Baile Átha Cliath le Gaeilge

 

Tá sé déanach go maith ag teacht ach tá sé linn anois.

Déanaim tagairt de shuíomh idirlíon cuimsitheach nua d’imeachtaí Gaeilge sa Phríomhchathair. Ó seo amach léirítear láidreacht, fuinneamh agus fairsinge phobal na Gaeilge i mBaile Átha Cliath in áit amháin.

Más déagóir nó pinsinéir thú, múinteoir nó mac léinn, foghlaimeoir nó cainteoir dúchais beidh rud éigin anseo duit.

Téigh go dtí http://www.baclegaeilge.com le haghaidh na himeachtaí Gaeilge  is fearr i mBaile Átha Cliath.

Má tá imeacht Gaeilge agat atá fonn fógartha ort téigh go http://www.baclegaeilge.com

Má tá smaointe uait le haghaidh do cheantar féin téigh go http://www.baclegaeilge.com

Clíona & Dáirne láithreoirí de chuid Raidió RíRá

Tá Raidió Rí-Rá, an chéad chairt-stáisiúin raidió Gaeilge don aos óg, ainmnithe i measc na mBarr 50 Gnó le Gaeilge 2010, gradaim a bhronnfar ag ceiliúradh bliantúil Gradaim Barr 50 Gnó le Gaeilge i dTeach an Ard-Mhéara, Baile Átha Cliath, Dé hAoine, 14 Bealtaine 2010.

Arsa Traic Ó Braonáin, Cathaoirleach Raidió Rí-Rá: “Léiríonn Raidió Rí-Rá nuálaíocht agus úrsmaoineamh sa ghnó i gcónaí tríd an teanga a úsáid ar bhealach nár baineadh leas as i ngnó na Gaeilge go dtí seo – idir na nua-theicneolaíochtaí is déanaí a úsáid, chláracha nuálaíocha a fhorbairt go leanúnach, agus theacht ar mhodhanna éisteachta agus ar mhodhanna margaíochta nua.

“Is mór ag Raidió Rí-Rá aitheantas a fháil don obair cheannródaíoch seo atá ar siúl againn agus ainmniúchán i measc na mbarr 50 gnó is fearr le Gaeilge faighte ag an ógstáisiún i mbliana.”

Chomh maith le hainmniúchán a fháil do na Gradaim Bharr 50 Gnó le Gaeilge 2010 tar éis díreach dhá bhliain chraolta dó, d’éirigh le Raidió Rí-Rá dhá ainmniúcháin a fháil do Ghradaim Chumarsáide mhórmheasúla Oireachtas na Gaeilge anuraidh, áit gur ainmníodh Miriam Maher don ghradam Pearsa Raidió na Bliana agus an clár seachtainiúil PopNuacht don ghradam Clár Raidió na Bliana in iomaíocht le mórstáisiúin sheanbhunaithe Ghaeilge na tíre dá leithéid RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Deir Síne Nic an Ailí, láithreoir agus Oifigeach Caidrimh Phoiblí Raidió Rí-Rá: “Ós rud é gurb é Raidió Rí-Rá an t-aon chairtstáisiún lánGhaeilge don aos óg in Éirinn, táimid tiomáinte le seirbhís ar a laghad chomh maith lena macasamhail ar chairtstáisiúin Bhéarla a chur ar fáil do phobal na Gaeilge, agus go deimhin le seirbhís níos fearr fiú.

“Tapaíonn an stáisiún gach deis le sár-úsáid a bhaint as an nGaeilge sa ghnó i gcónaí, agus tá Raidió Rí-Rá ag treabhadh an ghoirt ag soláthar sheirbhís cheoil agus Ghaeilge d’aos óg na tíre seo trí fheidhmchlár iPhone in aisce a chur ar fáil le híoschóipeáil, trí leas a bhaint as gréasánaíocht shóisialta ar nós Twitter agus Facebook, agus tríd an stáisiún a chur ar fáil ar ghutháin Nokia.”

Tá na hamhráin is mó ó na cairteacha á gcasadh ag Raidió Rí-Rá, go hiomlán trí mheán na Gaeilge, gan stad ar-líne ag www.rrr.ie ó thosaigh an stáisiún ag craoladh ar an idirlíon i mí an Mhárta 2008. Chaith Raidió Rí-Rá trí sheachtain ag craoladh beo ar FM i Márta 2009 agus i Márta 2010 mar stáisiún oifigiúil Sheachtain na Gaeilge, agus bhí teacht ag níos mó ná milliúin go leith duine i mBaile Átha Cliath, Corcaigh, Gaillimh agus Luimneach ar an gcairtstáisiún Gaeilge le linn an chraolacháin bheo.

Tá sé beartaithe ag grúpa oibre Raidió Rí-Rá dul ar an gcóras teilifíse digití agus DAB amach anseo, agus go mbeadh stáisiún raidió Gaeilge lánaimseartha don aos óg ar an gcóras náisiúnta FM freisin.

Ceannáras Chonradh na Gaeilge ar Shráid Fhearchair

Conradh na Gaeilge ag cur an dá áras i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh de chuid na heagraíochta ar fáil do phobal na Gaeilge le húsáid mar ionaid chomhdhála, chruinnithe, ranganna agus eile chun árais an Chonartha a fhorbairt mar lárionaid chultúrtha Ghaeilge i gcroílár an dá chathair.

Is Leor Beirt, líonra Ciorcal Comhrá Chonradh na Gaeilge

Tá cúrsaí teagaisc Gaeilge, ciorcail chomhrá, oícheanta cheoil agus shóisialta, comhdhálacha agus cruinnithe rialta á reáchtáil in árais Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh araon, agus is féidir le heagrais Ghaeilge nó daoine aonair eile seomraí a ghlacadh ar cíos ón gConradh ar bhonn laethúil, seachtainiúil, míosúil nó fiú bliantúil le feidhmiú ó cheachtar den dá áras i gcaitheamh na bliana.

Eagraíonn Coiste Contae Bhaile Átha Cliath ár gcruinnithe sa Cheannáras ar Shráid Fhearchair agus mholfainn na seomraí athchóirithe go láidir. Luadh  cheana sa bhlag seo gur eagraíodh Dianchúrsa Cáilíochta Stiúrthóirí Naíonraí Forbairt Naíonraí Teoranta ansin le déanaí agus bhí an t-aiseolas a fuair muid an-dearfach ar fad.

Pádraig Mac Fhearghusa

Deir Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: “Is fóram daonlathach phobal na Gaeilge é Conradh na Gaeilge agus tá an eagraíocht tugtha don chomhoibriú le heagrais Ghaeilge eile leis an teanga a chur chun cinn ar fud an oileáin. Ar scáth a chéile a mhaireann muid agus is mór againn an deis cuireadh a thabhairt do na heagraíochtaí agus do na daoine aonair atá ag feidhmiú ar son na Gaeilge freisin, leas a bhaint as áiseanna Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh le pobal na teanga a neartú sa dá chathair sin, agus go deimhin ar fud na tíre.”

Chomh maith le hArd-Oifig náisiúnta Chonradh na Gaeilge, feidhmíonn mór-eagrais na gluaiseachta ar son na teanga ón bhfoirgneamh ar Shráid Fhearchair cheana féin, ina measc Oireachtas na Gaeilge; Ógras; Seachtain na Gaeilge; Glór na nGael, Laighean; Rith 2010; Raidió Rí-Rá; An tIonad Saor-Chomhairle Dlí de chuid Chraobh na gCeithre Chúirt; An Siopa Leabhar; agus Club Chonradh na Gaeilge.

Áras na nGael

Feidhmíonn Togra Ghael-Fhorbairt na Gaillimhe de Chonradh na Gaeilge ó Aras na nGael ar 45 Sráid Doiminic i nGaillimh, mar aon le Club Áras na nGael agus Ógras, Cúige Chonnacht.

Rinneadh athchóiriú ar Cheannáras stairiúil Chonradh na Gaeilge ar 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2 le déanaí buíochas le síntiúis fhlaithiúla ó chraobhacha an Chonartha agus le cabhair ón Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ó Chiste na Gaeilge, atá páirt-mhaoinithe ag an gCrannchur Náisiúnta, agus tá an foirgneamh á fhorbairt anois mar ionad oibre, áis chruinnithe agus lárionad cultúrtha do phobal na Gaeilge sa phríomhchathair.

Tá Áras na nGael ag feidhmiú mar lárionad na Gaeilge i nGaillimh faoi láthair agus tá Conradh na Gaeilge ag obair ar láthair úr a aimsiú le hionad níos mó a fhorbairt le tuilleadh áiseanna a sholáthair do phobal na teanga sa chathair amach anseo freisin.

An íomhá nua seo le buíochas ó Chiarán Ó Brolcháin. Tá go leor cinn eile ag buaileadh thart ar an idirlíon faoi láthair.

A chairde agus a thacadóirí,

Níl anseo ach nóta beag le mo bhuíochas a ghabháil le mo chuid tacadóirí as an méid atá bainte amach acu go dtí seo. ‘Sé sin ag mealladh níos mó conraitheoirí inár dtreo agus níos mó airde a tharraingt ar an gConradh mar eagraíocht bhríomhar, ghníomhach agus náisiúnta!

Tá beocht úr sa Chonradh le tamall de bhlianta anuas le hobair dhian na mball agus na gcraobhacha agus sibh ag tógáil pobail ghaelacha fud fad na tíre. Tá sár-obair déanta ag eagrú  feachtais ar nós an fheachtais luath-thumoideachais iomláin i gcomhpháirt le heagrais ghaolmhara eile (breis air seo go luath), Feachtas na Feiceálachta (neart oibre fós le déanamh anseo), an feachtas Glac Leis.

Tá stocaireacht leanúnach á déanamh ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus an obair shuntasach atá déanta ar thosaíochtaí gníomhaíochta an Chonartha don Ghaeltacht (pléifear iad seo mar rún ag an Ard-Fheis) curtha le chéile ag fochoiste Gaeltachta an Chonartha.

Tá tábhacht faoi leith leis na fochoistí chun saineolaithe agus gníomhairí a tharraingt le chéile le spriocanna agus eagrúcháin feachtais a phlé agus a aontú leis an gCoiste Gnó. Tiocfaidh mé ar ais chuige seo níos moille san fheachtas.

Tá an-obair déanta ag an gConradh ar an talamh le ranganna Gaeilge agus imeachtaí sóisialta Gaelacha a eagrú do phobal na hÉireann inár gceantair áitiúla agus tógfaidh muid orthu seo de réir mar a mheallann muid níos mó ball nua isteach sa Chonradh. Cuideoidh níos mó baill linn aghaidh a thabhairt ar fhiacha an Chonartha thar na blianta amach romhainn tríd an mBailiúchán Náisiúnta a mhéadú, imeachtaí tiomsuithe airgid eile a eagrú agus trí shreabhacha ioncaim nua a chothú.

Go pearsanta tá mé féin an-tógtha agus spreagtha leis an oiread tacaíochta atá faighte agam go náisiúnta agus mé ag seasamh le haghaidh Uachtaránacht Chonradh na Gaeilge. Tugann bhur dtacaíocht misneach dom agus bhur gcomhairle inspioráid dom agus mé ag taisteal na tíre ag buaileadh le Conraitheoirí idir chraobhacha agus bhaill aonair.

Is breá liom go bhfuil an tacaíocht seo sonrach i measc gach aon aoisghrúpa agus i ngach aon réigiún den tír. Chomh maith, bhí mé ag labhairt le ball de chraobh Chumann Gaelach Choláiste na Tríonóide a léirigh spéis craobh Austen, Texas a mhealladh le hathchlárú leis an gConradh!

Ag Tógáil Gluaiseachta

Mar a léiríonn an físeán greannmhar ach úsáideach thuas le hanailís ón Meiriceánach David Sivers, is sibhse is cúis leis an mborradh seo ar mo thacaíocht agus ar thacaíocht nua don Chonradh, ní mise.

Bainigí sult as an saoire, tógaigí bhur scíth mar beidh neart oibre le déanamh idir seo agus deireadh an fheachtais. Beidh orainn a  léiriú do na baill nach bhfuil meallta linn go fóill, cé go bhfuil neart oibre fiúntach déanta ag Pádraig Mac Fhearghusa mar Uachtarán, obair a mholann muid, tá sé in am tógáil air seo sa timpeallacht nua ina bhfuil muid mareagraíocht agus mar thír lonnaithe anois.

Brúfaidh muid ar aghaidh níos faide don Chonradh!

Tá sé tábhachtach nach gcreideann muid ár mbolscaireacht féin an iomarca ach gur féidir linn suí siar agus a bheith oscailte, ionraic agus measta inár bplé ar cheisteanna tábhachtacha.

Cé nach n-aontaíonn muid uaireanta le dearcthaí a chéile, tá sé rí-thábhachtach do rathúlacht aon tionscadail, más gnó atá ann nó eagraíocht dheonach cosúil leis an gConradh, go n-éistear le tuairimí na mball / an chustaiméara / an lucht éisteachta /  an phobail. Tá sé rí-thábhachtach chomh maith go mbíonn muid cróga go leor le glacadh le léirmheasanna criticiúla agus fós a bheith ábalta obair as lámha a chéile amach anseo.

Mar sin, bígí ionraic linn faoi cad iad na buanna, na laigí, na deiseanna, na bagairtí agus bhur moltaí ar conas feabhas a chur le tograí fiontraíocha ar nós RITH agus Raidió Rí Rá.

RITH 2010

Cad a cheap tú faoin tacaíocht ó oifig / lárchoiste RITH?

Cad a cheap tú faoi Club RITH?

Cad a cheap tú faoin suíomh gréasáin www.rith.ie?

Cad a cheap tú faoin gclúdach a fuair RITH 2010 sna meáin?

Nó aon tuairim eile atá agat faoin Ollrith ar son na Gaeilge.

Is féidir leat do mholtaí faoi RITH 2010 agus le haghaidh RITH 2012 a sheoladh chuig eolas@rith.ie nó is féidir glaoch a chur ar an oifig +353 (0) 1 475 7401.

Raidió Rí Rá

Cad a cheap tú faoi réimse cláracha Raidió Rí Rá agus an stáisiún ar an aer?

Cad a cheap tú faoi chaighdeán na láithreoirí ar an gclár?

Cad a cheap tú faoin suíomh gréasáin?

Nó aon tuairim eile atá agat faoi fhorbairt an stáisiúin.

Is féidir leat do mholtaí faoi Raidió Rí Rá a sheoladh chuig eolas@raidiorira.ie nó is féidir glaoch a chur ar an oifig +353 (0) 1 475 7401.


Ag Brú níos faide ar aghaidh don Chonradh

Cad faoi m’fheachtas féin? Conas atá ag éirí liom agus le tacadóirí an fheachtais díospóireacht a chothú faoi thodhchaí agus ábharthacht Chonradh na Gaeilge sa lá atá inniu ann?

Cad a cheap sibh faoin díospóireacht bheo ar RnaG inné?

Cad a cheap sibh faoin gclúdach sna meáin go dtí seo?

An bhfuil ag éirí liom breis daoine a mhealladh i dtreo an Chonartha?

Is féidir teachtaireacht phoiblí a fhágáil ar an mblag seo nó ríomhphost a chur chugam ag go.naes [@] gmail.com

Maith nó olc táim ag tnúth le do dhearcadh a chloisteáil.