Baile Átha Cliath le Gaeilge

 

Tá sé déanach go maith ag teacht ach tá sé linn anois.

Déanaim tagairt de shuíomh idirlíon cuimsitheach nua d’imeachtaí Gaeilge sa Phríomhchathair. Ó seo amach léirítear láidreacht, fuinneamh agus fairsinge phobal na Gaeilge i mBaile Átha Cliath in áit amháin.

Más déagóir nó pinsinéir thú, múinteoir nó mac léinn, foghlaimeoir nó cainteoir dúchais beidh rud éigin anseo duit.

Téigh go dtí http://www.baclegaeilge.com le haghaidh na himeachtaí Gaeilge  is fearr i mBaile Átha Cliath.

Má tá imeacht Gaeilge agat atá fonn fógartha ort téigh go http://www.baclegaeilge.com

Má tá smaointe uait le haghaidh do cheantar féin téigh go http://www.baclegaeilge.com

Tá mé i mo séú bhliain anois mar mhac léinn ar Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Chaith mé ceithre bliana ag déanamh bunchéim le Fiontar, BSc in Airgeadas Ríomhaireacht agus Fiontraíocht ab ainm di. Níl sí ann a chuile, tá céimeanna eile ina háit. Ní raibh mise chomh tógtha faoi seo agus mar a bhí daoine eile i mo bhliain ach sin scéal eile.

Jailbreak, imeacht nuálaíoch Cumann Gaelach OCBÁC

Le linn mo thréimhse ansin, bhí an Cumann Gaelach measartha gníomhach agus cé go dtuigtear dom gur thit sé i léig tar éis dúinn fágáil, feictear dom go bhfuil beocht uair inti le bliain anuas ar a laghad. Chruthaigh siad imeacht nua, Jailbreak (b’fhearr liom féin an t-ainm ÉALÚ) ina dtaistealaíonn péire gaeil óga chomh fada agus gur féidir leo fud fad na tíre. Déantar seo ag baint leas as an gcóras iompair poiblí gan oiread agus cent rua a chaitheamh agus gan ach Gaeilge a labhairt acu.

Chomh maith leis sin bhí Oifigeach Gaeilge ag an gColáiste. Ar an drochuair ‘sé mo thuairim féin agus tuairim go leor do mo chomhleacaithe nach raibh sa phost inainneoin éirimiúlacht na fostaithe a bhí sa phost ag tréimhsí éagsúla ach Oifigigh Margaíochta Fiontar. Is trua liom é a rá ach b’fhéidir gur sin ceann de na fáthanna nár eagraíodh feachtas mór i gcoinne cinneadh údaráis na hOllscoile deireadh a chur leis an phost.

Mar a luaigh mé táim ar ais in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath anois i mbun iarchéime le Fiontar, MA sa Chleachtas Dátheangach (beidh ainm na hiarchéime sin ag athrú arís chomh maith). Cuireadh ceist orm bheith rannpháirteach ar “Steering Group – Official Languages Act 2003“.

Is grúpa é a fheidhmíonn trí Bhéarla – tús maith, eh? Cibé lochtanna atá leis an Achta agus tchím go leor leor acu go minic tugann sé deis dúinn buanna beaga a fháil a thiontóidh isteach i mbuanna móra le ham agus le pleanáil chuí.

Faoi láthair i Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath níl ann don Ghaeilge (nach mór) lasmuigh de Fiontar.

Seo sliocht ón gCéad Scéim Teanga 2006:

Seirbhísí a sholáthraítear trí mheán na Gaeilge amháin faoi láthair:
Oibríonn Fiontar trí mheán na Gaeilge. Cuireann Fiontar clár idirdhisciplíneacha fochéimithe agus iarchéimithe ar fáil, agus déanann sé taighde i bhfeidhmiúcháin do theanga na Gaeilge i sochaí chomhaimseartha. Tá na cláir agus na seirbhísí uile do mhic léinn i Fiontar déanta trí mheán na Gaeilge.

Seirbhísí dátheangacha a sholáthraítear faoi láthair:
Ní seirbhísí ar bith ar fáil go dátheangach faoi láthair.

Seirbhísí a sholáthraítear trí mheán an Bhéarla amháin faoi láthair:
Cuirtear gach seirbhís eile ar fáil trí mheán an Bhéarla amháin faoi láthair. Soláthraíonn an mhír a leanas mionsonraí maidir le treisiú na seirbhísí atá le cur ar fáil go dátheangach le linn na scéime seo.”

Mar sin cad iad na cathanna beaga gur féidir linn a bhuachaint in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath leis an Ghaeilge a leathnú amach níos faide ná doirse ríomhlann Fiontar mar a léirigh an Cumann Gaelach sa choláiste gur féidir a dhéanamh.

Cúpla gnímh a mholaim féin:

  • Iniúchadh a thoiseach ar leibhéal inniúlacht Gaeilge baill foirne a oibríonn ar champas an Choláiste (oibrí slándála, glantóirí, freastalaithe an tsiopa, na bialainne éagsúla, na dochtúra agus na poitigéire san áireamh).
  • Na seirbhís Gaeilge (nua) ó na daoine atá cumasach sa teanga agus toilteanach an tseirbhís a chur ar fáil a fhógairt go forleathan thar ar an gColáiste.
  • Scéim Cónaithe lán-Ghaeilge a bhunú dírithe ar mhic léinn nach mic léinn Fiontar amháin iad: Ag toiseach le 10 Scoláireacht cónaithe saor in aisce agus 10 ar leathluach a chur ar fáil do na hiarrthóirí a éiríonn leo.  Bheadh ar ranníocaíocht an dara sciar den scoláireacht bheith bunaithe ar obair an mac léinn.
  • Modúil Gaeilge agus trí Ghaeilge a chur ar fáil i réimsí nach bhfuil clúdaithe ag Fiontar mar shampla sna heolaíochtaí agus san Altranacht.
  • Aonad Gaeilge a bhunú le beirt fostaithe lán-aimseartha mar thús ina mbeadh sí mar aidhm ag an Aonad plean teanga a fhorbairt don Ollscoil agus le cead údaráis na hOllscoile. Bheadh ról traenála ag an Aonad chun cumas sa Ghaeilge a fhorbairt i measc baill foirne atá lonnaithe ar champas na hOllscoile – ag díriú ar dtús báire ar fhostaithe túslíne.
  • Go mbeidh 50% de fhógraí Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath trí Ghaeilge nó dátheangach (Gaeilge & Béarla).

Mar sin iarraim ort dhá nóiméad a chaitheamh ag scríobh nóta ghearr (aighneacht) chuig údaráis leis na pointí thuas agus/nó do phointí féin ar cad go chóir do OCBÁC a ofráil i dtaobh seirbhíse Gaeilge de.

Breis eolais anseo

Seol aighneachtaí chuig gaeilge@dcu.ie roimh an 21 Bealtaine 2010.

Suíomh Caife Óige Gaelach Nua?

Tháinig mé ar smaointe agus mé ag léamh sean eagrán de Ghaelscéal an lá faoi dheireadh. Bhí mé beagán luath le haghaidh cruinnithe agus mar sin chaith mé mo thréimhse scithe ag suí i bhFiacha Stiabhna ag léamh tríd an nuachtán Gaelaigh.

Caife Óige Béarla i Luimneach

Tháinig mé ar alt (ar an drochuair níl cartlann ar líne ag Gaelscéal go fóill cé go bhfuil roinnt de na hailt éagsúla le seachtainí anuas fós curtha ar fáil) a bhain le ciste de €1.5m atá á chur ar fáil ag an Roinn Gnóthaí Óige agus Leanaí le haghaidh caifeanna óige reatha agus nua fud fad na tíre.

Chuimhnigh mé go raibh an spás béal doras le Ceannáras Chonradh na Gaeilge ar chíos, uimhir 5 Sráid Fhearchair agus go bhféadfaí, b’fhéidir, le roinnt samhlaíocht agus comhoibriú idir leithéid, Ógras, Conradh na Gaeilge (an Ardoifig &/nó Coiste Contae Átha Cliath) agus b’fhéidir an tSiopa Leabhar.

Bhí dúshlán riamh ag Club an Chonartha i dtaobh cinntiú go mbeadh sí mealltach mar ionad do d’fhir agus do mhná óga ach ag an am céanna ag cinntiú nach mbeadh daoine faoi aois ag ól alcóil sa Chlub agus nach ndéanfaí damáiste di. Tá a fhios agam seo toisc gur ball den Chlub agus iarfhear bheáir mé.

B’fhéidir gur seo cuid de réiteach na faidhbe sin agus tús leis na tearmainn Gaeilge a mhol Mait Ó Brádaigh ina taighde ar Úsáid na Gaeilge i mBaile Locha Riach le déanaí. Dar leis is gá go mbeadh na tearmainn tumtha Gaeilge seo mar chuid lárnach den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

Dála an scéal bhí cruinniú ráthúil ag Coiste Contae Chonradh na Gaeilge aréir ina raibh láithreacht ó 7 gcraobhacha éagsúla agus ball aonair amháin. Chinn an Choiste tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt Caife Óige i lár Bhaile Átha Cliath do Ghaeil óga na príomhchathrach.

An Teach Gaelach - Scéim Cónaithe Gaeilge COBÁC

Tá Bord na Gaeilge, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath ag tairiscint 24 scoláireacht do mhic léinn atá líofa sa Ghaeilge agus a dteastaíonn uathu í a chur ar aghaidh le tograí nua.

Tá sé ceadaithe ag aon mhac léinn atá ag gabháil d’aon chúrsa de chuid COBÁC cur isteach ar an scéim seo agus roghnaítear an t-iarrthóir rathúil ar bhonn a fhoirm iarratais agus a agallaimh agus mairfidh sé/sí i dTeach na Gaeilge ar champas’.

Beidh ról lárnach ag an iarrthóir rathúil in imeachtaí na mac léinn agus aischúiteofar 40% den chostais chónaithe leis ar chomhlíonadh riachtanais na scéime dó.

Cliceáil ar an íomhá thuas le haghaidh breis eolais.

Tá scéimeanna cónaithe Gaeilge cosúil le seo in aon choláiste Tríú Léibhéal atá bainistíocht an choláiste dáiríre faoin nGaeilge a chur chun cinn i measc a gcuid mac léinn.

Tá scéimeanna cónaithe Gaeilge ar fáil sna coláistí Tríú Léibhéal a leanas:

Scéim Cónaithe ITBÁC

Coláiste na Tríonóide

Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath

Coláiste na hOllscoile, Corcaigh

Táim féin agus Daithí de Buitléir nó Daithí Bán do lucht RITH 2010 ar Choiste Stiúrtha Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 de chuid Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

Tá an Coiste Stiúrtha ag moladh don Ollscoil Scéim Cónaithe Gaeilge (Lth7) bheith mar dhlúthchuid don dara Scéim Teanga atá á ullmhú faoi láthair ag an gColáiste. Beidh le feiceáil cé chomh fábhrach agus atá an ollscoil i leith tumadh sa Ghaeilge.

Is cosúil nach bhfuil amhlaidh ar fáil i gColáiste Phádraig, i gColáiste Marino, i gColáiste Froebel, in Ollscoil na hÉireann Maigh Nuad, Ollscoil na hÉireann Gaillimh, in aon Institiúid Oideachais lasmuigh de Bhaile Átha Cliath, in Ollscoil Uladh nó in Ollscoil na Banríona.

Má tá mé mí-chruinn le haon de na hinstitiúid oideachais seo, abair liom agus déanfaidh mé nuashonrú láithreach. Mholfainn dóibh siúd atá gníomhach sna coláistí thuas sna 26 Co. úsáid a bhaint as na Scéimeanna Teanga atá le hullmhú mar choinníol d’Acht na dTeangacha Oifigiúla chun scéimeanna cónaithe/tumtha Gaeilge a chur i bhfeidhm i bhur gColáistí féin.

Treoirleabhar Acht na dTeangacha Oifigiúla

Aithnímid go léir go bhfuil Acht na dTeangacha Oifigiúla lochtach ach is uirlis é chun athraithe meoin agus polasaí a chur i bhfeidhm i gcomhlachtaí poiblí a chuireann seirbhísí túslíne ar fáil do phobal na hÉireann.

Muna gcuireann muid na haighneachtaí isteach nuair atá Scéimeanna Teanga á hullmhú ní bheidh an tseirbhís atá uainn ar fáil dúinn go dtí an chéad Scéim Teanga eile.

Tóg nóiméad chun cúpla líne a seoladh ar aghaidh chucu seo a leanas:

Oifig na nOibreacha Poiblí: An chéad Dréachtscéim Teanga á hullmhú.

An Bord Pleanála: An dara Scéim Teanga á hullmhú.

Seán Ó hAdhmaill ciorcalaithe ag Coiste 09/10 de Chumann Gaelach Coláiste na Tríonóide

Tar éis oibre agus sula raibh greim bia ite agam thaisteal mé isteach go hinstitiúid stairiúil i lár Chathair Bhaile Átha Cliath. Institiúid stairiúil é Coláiste na Tríonóide atá á ghaelú go mall ach go leanúnach de réir a chéile ag an gCumann Gaelach, ag Oifig na Gaeilge agus ag Roinn na Gaeilge sa Choláiste.  Tugadh cuireadh dom labhairt mar aoí speisialta na hoíche ag Cruinniú Cinn Bhliana Choláiste na Tríonóide agus bhí sé d’ónóir agam glacadh leis an gcuireadh agus bliain rathúil an Chumainn a cheiliúradh leo.

Seán Ó hAdhmaill le roinnt baill de Chumann Gaelach Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath

Ansin ar aghaidh go dtí An Fhéile Ceilteach de chuid m’iarChumann Gaelach féin in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Bhí an t-imeacht ar siúl sa Mont Clare i lár na príomhcathrach i mbliana agus beir leo bhí na sluaite ann. Cé go raibh coiste agus coistí roimhe seo comhdhéanta de mhic-léinn Fiontar den chuid is mó tá pleananna uaillmhianacha ag an gCoiste fás agus tionchar a imirt ar mhórphobal Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath amach anseo.

Andy Ó Faoláin, Seán Ó hAdhmaill, Tríona Ní Mhurchú agus Eoghan Ó Murchadha ó Chumann Gaelach agus Cumann Litríochta Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath.

Gabhaim buíochas le Tríona agus na leaids ó Choláiste na hOllscoile, B.Á.C. as fáilte mhór a chur romham ag Bál na Gaeilge in Óstán Bewleys, imeacht den scoth a bhí eagraithe acu tar éis bliain gnóthach. Tá trí chumann Ghaelacha (An Cumann Gaelach, An Cumann Litríochta agus An Cumann Drámaíochta) acu anois sa choláiste agus neart imeachtaí acu go léir. An ceann is spéisiúla dom féin ná No Béarla, imeacht dírithe ar mhic léinn na hOllscoile a spreagadh le bheith ag labhairt as Gaeilge amháin ar fud an champais ar feadh lae, mar sprioc tanáisteach bhailigh siad na mílte Euro le haghaidh  carthanachtaí éagsúla.

Tara, mo bhean chéile agus mo chrann taca

Ba mhian liom buíochas ó chroí a ghabháil le mo bhean chéile Tara a thaisteal fud fad na cathrach liom aréir (agus í torrach lenár bpáiste! 🙂 ) agus a thóg na grianghraif thuas.  Is crann taca í dom agus is mór dom an tacaíocht atá sí ag tabhairt dom go leanúnach le linn an fheachtais toghchánaíochta seo.