagann sé mé gur tháinig go leor de chraobhacha a thacaigh liom ar ais isteach chun deireadh chlár oibre na hArd-Fheise a chríochnú.

Léiríodh sin leis an meascán maith atá againn ar an gCoiste i mbliana:

Peadar de Blúit, Seán Ó hAdhmaill, Cóilín Ó Cearbhaill, Ruadhán Mac Aodháin, P T Mac Ruairí, Eoghan Mac Cormaic, Jacqueline Uí Mhuirí, Seán Ó Drisceoil, Lochlainn Ó Catháin, Máire Ní Laoire & Celine Ní Chóchlaigh.

Ionadaithe na mBall Aonair: Caithnia Ó Muircheartaigh & Mícheál Ó Ruairc

Comhthoghfar triúr eile ón mballraíocht ghinearálta ag an gcéad chruinniú den Choiste Gnó i mí Bealtaine.

Dar le Bunreacht an Chonartha is féidir le gach Coiste Contae agus gach Dáil Chúige (struchtúr réigiúnach an Chonartha) ionadaí a chur ar an gCoiste Gnó.

Chomh maith leis sin bíonn ionadaí amháin ó chuile eagraíocht faoi scáth- Chonradh na Gaeilge ar an gCoiste Gnó: Seachtain na Gaeilge, Oireachtas na Gaeilge, Ógras agus Coimisiún le Rincí Gaelacha.

Ceannáras Chonradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, B.Á.C.

Rannpháirtíocht sa Chonradh

Le linn an fheachtais bunaíodh grúpa Facebook inár chláraigh 233 (mura n-áirím mé féin) duine leis an ngrúpa.

Roinnt díobh seo tá siad gníomhach cheana i gcraobhacha de Chonradh na Gaeilge ach go leor eile níl siad cláraithe mar bhaill den Chonradh.

Tá sé tábhachtach mar sin nach gcaillfí an deis an spéis nua seo sa Chonradh a thiontú isteach i mballraíocht mhéadaithe agus níos gníomhaí.

Mar sin, iarraim féin ar éinne nach bhfuil ballraíocht acu le Conradh na Gaeilge an deis seo a thapú agus ballraíocht a thógáil le príomheagraíocht dheonach na Gaeilge, bíodh sin trí chlárú i gcraobh reatha i do cheantar, trí chraobh a bhunú leat féin agus le do chomhleacaithe nó trí bhallraíocht aonair a ghlacadh leis an gConradh.

Brúfaidh muid níos faide ar aghaidh don Chonradh!

Grianghraif go luath.

Guím comhghairdeas ó chroí le Pádraig as a bhua.

D’éirigh leis an slua a thabhairt leis agus sin a bhaineann toghcháin. Tá mé féin ag tnúth leis an mbliain romhainn agus beidh mé chomh gníomhach céanna sa Chonradh agus a bhí riamh. D’éirigh le chuile rún de Chraobh na nGael Óg agus d’éirigh linn rannpháirtíocht san Ard-Fheis a mhéadú mar gheall ar an bhfeachtas feiceálach a eagraíodh.

Vóta deiridh na hUachtaránachta:

78 Seán Ó hAdhmaill

128 Pádraig Mac Fearghusa

Mar atá lucht na Mumhan ag insint dom go leanúnach, “beidh lá eile ag an bPaorach”.

Brúfaidh muid níos faide ar aghaidh don Chonradh!

Lorraine Uí Bhroin, Sinéad Nic Giolla Chainnigh & mé féin

Thaisteal mé go Gaillimh inné chun bualaadh le roinnt craobhacha agus a dtuairimí a fháil ar obair reatha agus féideartha an Chonartha. Le linn na camchuairte seo ar Chontae agus ar chathair na Gaillimhe bhuail mé le Sinéad Nic Giolla Chainnigh, príomhoide Ghaelscoil Riada agus Lorraine  i mBaile Átha an Rí. An uair dheireanach a thug mé cuairt ar an scoil ba é an chéad turas oifigiúil dom chuig Gaelscoil mar Oifigeach Forbartha GAELSCOILEANNA TEO. Chuaigh mé mar ionadaí na heagraíochta, cé nach raibh baint agam (ach amháin i dtaobh thacaíocht riaracháin na hoifige) le bunú na scoile. An fhíor-obair ar an talamh bhí sé sin déanta ag an gCoiste Bunaithe agus Sinéad nuair a fostaíodh í le comhairle agus tacaíocht leanúnach ó Cholm Mac Eoin, iarOifigeach Forbartha GAELSCOILEANNA TEO. Chaith mé bliain ag feidhmiú mar Fheidhmeannach le GAELSCOILEANNA TEO. sula bhfuair mé post an Oifigigh Fhorbartha.

Rinne an Coiste Bunaithe DVD a d’úsáid mé go leor uair eile agus mé ag bualadh leis na Coistí Bunaithe ar chabhraigh mé féin leo agus iad ag díriú ar an bpróiseas bunaithe scoile.

An rud atá spéisiúil faoi Ghaelscoil Riada ná go bhfuil craobh cláraithe acu le Conradh na Gaeilge ina bhfuil Sinéad agus Lorraine gníomhach inti. Ar an drochuair ní bheidh siad i láthair ag an Ard-Fheis mar gheall ar chruinniú eile atá eagraithe ag Foras Pátrúnachta na Scoileanna Lán-Ghaeilge don deireadh seachtaine céanna lártíre.

Is dócha dá mbeadh níos mó daoine bainteach le scoilphobal na Gaelscoile/Gaelcholáiste meallta isteach sa Chonradh agus gníomhach inti ní bheadh amhlaidh ag tarlú, dúshlán eile romhainn is dócha.

Luaigh Sinéad liom go ndeachaigh ranganna 3-5 ón nGaelscoil thart timpeall ar na gnólachtaí áitiúla le póstaeir a bhí deartha acu le frásaí Gaeilge orthu agus chroch siad suas ar na gnólaíochtaí iad mar chuid de cheiliúradh Sheachtain na Gaeilge na scoile.

Gúna Geal, siopa éadaí & seodra fáilteach roimh an nGaeilge

Feictear tionchar na scoile ar roinnt de ghnólachtaí na háite, mar shampla, tháinig mé ar an siopa thuas i lár Bhaile Átha an Rí agus rinne fostaí sa siopa sár-iarracht cibé Gaeilge a bhí aici a labhairt liom. Bhí mé ag ceannach bronntanais bhig do Thara i ndiaidh di cur suas liom thar thréimhse an fheachtais! Níl an feachtas thart fós ach táimid beagnach ann.

Bhí cúpla moladh spéisiúil ag Sinéad agus Lorraine ar conas ar féidir linn comhthéacs na teanga a leathnú amach as na seomraí ranga.

Mhol siad go rachfadh Uachtarán Chonradh na Gaeilge i dteagmháil le ceannasaíocht an CLG i dtaobh pholasaí earcaíochta na n-Oifigeach Forbartha a fhostaíonn siad chun cinntiú go mbíonn Gaeilge fheidhmeach ag go leor díobh agus go gcuirfí iad siúd le cumas tairsí sa Ghaeilge a chur ag feidhmiú sna Gaelscoileanna agus sna scoileanna Gaeltachta, agus i gClubanna CLG le rannpháirtíocht ard ó na Gaelscoileanna/scoileanna Gaeltachta.

Mhol Daithí de Buitléir ón gCumann Gaelach in DCU liom roimhe seo gur chóir go mbeadh na Cúl Campaí a eagraíonn an Cumann Lúthchleas Gael i rith an tsamhraidh trí Ghaeilge. Ceapaim go bhfuil solúbthacht ann straitéis Gaelaithe an CLG a ullmhú, ag toiseach go beag agus ag leathnú amach de réir a chéile.

Moladh eile a bhí acu ná an gá le Plean Timireachta a chur i bhfeidhm le go bhféadfaí Timire Contae  a roinnt ar chúpla ceantar agus comhimeachtaí agus feachtais a eagrú idir grúpaí go réigiúnach. Sílim gur an-smaoineamh é seo agus ceann atá Conradh na Gaeilge a phleanáil le Comhluadar agus Glór na nGael le tamaill anois. An chonstaic is mó a fheicim ná teacht ar shruthanna ioncaim (poiblí nó príobháideacha) chun plean den chineál seo a mhaoiniú.

Sula n-éiríonn muid tógtha faoi chúrsaí maoinithe is gá cuimhneamh mar a mheabhraigh Sinéad go bhfuil “pobal le tógáil againn!”

Mar eolas, tá Craobh na nGael Óg lena bhfuil mé féin bainteach ag moladh rún ag an Ard-Fheis:

“Éilíonn an Ard-Fheis seo ar an Aire Oideachais agus Eolaíochta (Scileanna anois) i gcomhthéacs an Phlean 20 Bliain don Ghaeilge agus geallúint an Rialtais go leanfaí leis an tacaíocht do scoileanna Lán-Ghaeilge, go nglacfaí teanga na scoile molta san áireamh go dearfach mar chuid den phróiseas aitheantais do scoileanna nua.”

Go bunúsach ciallódh seo go nglacfaí an Ghaeilge mar theanga na scoile san áireamh go dearfach i dtaca le critéir an phróisis bunaithe scoile rud nár tharla roimhe seo agus a chinntigh bac ar bhunú gaelscoileanna le dhá bhliain anuas.

Is tosaíochtaí í seo agus agus tacaíocht phraiticiúil a ofráil do Ghaelscoil Ráth Tó dom. Tá Gaelscoil Ráth Tó, Co. na Mí atá ag oscailt i mbliana gan aitheantas toisc nach ligfidh tuismitheoirí agus pobal na Gaeilge d’éinne cosc a chur orainn scolaíocht lán-Ghaeilge a chur ar fáil d’ár bpáistí!

Brúfaidh muid níos faide ar aghaidh don Chonradh agus d’athbheochan na Gaeilge!

 

Brúfaidh muid níos faide don Chonradh le Seán Ó hAdhmaill.

Agallaimh Raidió
Seo a leanas roinnt de na hagallaimh raidió atá déanta agam go dtí seo mar chuid den fheachtas toghchánaíochta.
Éist leis an agallamh ar Raidió na Life
Éist leis an agallamh ar Raidió Fáilte
 

Ar an drochuair ní raibh Pádraig Mac Fhearghusa ar fáil le páirt a ghlacadh i ndíospóireachtaí eile a lorg Splanc, Newstalk (09.04.10) agus BLAS ar BBC Raidió Uladh (12.04.10)
Lóistín
Mura bhfuil do lóistín socraithe go fóill tá breis seomraí faighte ag an gConradh. Más mian leat a bheith i lár an aonaigh, fan san Óstán Strand trí theagmháil a dhéanamh le Mairéad san Ardoifig, +353 1 475 7401 nó mairead@cnag.ie

Má tá lóistín níos saoire uait, tá lóistín a dhóthain agus gar don Ard-Fheis ar fáil ó Jury’s Inn €53 le haghaidh seomra beirte (€26.50 an duine). Breis eolais ar fáil anseo.

Taisteal
Gan dabht más ceist airgid atá ann agus cónaí ort gar go leor do Luimneach d’fhéadfá taisteal go dtí an Ard-Fheis go luath maidin Shathairn agus fanacht ar feadh an lae.

Rinne mé iarracht teacht ar an díospóireacht a bhí ar Raidió na Gaeltachta idir mé féin agus Pádraig Mac Fhearghusa ach tá sé imithe ó shuíomh RnaG.
Tá sé rí-thábhachtach go mbeidh an Conradh chomh hionadaíoch agus mar sin chomh daonlathach agus gur féidir.
 

Teicneolaíocht nua ag an Ard-Fheis
Munar féidir leat freastal ar an Ard-Fheis go fisiciúil i mbliana, beidh fáil ort fós do thuairimí a nochtadh tríd an mBalla Twitter (seol teachtaireachtaí Twitter le #afcnag ag deireadh na teachtaireachta).

Beidh tú ábalta teacht ar an mBalla Twitter agus an fotha beo (craoladh beo ar líne) ón Ard-Fheis anseo.

 

Camchuairt ar an Iarthar

Mar eolas, beidh mé féin ag taisteal timpeall iarthar na tíre amárach má tá éinne ag iarraidh bualadh liom chun mo chuid tuairimí a phlé faoi dhul chun cinn an Chonartha. Fáiltím go mór roimh ghlaonna is cuma cén áit a bhfuil tú lonnaithe chun mo thuairimí féin a phlé agus más gá soiléiriú a dhéanamh ar aon cheist.

Brúfaidh muid níos faide ar aghaidh don Chonradh!
Daithí Mac Cárthaigh, IarUachtarán Chonradh na Gaeilge

Tá feachtas Sheáin Uí Adhmaill d’Uachtaránacht Chonradh na Gaeilge tar éis dul i dtreise inniu leis an scéal go bhfuil iarUachtarán Chonradh na Gaeilge, Dáithí Mac Cárthaigh ag tabhairt a chuid tacaíochta don fheachtas.

Bhí Dáithí Mac Cárthaigh mar Uachtarán idir 2005-08 agus bhí baint lárnach aige leis an bhfeachtas STÁDAS agus Beartas Oideachais an Chonartha. Sheas sé i dtoghcháin an tSeanaid agus cé nár éirigh leis an uair sin, d’ardaigh sé próifíl Bheartas Oideachais an Chonartha le linn an toghcháin. Is abhcóide  dlí é agus bhí baint aige leis an gcás cúirte a thóg an Foras Pátrúnachta, Gaelscoil Mhic Easmainn agus Gaelscoil Nás na Ríogh ar cheist an Luath-Thumoideachais Iomláin.
Is bua mór é seo d’fheachtas Uí Adhmaill atá ag bailiú nirt fud fad na tíre as gach aoisghrúpa.

Dúirt Ó hAdhmaill, “Táim an-sásta leis an tacaíocht seo ó iarUachtarán a bhí bainteach le ceann de na feachtais is mó a d’eagraigh na Gaeil riamh. Tugadh stádas nua oifigiúil oibre don Ghaeilge san Eoraip mar gheall uirthi seo ach anois is gá an stádas sin a threisiú anseo in Éirinn. Déanfar seo, ní hamháin sna cúirteanna nó sna tithe parlaiminte, ach i measc an phobail.”

Mairéad Uí Mhaonaigh, Altan & Rinceoirí Gaelacha ag seoladh Tionscadal 16

Tháinig Mairéad Uí Mhaonaigh an ceoltóir aitheanta ón mbanna ceoil Altan chomh fada le Sráid Uí Chonaill inné chun feachtas nua deonach le haghaidh Lárionad Náisiúnta Gaeilge a sheoladh. Tionscadal 16 is ainm don fheachtas ó tharla gur sprioc an fheachtais ná an €10m atá ag teastáil a bhailiú faoi 2016 mar chuid den chomóradh ar an Éirí Amach.

Gaeil agus gníomhaithe Tionscadal 16.

Dónal Ó Conaill, Fionnuala Nic Cormaic, Aoife Ní Scolaí, Dónal Ó Baoill, Breandán Mac Cormaic,  Mairéad Uí Mhaonaigh, Julian de Spáinn, Tomás Mac Ruairí agus mé féin a bhí i láthair ag an seoladh.

Seán Ó hAdhmaill lasmuigh den Chultúrlann i mBéal Feirste

Seo a leanas roinnt de na grianghraif a ghlac mé agus mé ag tabhairt cuairte ar Bhéal Feirste thar deireadh seachtaine na Cásca.

Tá Cultúrlann McAdam/Ó Fiaich lonnaithe i bhfoirgneamh sean-séipéal Preispitéireach. Bhíodh mórshiúlta an Oird Bhuí ag fágáil an tséipéil gach 12 Iúil go dtí na seascaidí. Bhídís ag casadh ar dheis síos Broadway, ainm gallda na sráide (má thagann an t-ainm Gaelach chugam ó Ghael eolach athróidh mé é) measctha go reiligiúnach ag an am.

Bhí naíscoil na bhFál agus Meánscoil Feirste, anois Coláiste Feirste lonnaithe ann go sealadach go dtí go bhfuair sí cóiríocht bhuan.

Faoi láthair, tá an siopa leabhar an Ceathrú Póilí, Nuacht24, Raidió Fáilte, comhlacht meán cumarsáide, POBAL agus bialann lonnaithe sa Chultúrlann.

Tá foireann na Cultúrlainne féin lonnaithe ann agus cinntíonn siad go mbíonn réimse leathan d’imeachtaí sóisialta agus oideachasúla ar siúl san fhoirgneamh.

Ionad Turasóireachta na Cultúrlainne

Ceann de na buanna móra atá ag an gCultúrlann ná go mealltar turasóirí isteach sa Chultúrlann chun eolas a fháil ón ionad turasóireachta atá lonnaithe inti agus le feiceáil ar dheis. Cruthaítear nasc idir gnólachtaí áitiúla agus féilte agus an Ghaeilge chomh maith mar gheall ar an ionad turasóireachta seo a bheith lonnaithe i suíomh Gaelach. Bheadh an buntáiste céanna ann dá bhféadfadh muid Oifig Eolais Turasóireachta a mhealladh chuig Lárionad Náisiúnta Gaeilge sa phríomhchathair.