Baill de Lárchoiste RITH tar éis teachtaireacht an Uachtaráin a bhailiú do bhaitín RITH 2010.

Dea-scéal tá RITH 2010 ainmnithe le dul san iomaíocht do Ghradam TG4 do sheirbhísí don Ghaeilge mar chuid de Ghradaim na hAislinge.

Tá iomaíocht tréan ag an bhféile reatha pobail ach le tacaíocht rannpháirtithe an fhéile agus tacadóirí atá ag tnúth leis an chéad RITH eile, RITH 2012 cuirfear troid mhaith isteach don Ghradam.

Ní thógfaidh sé ach cúpla soicind ort vótáil do RITH 2010 trí chliceáil ar an nasc seo.

Má tá cúpla nóiméad eile agat scaip nasc an bhlag seo ar do leathanach Twitter, Facebook nó trí ríomhphost chun breis daoine a spreagadh chun vótáil.

I láthair na huaire tá 41% den vóta ag RITH 2010 ach tá an iomaíocht ghéar go maith.

Baile Átha Cliath le Gaeilge

 

Tá sé déanach go maith ag teacht ach tá sé linn anois.

Déanaim tagairt de shuíomh idirlíon cuimsitheach nua d’imeachtaí Gaeilge sa Phríomhchathair. Ó seo amach léirítear láidreacht, fuinneamh agus fairsinge phobal na Gaeilge i mBaile Átha Cliath in áit amháin.

Más déagóir nó pinsinéir thú, múinteoir nó mac léinn, foghlaimeoir nó cainteoir dúchais beidh rud éigin anseo duit.

Téigh go dtí http://www.baclegaeilge.com le haghaidh na himeachtaí Gaeilge  is fearr i mBaile Átha Cliath.

Má tá imeacht Gaeilge agat atá fonn fógartha ort téigh go http://www.baclegaeilge.com

Má tá smaointe uait le haghaidh do cheantar féin téigh go http://www.baclegaeilge.com

Bhí cruinniú ag Guth na Gaeltachta i nGaoth Dobhair aréir.  Beidh tuairisc faoin chruinniú ar Nuacht TG4 anocht ag 7 a chlog.

Seo iad príomhphointí an chruinnithe:

1.  Cuireadh fáilte roimh Thuarascáil an Chomhchoiste Oireachtais faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus gabhadh buíochas leis an Chomhchoiste as an obair a rinne siad..  Tá gá le brú a chur ar an Rialtas glacadh leis na moltaí seo uilig agus iad a chur i bhfeidhm mar nach bhfanfaidh slánú na Gaeilge sa Ghaeltacht le cúrsaí eacnamaíochta domhanda.

“Is é tátal lom shuirbhé na ndaoine óga nach bhfuil ach idir 15 bliana agus scór blianta fágtha mar shaolré ag an nGaeilge mar theanga theaghlaigh agus phobail sa chuid is láidre den Ghaeltacht, is é sin le rá an chuid den Ghaeltacht a bhaineann le Catagóir A, mura féidir an patrún seo a chur ar mhalairt treo.” (SCT, 2007:27)

2.  Léiríodh imní láidir faoi Thuarascáil na Roinne Airgeadais ar Chaiteachas  Caipitiúil 2010-2016. Má ghlactar lena bhfuil molta beidh deireadh go praiticiúil leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta agus le hÚdarás na Gaeltachta faoi 2016 agus muid ag comóradh 100 Bliain Éirí Amach 1916.  Tá gá le feachtas láidir stocaireachta le cur in aghaidh na tuarascála seo.

3.  Beidh Guth na Gaeltachta ag leanstan ar aghaidh ag stocaireacht go láidir go nglacfaidh le moltaí an Chomhchoiste Oireachtais agus nach nglacfar le moltaí na Roinne Airgeadais.

Rinneadh athdheimhniú ar pholasaí ainmniúcháin scéimeanna tithíochta agus scéimeanna ilchineálacha nua bunaithe ar stair áitiúil, ar an mbéaloideas, agus / nó ar logainmneacha ach an ainm bheith sonraithe as Gaeilge.

Vótáil tromlach na gcomhairleoirí ó chuile pháirtí i gcoinne rún ón gComhairleoir Dermot Lacey (L. O.) a mhol “and English” a chur ag deireadh an pholasaí reatha, rud a mhaolódh tábhacht oideachais agus cultúrtha (maraon le brí) an rún féin.

Leag Críona Ní Dhálaigh (SF) rún síos ag maíomh nach n-athrófaí an polasaí reatha agus nach nglacfaí leis an méid a bhí molta ag Lacey (agus bainisteoir na Comhairle). Vótáil an tromlach céanna do rún Ní Dhálaigh.

Tharla seo mar gheall ar fheachtas láidir stocaireachta eagraithe ag Conradh na Gaeilge sa phríomhchathair inár úsáid baill Chonradh na Gaeilge agus cairde na Gaeilge nach iad an líonra sóisialta Facebook, ríomhphoist agus téacsanna (ar líne) chun a dtuairim a chur os comhair 61 Comhairleoir Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus chun nuashonraithe a scaipeadh i measc an phobail ar cé hiad na comhairleoirí a bhí ag fógairt a dtacaíocht don pholasaí reatha.

Is bua cinniúnach í seo don Ghaeilge, bua athdheimhnithe agus tá taithí anois faighte ar bhreis Gaeil agus cairde na Gaeilge ar stocaireacht ar son na cúise.

Coinnigí bhur súile amach le haghaidh feachtais eile amach anseo!

Is féidir leat breathnú ar an díospóireacht agus an vóta féin anseo (téigh go 7.1.5.2 timpeall 1:24)

DVD eolais faoin ngaelscolaíocht.

Sna sála ar dhrochthorthaí gaelscoileanna áirithe sna 6 Chontae a clúdaíodh sa bhlag seo cúpla seachtaine ó shin léiríonn torthaí nua ón Roinn Oideachais ansin go bhfuil gaelscoileanna ar an iomlán sna 6 Chontae ag saothrú torthaí níos airde sa Bhéarla agus sa Mhatamaitice ná scoileanna Béarla.

Ní soiléir ón scéal atá clúdaithe ag an Daily Mirror an de dheasca drochthorthaí na scoileanna Béarla is cúis leis seo nó buntáiste breise an dátheangachais sonraithe go minic i dtaighde agus scaipthe ag eagrais gaelscolaíochta le blianta beaga anuas.

Líonra d'Oifigigh Forbartha Gaeilge maoinithe ag Foras na Gaeilge

An tseachtain seo caite d’eagraigh Foras na Gaeilge seoladh dar teideal Cumasú agus Cothú, a rinne ceiliúradh ar an obair a rinne na hOifigigh Forbartha Gaeilge maoinithe faoi Scéim Phobail Gaeilge an Fhorais.

Chuala muid féin faoi seo ó alt sa Carlow Nationalist scríofa ag ceann de na hOifigigh Forbartha sin Emma Whitmore trí ghearrthóga Gaelport.com, seachtain tar éis an eachtra. Ní shoiléir ó shuíomh Fhoras na Gaeilge gur seoladh preaseisiúint amach fiú faoin imeachta.

Roinnt poiblíocht a fuair Na Macallaí ar Nuacht TG4 le déanaí maidir leis an obair atá an ghrúpa ag déanamh i Loch Garman. Fostaíodh Risteard Ó hEara mar Oifigeach Forbartha leis na Macallaí faoin Scéim Pobail Gaeilge.

An cheist anois ná i gcomhthéacs an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus Scéim maoinithe nua atá fógraithe ag an bhForas le haghaidh 2011-13 an bhfuil buiséad méadaithe ann chun glacadh le hOifigigh Forbartha nua i gceantair atá ag forbairt ón uair dheireanach ar fógraíodh na Scéime.

Tá ceantair faoi leith nach bhfuil Oifigigh Forbartha Gaeilge áitiúla ag feidhmiú cé go bhfuil obair den scoth ar siúl acu, mar shampla, i lár Bhaile Átha Cliath; i gCluainín Uí Ruairc, Co. Liatroma; i nDún Dealgan; sa Mhuileann gCearr.

Tá bearnaí móra tíreolaíochtúla le féachaint go soiléir ón léarscáil thuas. Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh aghaidh a thabhairt ar seo i gcomhpháirt le Comhluadar agus le Glór na nGael lena bPlean Timireachta – beidh le feiceáil an mbeidh tacaíocht na húdaráis acu chun feidhmiú leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a fhíorú.

Mar thacadóirí láidir den ghaelscolaíocht tá sé rí-thábhachtach dúinn go léir bheith toilteanach aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna inár scoileanna nuair a thagann siad chun solais. Muna ndéanaim muid seo go luath agus go tapaidh éireoidh cúrsaí níos measa agus ceisteofar iontaofacht an chórais gaelscolaíochta ina iomláine. Ní leor chomh maith meon críochdheighilteach a bheith againn – a deir, “Ní bhaineann sin linne”. Má cheistítear an córas luath-thumoideachas iomlán in aon áit tá baol indíreach ann don chóras ina iomláine.

Belfast Telegraph

Tá sé tugtha le fios ag an Belfast Telegraph (nach aon cairde iad leis an Ghaeilge is fíor sin) go raibh seacht gaelscoil, d’ár leis an Roinn Oideachais sna 6 Chontae, nach raibh caighdeán oideachas “sásúil” ar fáil a sholáthar acu.

Aisfhreagra an tAire Oideachais Caitríona Ruane ná go bhfuil cigireacht lárnach i gcaighdeáin a ardú sna scoileanna lán-Ghaeilge. Breis ar fáil anseo.

In alt eile tugtar léargas ar mheon na dtuismitheoirí atá ag leanúint lena dtacaíocht don chóras a fhad agus go bhfuil feabhsú i gcleachtas ag tarlú sna scoileanna laige.

Comhairle na Gaelscolaíochta sna 6 Chontae

Leagann Seán Ó Coinn, Comhairle na Gaelscolaíochta an locht leis an Roinn Oideachais agus na gníomhaireachtaí stáit agus an easpa tacaíochta atá tugtha acu do na gaelscoileanna nua thar na blianta fada.  Luann sé fadhb cóiríochta na scoileanna lán-Ghaeilge sna 6 Chontae agus an gá a bhí ag roinnt de na scoileanna seo a mbuiséad le haghaidh foirne a úsáid chun íoc as cíos foirgnimh sealadacha. Luaigh sé chomh maith an gá le breis tacaíochta inseirbhíse gairmiúil.

Tchítear dom go bhfuil turas rothaíochta urraithe á eagrú ag TACA chun chabhrú leis an ghaelscolaíocht sna 6 Chontae. Mholfainn do dhaoine tacú leis gníomhaíocht tiomsuithe airgid cibé slí gur féidir leo.

Breis eolais ar fáil ón ngrúpa Facebook nó ó shuíomh idirlíon TACA.

Téidí idirghníomhach Babybabóg

Freagra na ceiste sin agus eile ar fáil ó Téidí Babybabóg agus an cluiche idirghníomhach do pháistí óga atá ar fáil ar shuíomh an chlomhachta trí chliceáil ar an íomhá thuas.

Is gnólacht í seo a díríthe orthu siúd gur mhian leo go mbeadh Gaeilge nó a laghad tuiscint éigin ar an dteanga ag a gcuid páistí.

Chomh maith, ainmníodh an ghnólacht i measc na Barr 50 gnó le Gaeilge.

Guímid gach ráth orthu!

Seirbhís nuachta as Gaeilge ar líne

Scéal faighte a bhuíochas le Nuacht24

Beidh moill coicíse ar fhoilsiú tuarascáil an fhochoiste Oireachtais atá ag plé le Straitéis 20 Bliain na Gaeilge.

Seo an dara uair don fhochoiste an spriocdáta a chur siar.

Bhí an tuarascáil le foilsiú ag deireadh Aibreáin ach is é an 30 Bealtaine an spriocdáta nua.

Dúirt an Seanadóir Labhras Ó Murchú go bhfuil go leor moltaí déanta ag baill den fhochoiste agus gur mheas siad gur cheart am breise a thabhairt chun na moltaí seo a iniúchadh i gceart.

Beidh le feiceáil cad iad na moltaí seo (ach go háirithe i gcomhthéacs fógairt poiblí Fine Gael le déanaí faoi roghnachais an Ghaeilge ag leibhéal na hArdteiste).

Tithe an Oireachtais

Seo a leanas ceist a d’iarr Chonradh na Gaeilge ar Pat Breen, Fine Gael a chur ar an Aire Gnóthaí Eachtracha, Micheál Martin i leith forbairt phobail úsáide na Gaeilge thar sáile mar chuid den Straitéis 20 Bliain.

Question No. 235

Parliamentary Question – Dept Details

Chun a fhiafraí den Aire Gnóthaí Eachtracha an bhfuil sé i gceist aige go mbeidh ról ag Gaeil thar sáile agus Ambasáidí na hÉireann i gcur chun cinn na teanga mar chuid den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge; agus más ea, cén ról praiticiúil atá leagtha síos leis seo a chur i gcrích sa Straitéis; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh.

——————————

Pat Breen T.D.
Leas-Urlabhraí Fine Gael ar Ghnóthaí Eachtracha.
* Le haghaidh freagra SCRÍOFA Dé Máirt, 11ú Bealtaine, 2010.

Uimh Thag: 19112/10
FHREAGRA

Leagann Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge amach líon réimsí gníomhaíochtsa a rachaidh chun leasa na Gaeilge agus na Gaeltachta sna 20 bliain atá romhainn.

Ar cheann de chuspóirí na dréacht-Straitéise tá tacú le cur chun cinn is le múineadh na Gaeilge thar lear, trí mo Roinnse agus tríd an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta. Ní leagann an Straitéis aon sainról síos do Mhisin Éireannacha agus dá bhfoirne; ach tá ról suntasach cheana féin ag na Misin Éireannacha i gcur chun cinn na Gaeilge, go háirithe trína ngníomhaíochtaí cur chun cinn cultúrtha. Mar shampla:

An Astráil: Bíonn ranganna Gaeilge ag club Gaelach Sydney do leibhéil éagsúla gach seachtain. Bíonn Scoil Geimhridh as Gaeilge acu gach bliain in Sydney freisin, rud a fhaigheann tacaíocht airgeadais i ndeontas ó leithroinnt chultúrtha bhliantúil ár nArd-Chonsalachta in Sydney. Osclaíonn Ambasadóir na hÉireann in Canberra agus Ard-Chonsal na hÉireann, ar a seal, an ócáid chónaithe seo a mhaireann thar an deireadh seachtaine. Fairis sin tá grúpa gréasán-bhunaithe, www.iorarua.com , atá gníomhach ag cur na Gaeilge chun cinn agus a dtacaíonn an Ard-Chonsalacht in Sydney leis.

An Bhreatain: Fóirdheonaíonn an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta múineadh na Gaeilge do dhaoine fásta in Ollscoil Cambridge, Coláiste Ollscoile Mhuire in Twickenham agus san eagras náisiúnta Coláiste na nGael. Bíonn Ambasáid na hÉireann i Londain i ndlúth-theagmháil leis na grúpaí sin agus bíonn ócáidí go rialta san ambasáid agus bronnadh Fáinní mar dhuaiseanna.
Éascaíonn an Ard-Chonsalacht i nDún Éideann cruinnithe agus imeachtaí i rith na bliana uile le heagrais Ghaeilge na hAlban, agus eagrais eile mar iad, le cuairteanna ó Éirinn nó/agus atá bunaithe in Albain. Bíonn ranganna Gaeilge agus gníomhaíochtaí a bhaineann le Gaeilge á n-eagrú in Albain, go háirithe faoi urraíocht Ollscoil Ghlaschú. Eagraíonn Ollscoil Dhún Éideann ranganna Gaeilge do dhaoine fásta.

An Bhulgáir: An Bhulgáir: In 2008, chuir Ambasáid na hÉireann in Sóifia tús le Seachtain na Gaeilge tráth na Féile Pádraig. Tugadh léachtaí faoin nGaeilge i dtrí ollscoil Bhulgáracha agus bronnadh ábhar foghlama Gaeilge.

An tSín: Aonad na hÉireann thar Lear i mo Roinnse a mhaoiníonn Cumann an Phobail Éireannaigh in Shanghai, agus úsáidtear cuid den airgead sin do ranganna cultúrtha ar a mbíonn ranganna Gaeilge.

Poblacht na Seice: Cuireann Lárionad an Léinn Éireannaigh in Ollscoil Shéarlais, Prág, cúrsaí Gaeilge ag leibhéil éagsúla ar fáil do mhic léinn. Agus na cúrsaí críochnaithe acu, seasann na mic léinn is fearr scrúdú idirnáisiúnta a eagraítear i gcomhar le hOllscoil na hÉireann, Maigh Nuad. Tugtar scoláireachtaí do na mic léinn is fearr torthaí chun dianchúrsaí samhraidh a dhéanamh i nGaeltachtaí Thír Chonaill nó Chonamara. Tugann an Ambasáid an oiread tacaíochta agus cabhrach agus is féidir don lárionad. Ó mo Roinnse agus ón Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta a mhaoinítear an lárionad.

An Ghearmáin: Bíonn Ambasáid na hÉireann i mBeirlín ag obair chun go bhfaigheadh na lárionaid acadúla a mhúineann Gaeilge an oiread cabhrach agus is féidir chun oideachas trí Ghaeilge a chothú is a éascú. Tá an Ambasáid ag obair go dlúth leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta chun maoiniú ó Chiste na Gaeilge sa Roinn a áirithiú do raon leathan institiúidí agus ollscoileanna ina múintear an Ghaeilge sa Ghearmáin. Fairis sin, neartaíonn an Ambasáid scéim an Chiste, agus tacaíonn léi, le clár bronntaí leabhar (mar shampla, foclóirí Gaeilge agus acmhainní eile) agus le tacaí múinteoireachta (dlúthdhioscaí, cluichí, srl.) a fhaigheann sí ó fhoinsí comhpháirtiochta éagsúla in Éirinn (lena n-áirítear Foras na Gaeilge). Chomh maith leis sin thacaigh an Ambasáid le tionscnaimh neamhspleácha, amhail an scéim “Gaeltacht Europe” a bhfuil faoi naisc níos láidre a chothú idir chumainn Éireannacha ar Mhór-Roinn na hEorpa a mhúineann an Ghaeilge.

Mhaoinigh an Ambasáid rannpháirtíocht údar Gaeilge mar chuid den tionscnamh “mionteangacha, mórlitríochtaí” ag Aonach Leabhar Leipzig le blianta beaga anuas. D’aistrigh sí téacsanna litríochta Gaeilge go Gearmáinis óna buiséad cultúrtha agus chlóigh sí iad.

Fairis sin, oibríonn an Ambasáid go dlúth leis an Roinn Oideachais agus Scileanna chun mic léinn a roghnú do scoláireachtaí samhraidh Gaeilge.

Lucsamburg/an Bhruiséil: Múintear an Ghaeilge go caighdeán na hArdteiste/Baccalaureate Idirnáisiúnta sa Scoil Eorpach i Lucsamburg, agus i Scoileanna Eorpacha uile na Bruiséile (4 cinn), agus urraíonn Ambasáid na hÉireann i Lucsamburg duais don mhac léinn leis na torthaí Gaeilge is fearr sa Baccalaureate gach bliain. Chomh maith leis sin, tá Cumann Gaelach Lucsamburg thar a bheith gníomhach, agus tacaíonn an Ambasáid lena chuid imeachtaí go rialta, ina measc léacht bhliaintúil le Gaeilgeoir aitheanta. Tacaíonn an Ambasáid agus Buan-ionadaíocht na hÉireann sa Bhruiséil le Seachtaine na Gaeilge gach bliain, agus leis an léacht bhliantúil faoin nGaeilge a bhíonn ar siúl sa Bhruiséil tráth na Féile Pádraig freisin.

Alba: Éascaíonn an Ard-Chonsalacht i nDún Éideann cruinnithe agus imeachtaí i rith na bliana uile le heagrais Ghaeilge na hAlban, agus eagrais eile mar iad, le cuairteanna ó Éirinn nó/agus atá bunaithe in Albain. Bíonn ranganna Gaeilge agus gníomhaíochtaí a bhaineann le Gaeilge á n-eagrú in Albain, go háirithe faoi urraíocht Ollscoil Ghlaschú. Eagraíonn Ollscoil Dhún Éideann ranganna Gaeilge do dhaoine fásta.

An tSualainn: Bíonn cúrsaí Sean-Ghaeilge, Meán-Ghaeilge agus Nua-Ghaeilge san Earnáil Cheilteach in Ollscoil Uppsala, príomh-lárionad léann na Gaeilge sna críocha Lochlannacha. Ní fada ó rinne an dámh athbhreithniú curaclaim chun an t-ábhar a dhéanamh níos tarraingtí agus níos so-rochtana do mhic léinn a bhfuil fúthu é a thógáil mar mhodúl nó mar ábhar breise le príomh-ábhar léinn eile. D’éirigh cuibheasach maith leis na hiarrachtaí sin agus mhéadaigh siad líon na mac léinn. Coinníonn Ambasáid na hÉireann i Stócólm dea-chaidreamh le Roinn na Ceiltise agus thug sí tacaíocht airgeadais chun a cuid gníomhaíochtaí a neartú. Thug an tAmbasadóir cuairt ar an dámh go minic chun bualadh leis an bhfoireann múinteoireachta agus leis na mic léinn, a fhaigheann cuirí go rialta chuig imeachtaí na hambasáide.

Na Stáit Aontaithe: Tá eagras ealaíona Éireannach in Washington DC, Solas Nua, a eagraíonn ranganna Gaeilge. Tacaíonn Ambasáid na hÉireann in Washington agus Cultúr Éireann le Solas Nua. Is iomaí áit eile in SAM a mhúintear an Ghaeilge, go minic mar chuid de chláir sa léann Éireannach in ollscoileanna. Thacaigh Ard-Chonsalacht na hÉireann go mór leis an dá phríomhionad Éireannacha in Chicago, is tá múineadh na Gaeilge mar chuid den chlár sa dá cheann acu.

I Nua-Eabhrac, léirítear ard-mheas ar ról agus ar úsáid na Gaeilge san obair agus i ngníomhaíochtaí na Consalachta. Is féidir é sin a dhéanamh de bharr shaineolas na foirne Consalachta sa Ghaeilge. Reáchtáltar gnó na Consalachta sa dá theanga agus bíonn fáil ar sheirbhísí agus ar fhoilseacháin iontu araon. Mar chuid de ghnó cultúrtha na Consalachta, eagraítear clár imeachtaí a thugann deis d’fhoireann na Consalachta agus do pháirtithe leasmhara eile araon an Ghaeilge a labhairt agus éisteacht lena mbíonn ar siúl as Gaeilge. Oibríonn an Chonsalacht i Nua-Eabhrac i ndlúth-chomhar le Roinn na Gaeltachta agus le Coimisiún Fulbright chun an Ghaeilge a chur chun cinn i scéimeanna teangacha iasachta Fulbright na n-institiúidí rannpháirteacha, go háirithe NYU agus CUNY.

Is iomaí Ambasáid a thacaigh, go praiticiúil agus le maoiniú, le féilte áitiúla agus ócáidí cur chun cinn Éireannacha. D’éascaigh ambasáidí eile scannáin Ghaeilge a thaispeáint, chomh maithe le drámaíocht, ceol agus filíocht na Gaeilge.

Faoi láthair tá mo Roinnse ag scrúdú bealaí praiticiúla eile chun go dtacóidh Misin Éireannacha thar lear leis an nGaeilge.

Mar atá a fhios at an Teachta, tá stádas mar theanga oifigiúil oibre de chuid an AE ag an nGaeilge ó 1 Eanáir 2007. An comhaontú chun an stádas sin a thabhairt isteach, tugann sé maolú d’institiúidí an AE ón dualgas gach dlí agus téacs AE a aistriú go Gaeilge, faoi réir ag athbhreithnithe tréimhsiúla féachaint an gá leanúint leis an maolú sin. Is gá an maolú chuMar atá a fhios at an Teachta, tá stádas mar theanga oifigiúil oibre de chuid an AE ag an nGaeilge ó 1 Eanáir 2007.

An comhaontú chun an stádas sin a thabhairt isteach, tugann sé maolú d’institiúidí an AE ón dualgas gach dlí agus téacs AE a aistriú go Gaeilge, faoi réir ag athbhreithnithe tréimhsiúla féachaint an gá leanúint leis an maolú sin. Is gá an maolú chun cabhrú leis na hinstitiúidí AE an cumas is gá a thógáil chun na seirbhísí cuí a chur ar fáil as Gaeilge. Tá faoi Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge go gcealófaí an maolú sin go hiomlán uair éigin roimh an mbliain 2030, agus oibreoidh an Rialtas lena áirithiú go mbeidh líon imleor de dhaoine cáilithe ar fáil don éileamh earcaíochta is gá chuige sin. Tá obair ar siúl cheana féin in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus in DCU/Ollscoil Chathair Átha Cliath chun raon cúrsaí a chur ar fáil chun freastal ar na riachtanais sin, le tacaíocht an Rialtais.

Mícheál Máirtín

Aire Gnóthaí Eachtracha