Athbhliain faoi mhaise daoibh a chairde.

Táim tar éis roinnt fiosruithe a fháil ó chairde agus ó thacadóirí ag fiosrú an mbeidh mé ag seasamh d’Uachtaránacht Chonradh na Gaeilge.

Is mór an onóir dom go gceapann daoine áirithe go mbeinn maith i ról Uachtaránachta an Chonartha, ceann de na rólanna is tábhachtaí i bpobal na Gaeilge.

Aithním tábhacht an ról úd agus an ualach oibre a bheadh i gceist le feidhmiú mar Uachtarán éifeachtach an Chonartha.

Ar an drochuair ag an am seo i mo shaol ní fhéadfainn go praiticiúil an coimitmint cuí a thabhairt don toghchán Uachtaránachta nó d’Uachtaránacht Chonradh na Gaeilge dá mba rud é gur éirigh liom tacaíocht tromlach na mball a fháil.

Tara & Aoibh

Nílim ag seasamh i mbliana mar gheall ar chúinsí pearsanta go príomha. Tá iníon nua againn agus tá sé tábhachtach dom bheith ann di agus do mo bhean céile Tara chomh fada agus is féidir ag an am cinniúnach seo. An bhfuil aon rud níos tábhachtaí do thodhchaí na teanga ná teaghlaigh bríomhara Gaelacha a chothú?

Leanfaidh mé orm ag gníomhaireacht go deonach ar son na Gaeilge laistigh den Chonradh agus go gairmiúil le FNT.

Guím gach ráth ar iarrthóir(í) toghchán Uachtaránacht Chonradh na Gaeilge na bliana seo agus don Uachtarán nua cibé hé nó hí sin.

Ba bhreá liom ag staid éigin amach anseo tabhairt faoi dhúshlán Uachtaránacht Chonradh na Gaeilge chun an eagraíocht s’againn a spreagadh, a athrú agus a láidriú ar leas na Gaeilge agus ar leas pobal na Gaeilge agus na Gaeltacht ach sin scéal le haghaidh lá eile.

Gabhaim buíochas daoibh as na beannachtaí go léir atá faighte agam go dtí seo.

Beir Bua!

Seán

Baill de Lárchoiste RITH tar éis teachtaireacht an Uachtaráin a bhailiú do bhaitín RITH 2010.

Dea-scéal tá RITH 2010 ainmnithe le dul san iomaíocht do Ghradam TG4 do sheirbhísí don Ghaeilge mar chuid de Ghradaim na hAislinge.

Tá iomaíocht tréan ag an bhféile reatha pobail ach le tacaíocht rannpháirtithe an fhéile agus tacadóirí atá ag tnúth leis an chéad RITH eile, RITH 2012 cuirfear troid mhaith isteach don Ghradam.

Ní thógfaidh sé ach cúpla soicind ort vótáil do RITH 2010 trí chliceáil ar an nasc seo.

Má tá cúpla nóiméad eile agat scaip nasc an bhlag seo ar do leathanach Twitter, Facebook nó trí ríomhphost chun breis daoine a spreagadh chun vótáil.

I láthair na huaire tá 41% den vóta ag RITH 2010 ach tá an iomaíocht ghéar go maith.

Baile Átha Cliath le Gaeilge

 

Tá sé déanach go maith ag teacht ach tá sé linn anois.

Déanaim tagairt de shuíomh idirlíon cuimsitheach nua d’imeachtaí Gaeilge sa Phríomhchathair. Ó seo amach léirítear láidreacht, fuinneamh agus fairsinge phobal na Gaeilge i mBaile Átha Cliath in áit amháin.

Más déagóir nó pinsinéir thú, múinteoir nó mac léinn, foghlaimeoir nó cainteoir dúchais beidh rud éigin anseo duit.

Téigh go dtí http://www.baclegaeilge.com le haghaidh na himeachtaí Gaeilge  is fearr i mBaile Átha Cliath.

Má tá imeacht Gaeilge agat atá fonn fógartha ort téigh go http://www.baclegaeilge.com

Má tá smaointe uait le haghaidh do cheantar féin téigh go http://www.baclegaeilge.com

Bhí cruinniú ag Guth na Gaeltachta i nGaoth Dobhair aréir.  Beidh tuairisc faoin chruinniú ar Nuacht TG4 anocht ag 7 a chlog.

Seo iad príomhphointí an chruinnithe:

1.  Cuireadh fáilte roimh Thuarascáil an Chomhchoiste Oireachtais faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus gabhadh buíochas leis an Chomhchoiste as an obair a rinne siad..  Tá gá le brú a chur ar an Rialtas glacadh leis na moltaí seo uilig agus iad a chur i bhfeidhm mar nach bhfanfaidh slánú na Gaeilge sa Ghaeltacht le cúrsaí eacnamaíochta domhanda.

“Is é tátal lom shuirbhé na ndaoine óga nach bhfuil ach idir 15 bliana agus scór blianta fágtha mar shaolré ag an nGaeilge mar theanga theaghlaigh agus phobail sa chuid is láidre den Ghaeltacht, is é sin le rá an chuid den Ghaeltacht a bhaineann le Catagóir A, mura féidir an patrún seo a chur ar mhalairt treo.” (SCT, 2007:27)

2.  Léiríodh imní láidir faoi Thuarascáil na Roinne Airgeadais ar Chaiteachas  Caipitiúil 2010-2016. Má ghlactar lena bhfuil molta beidh deireadh go praiticiúil leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta agus le hÚdarás na Gaeltachta faoi 2016 agus muid ag comóradh 100 Bliain Éirí Amach 1916.  Tá gá le feachtas láidir stocaireachta le cur in aghaidh na tuarascála seo.

3.  Beidh Guth na Gaeltachta ag leanstan ar aghaidh ag stocaireacht go láidir go nglacfaidh le moltaí an Chomhchoiste Oireachtais agus nach nglacfar le moltaí na Roinne Airgeadais.

Rinneadh athdheimhniú ar pholasaí ainmniúcháin scéimeanna tithíochta agus scéimeanna ilchineálacha nua bunaithe ar stair áitiúil, ar an mbéaloideas, agus / nó ar logainmneacha ach an ainm bheith sonraithe as Gaeilge.

Vótáil tromlach na gcomhairleoirí ó chuile pháirtí i gcoinne rún ón gComhairleoir Dermot Lacey (L. O.) a mhol “and English” a chur ag deireadh an pholasaí reatha, rud a mhaolódh tábhacht oideachais agus cultúrtha (maraon le brí) an rún féin.

Leag Críona Ní Dhálaigh (SF) rún síos ag maíomh nach n-athrófaí an polasaí reatha agus nach nglacfaí leis an méid a bhí molta ag Lacey (agus bainisteoir na Comhairle). Vótáil an tromlach céanna do rún Ní Dhálaigh.

Tharla seo mar gheall ar fheachtas láidir stocaireachta eagraithe ag Conradh na Gaeilge sa phríomhchathair inár úsáid baill Chonradh na Gaeilge agus cairde na Gaeilge nach iad an líonra sóisialta Facebook, ríomhphoist agus téacsanna (ar líne) chun a dtuairim a chur os comhair 61 Comhairleoir Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus chun nuashonraithe a scaipeadh i measc an phobail ar cé hiad na comhairleoirí a bhí ag fógairt a dtacaíocht don pholasaí reatha.

Is bua cinniúnach í seo don Ghaeilge, bua athdheimhnithe agus tá taithí anois faighte ar bhreis Gaeil agus cairde na Gaeilge ar stocaireacht ar son na cúise.

Coinnigí bhur súile amach le haghaidh feachtais eile amach anseo!

Is féidir leat breathnú ar an díospóireacht agus an vóta féin anseo (téigh go 7.1.5.2 timpeall 1:24)

DVD eolais faoin ngaelscolaíocht.

Sna sála ar dhrochthorthaí gaelscoileanna áirithe sna 6 Chontae a clúdaíodh sa bhlag seo cúpla seachtaine ó shin léiríonn torthaí nua ón Roinn Oideachais ansin go bhfuil gaelscoileanna ar an iomlán sna 6 Chontae ag saothrú torthaí níos airde sa Bhéarla agus sa Mhatamaitice ná scoileanna Béarla.

Ní soiléir ón scéal atá clúdaithe ag an Daily Mirror an de dheasca drochthorthaí na scoileanna Béarla is cúis leis seo nó buntáiste breise an dátheangachais sonraithe go minic i dtaighde agus scaipthe ag eagrais gaelscolaíochta le blianta beaga anuas.

San fhísean léirítear scéal d’fhorbairt uaillmhianach an Droichid (atá anois cláraithe mar chraobh de Chonradh na Gaeilge ó chruinniú an Choiste Gnó ag an deireadh seachtaine – céad míle fáilte!) le 40 spás tithíochta i bhfoirm arásáin a thógáil agus a sholáthar d’Ollscoil na Banríona mar Scéim Cónaithe Gaeilge do mhic léinn na hOllscoile.

Guím muid gach ráth orthu, agus tá súil agam go mbeidh turais ar siúl idir lucht cónaithe na Scéime sin agus an Scéim Cónaithe atá lucht OCBÁC ag feachtasaíocht ar a son le tamaill anois.

Líonra d'Oifigigh Forbartha Gaeilge maoinithe ag Foras na Gaeilge

An tseachtain seo caite d’eagraigh Foras na Gaeilge seoladh dar teideal Cumasú agus Cothú, a rinne ceiliúradh ar an obair a rinne na hOifigigh Forbartha Gaeilge maoinithe faoi Scéim Phobail Gaeilge an Fhorais.

Chuala muid féin faoi seo ó alt sa Carlow Nationalist scríofa ag ceann de na hOifigigh Forbartha sin Emma Whitmore trí ghearrthóga Gaelport.com, seachtain tar éis an eachtra. Ní shoiléir ó shuíomh Fhoras na Gaeilge gur seoladh preaseisiúint amach fiú faoin imeachta.

Roinnt poiblíocht a fuair Na Macallaí ar Nuacht TG4 le déanaí maidir leis an obair atá an ghrúpa ag déanamh i Loch Garman. Fostaíodh Risteard Ó hEara mar Oifigeach Forbartha leis na Macallaí faoin Scéim Pobail Gaeilge.

An cheist anois ná i gcomhthéacs an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus Scéim maoinithe nua atá fógraithe ag an bhForas le haghaidh 2011-13 an bhfuil buiséad méadaithe ann chun glacadh le hOifigigh Forbartha nua i gceantair atá ag forbairt ón uair dheireanach ar fógraíodh na Scéime.

Tá ceantair faoi leith nach bhfuil Oifigigh Forbartha Gaeilge áitiúla ag feidhmiú cé go bhfuil obair den scoth ar siúl acu, mar shampla, i lár Bhaile Átha Cliath; i gCluainín Uí Ruairc, Co. Liatroma; i nDún Dealgan; sa Mhuileann gCearr.

Tá bearnaí móra tíreolaíochtúla le féachaint go soiléir ón léarscáil thuas. Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh aghaidh a thabhairt ar seo i gcomhpháirt le Comhluadar agus le Glór na nGael lena bPlean Timireachta – beidh le feiceáil an mbeidh tacaíocht na húdaráis acu chun feidhmiú leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a fhíorú.

Tionól Bliantúil Chonradh na Gaeilge

Is é Tionól na Gaeltachta Chonradh na Gaeilge ceann de phríomhimeachtaí an tsamhraidh do phobal na Gaeilge anuraidh. Tá muid ag tuar fás mór ar an dtionól i mbliana mar gheall ar an borradh atá tagtha ar an gConradh le blianta beaga anuas.

Beidh Tionól na bliana seo i nGaoth Dobhair, Tír Chonaill agus sráidbhaile bunaithe a leithead an Cabaret Craiceáilte agus Guth na Gaeltachta.

Bhuaigh Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair céad duais Ghlór na nGael anuraidh agus tá an pháirt sin den tír aitheanta do na radhairc álainn agus na ceoltóirí binne.

Tá fáilte roimh idir fhoghlaimeoirí, cainteoirí dúchais, teaghlaigh (beidh imeachtaí ann do na páistí) agus gach sórt agus cinéal duine eile!

Don chéad uair riamh tá suíomh ghréasáin bunaithe ag lucht eagraithe an Tionóil leis an t-eolas go léir leagtha amach go soiléir agus go simplí.

Fáiltigí go dtí Tionól na Gaeltachta: www.tionol.com

Mar thacadóirí láidir den ghaelscolaíocht tá sé rí-thábhachtach dúinn go léir bheith toilteanach aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna inár scoileanna nuair a thagann siad chun solais. Muna ndéanaim muid seo go luath agus go tapaidh éireoidh cúrsaí níos measa agus ceisteofar iontaofacht an chórais gaelscolaíochta ina iomláine. Ní leor chomh maith meon críochdheighilteach a bheith againn – a deir, “Ní bhaineann sin linne”. Má cheistítear an córas luath-thumoideachas iomlán in aon áit tá baol indíreach ann don chóras ina iomláine.

Belfast Telegraph

Tá sé tugtha le fios ag an Belfast Telegraph (nach aon cairde iad leis an Ghaeilge is fíor sin) go raibh seacht gaelscoil, d’ár leis an Roinn Oideachais sna 6 Chontae, nach raibh caighdeán oideachas “sásúil” ar fáil a sholáthar acu.

Aisfhreagra an tAire Oideachais Caitríona Ruane ná go bhfuil cigireacht lárnach i gcaighdeáin a ardú sna scoileanna lán-Ghaeilge. Breis ar fáil anseo.

In alt eile tugtar léargas ar mheon na dtuismitheoirí atá ag leanúint lena dtacaíocht don chóras a fhad agus go bhfuil feabhsú i gcleachtas ag tarlú sna scoileanna laige.

Comhairle na Gaelscolaíochta sna 6 Chontae

Leagann Seán Ó Coinn, Comhairle na Gaelscolaíochta an locht leis an Roinn Oideachais agus na gníomhaireachtaí stáit agus an easpa tacaíochta atá tugtha acu do na gaelscoileanna nua thar na blianta fada.  Luann sé fadhb cóiríochta na scoileanna lán-Ghaeilge sna 6 Chontae agus an gá a bhí ag roinnt de na scoileanna seo a mbuiséad le haghaidh foirne a úsáid chun íoc as cíos foirgnimh sealadacha. Luaigh sé chomh maith an gá le breis tacaíochta inseirbhíse gairmiúil.

Tchítear dom go bhfuil turas rothaíochta urraithe á eagrú ag TACA chun chabhrú leis an ghaelscolaíocht sna 6 Chontae. Mholfainn do dhaoine tacú leis gníomhaíocht tiomsuithe airgid cibé slí gur féidir leo.

Breis eolais ar fáil ón ngrúpa Facebook nó ó shuíomh idirlíon TACA.